Is fearr go mall ná go brách, ach cén mhaitheas a bhaineann le hathbhreithniú Roinn na Gaeltachta?

Jack Mac Íomhair

Bhíothas ag súil le hathbhreithniú Roinn na Gaeltachta ar na Limistéir Pleanála Teanga in 2021 ar an chéad dul síos. Cuireadh siar an spriocdháta sin mar gheall ar COVID, atá cothrom go leor mar leithscéal. Ach cailleadh roinnt spriocanna ina dhiaidh sin. Sa deireadh thiar thall, tháinig an t-athbhreithniú amach ag tús na bliana. Is é an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, a d’fhógair an scéal ar an 19 Eanáir.

Dúirt an tAire ag an am, “Cé go bhfuil dúshláin áirithe aitheanta ag na comhairleoirí neamhspleácha a thug faoin athbhreithniú, is léir ó na torthaí go bhfuil ag éirí go maith leis an phróiseas trí chéile. Baineann roinnt mhaith de na moltaí le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí sa Ghaeltacht…”

An leor é sin?

De réir na Meithle Náisiúnta Pleanála Teanga (MPNT), ní leor.

Cé go bhfuil na hoifigigh atá ag obair sna Limistéir Pleanála Teanga (LTP) ag déanamh sároibre ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de, níl an tacaíocht chuí ar fáil dóibh.

I ráiteas an tseachtain seo caite, dúirt an MPNT go gcaithfidh an Roinn i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh chun tacú leis na 10 limistéar pleanála teanga.

Dúirt siad go soiléir go léiríonn an t-athbhreithniú teip chórasach sa Phleanáil Teanga.

Tá liosta éileamh anois ag an ghrúpa. Ceann acu ná cruinniú éigeandála leis an Roinn.

Cé go ndúirt an tAire Calleary go bhfuil moltaí chun feabhas a chur le seirbhísí san athbhreithniú, tá an MPNT ag rá nach bhfuil aon aiseolas praiticiúil laistigh.

Tá liosta moltaí á gcur chun cinn ag an MPNT, is iad sin: 3 Oifigeach Pleanála Teanga i ngach Limistéar Pleanála Teanga; pá caighdeánaithe; seirbhísí do dhaoine idir 0 agus 18 d’aois; tithíocht spriocdhírithe; agus aonad taighde buan. Tá an grúpa ag rá go bhfuil an Roinn ag diúltú don chuid is mó de na moltaí seo.

Tá ceist ann anois, cá rachaidh cúrsaí pleanála teanga?

Faoi dheireadh 2025, bhí deireadh le teacht le saolré 9 gcinn de na pleananna teanga Gaeltachta, agus bhí deireadh le teacht le 6 cinn eile acu i mbliana.

D’fhógair an Roinn go gcuirfí síneadh dhá bhliain leis na pleananna atá imithe in éag.

Níl an Roinn ach ag cur moill leis an tacaíocht atá de dhíth ar na limistéir. Tá an MPNT ag rá go bhfuil siad ag obair gan acmhainní, gan foireann, agus gan chomhoibriú.

Tá an t-iallach anois ar an Roinn bualadh leis an MPNT agus athbhreithniú ceart a dhéanamh ar an phróiseas mar atá siad á iarraidh.

Agus an Ghaeilge faoi bhláth sna cathracha in Éirinn, caithfidh pobal na Gaeilge cuimhneamh go bhfuil baol ann maidir leis an teanga sna Gaeltachtaí.

Tá pobal na Gaeilge, agus an MPNT, ag fanacht le scéal ón Roinn, agus bheifí ag súil go mbeidh an Roinn ag iarraidh bualadh leo chomh luath agus is féidir leo chun na fadhbanna seo a réiteach, nó ar a laghad meas a léiriú dóibh.

Dúirt an MPNT ag deireadh a ráitis, “Gan idirghabháil láithreach, ní éireoidh leis an phleanáil teanga sna LPTanna”.

Tá a fhios ag an tsaol mhór go mbíonn pobal na Gaeilge sásta dul chun sráide lena spriocanna a bhaint amach, agus mura n-éiríonn an scéal níos fearr, is cinnte go mbeidh an MPNT ag iarraidh ar Ghaeilgeoirí déanamh amhlaidh arís.

Close
Close