Concubhar Ó Liatháin
Táimid i mbéal na báire. Táimid chomh cóngarach gur féidir linn é a bhlaiseadh. Dá sínfimis amach ár lámha ní bheadh barr méire idir sinn agus greim a bhreith air.
An rud a bhfuilim ag trácht air ná filleadh na dtábhairní, an comhartha is cinnte go mbeadh an saol ar ais mar a bhí, nó gar dó, tar éis breis is bliain de shrianta chun sinn a chosaint ar an víreas.
Bhíodh áit lárnach ag an tábhairne i saol na hÉireann ar feadh na nglúnta. Is ann a chasamar ar a chéile chun ár scith a ligint, chun comhrá lenár gcairde agus, mar thionlacan leis sin ar fad, chun cúpla piúnt a bhlaiseadh. I gcomhluadar na gcarad, ba mhílse iad ná mil na mbeach.
Tá an saol ar a ndéanaim trácht ag meath le blianta fada. Má chuaigh mé go tábhairne dosaen uair an bhliain sarar dúnadh iad, ba ar éigean é a rinne mé.
Go minic nuair a théinn isteach im thábhairne áitiúil, bheadh sé beagnach folamh. Duine nó beirt sa chúinne ag an gcuntar ag caint eatarthu féin nó ag féachaint thar bharr na gloine gan mórán á rá ag éinne. Duine eile ina aonar ag féachaint ar an bhfón agus an chuma air go raibh sé ar tí imeacht agus b’fhéidir go raibh duine eile ann ag faire ar chluiche sacair nó babhta dornálaíochta ar an teilifís i ngach cúinne. (An duine ar an bhfón, ritheann sé liom, gur mise a bhí ann!)
Is fada an oíche ó bhí seisiún ceoil ar bun agus ceoltóirí ag seinnt poirt agus slua bailithe le héisteacht. Tá ceoltóirí róchostasach, an dtuigeann tú (agus ní hé go mbeadh siad ag lorg táille míréasúnta), agus is ar éigean go mbeadh aon bhrabús le baint ag an dtábhairneoir as an oíche dá mbeadh air íoc as na ceoltóirí i gcomórtas leis an mbrabús a bhainfeadh sé as an dream beag custaiméirí a bheadh sa seomra.
Is minic a chloistear tráchtairí ag cur síos ar an tseirbhís shóisialta a chuirtear ar fáil sa tábhairne áitiúil, agus ní bréag é sin, ach ní bheathaíonn na briathra na bráithre. Tá ar an dtábhairneoir slí bheatha a thabhairt i dtír.
Tar éis bliain nuair ná raibh a bhformhór acu ar oscailt ach ar feadh roinnt seachtainí, beidh tarrac ar thithe tábhairne ar feadh roinnt laethanta nó seachtainí agus tomhaltóirí tartmhara ag iarraidh dul ar ais don ‘gcraic’. Ach nuair a thagann - nó má thagann - meath air sin, agus nuair atá an fuadar tosaigh imithe, an bhfillfidh na tábhairní ar an seanphatrún, an dul i léig fada leadránach?
An rud a thugas faoi deara le linn na paindéime ná chomh míthaitneamhach a d’éirigh na meáin shóisialta, chomh teasaí, chomh nimhneach. Bhí cloch i ngach muinchille agus ní ghlacfadh sé ach an leithscéal is lú chun an chloch sin a chaitheamh.
Ritheann sé liom go bhfuil gaol idir an dá rud - daoine a bheith teanntaithe sa bhaile nó, ar a laghad, scaipthe óna gcairde, agus mar sin go n-éiríonn an chumarsáid a dhéanann siad le daoine eile níos righne, gan an oiread san spáis le haghaidh comhbhá agus comhthéacs. An é go raibh na tábhairní - agus an comhluadar iontu - áisiúil chun go mbeadh daoine níos tuisceanaí ar a chéile?
Is cinnte go n-éascaíonn alcól argóintí idir daoine ach nuair atá tú ag seasamh cois cuntair le duine, os comhair an phobail, tá sé níos deacra bruíon a thosnú ná mar a bheadh sé agus sibh i bhfad óna chéile agus ag comhrá ar Twitter nó Telegram nó ardán eile dá leithéid.
I dtigh tábhairne is féidir leat argóint nó briatharchath a bheith agat le duine ach ní gá go gcuirfeadh sin deireadh le cairdeas. Nuair atá daoine le chéile, feicimid an tslí a n-imrímid tionchar ar a chéile - is féidir linn an friotal a mhaolú nó a théamh de réir mar is gá. Aithnímid na comharthaí. Is cuid dár ndaonnacht é sin. Níl sé chomh héasca céanna ar líne.
Na laethanta seo, nuair a chuirim rud éigin in airde ar Facebook, is minice ná a mhalairt go gcuireann daoine ‘órdóg’ leis, ag tabhairt le fios gur maith leo é, seachas aon rud tacúil nó suimiúil a rá faoi. Is é an rud a dhéanann siad, nuair nach dtaithníonn sé leo, gan faic a rá. Ina gceann tá tú ‘cealaithe’. Ní fiú a bheith ag labhairt leat. Tá an caidreamh thart agus deireadh leis an gcumann a bhí idir an duine sin agus tusa agus seans nach mbeidh a fhios agat sin go gcastar ar a chéile arís sibh sa bhfíorshaol.
Anois is cinnte go ndéarfar leat nach aon cuthalán mé ar na meáin shóisialta agus go mbím ag caitheamh na saighead agus ag cosaint mo sheasaimh go fíochmhar ar na hardáin éagsúla. Creidim dá gcasfainn le mo chéilí comhraic sna briatharchathanna seo i dtigh tábhairne go bhféadfadh comhluadar taitneamhach agus tairbheach a bheith agam leo. B’fhéidir nach gcríochnóimís an oíche inár gcairde, ach bheadh meas againn ar a chéile.
Is duine den tseanghlúin mé. Ba mhaith liom na tábhairní a bheith ar oscailt arís ionas gur féidir liom comhrá le daoine eile - ní hé nach mbím ag comhrá le mo chlann sa bhaile - ach ba mhaith an rud é do chách go mbeadh ciorcal níos leithne againn go léir le go saibhreoimis comhráite a chéile.
An oiread is gur mhaith liom comhrá le duine eile, thabharfainn mo dheaslámh ar son argóna faoi chúrsaí reatha nó spóirt. Cúpla nod faoi conas argóint a thosnú liom: ‘Tá Sinn Féin chun aontú na hÉireann a bhaint amach.’ ‘Tá an Ghaeilge ag fáil bháis sa Ghaeltacht.’ ‘Tá rás Chorcaí rite sa pheil agus san iomáint i mbliana.’
Abair aon cheann de na trí habairtí sin liom agus beidh argóint ana-thaitneamhach againn le chéile.
An oiread is go dtaithníonn caife liom i gcupán cairtchláir, boladh na bpónairí dom sheoladh go hiomairí na hIndinéise lena macallaí de sheacláid agus spíosraí an oirthir, ba mhaith liom piúnt leanna agus cúr breá uachtarúil air. Ní gá gur leann cheirde é ach an oiread. Piúnt breá den stuif dubh i gcomhluadar caradach, ní féidir buachaint air.