Iománaithe ar an chlaí i gcomhrac Covid ó thuaidh

Ciarán Ó Pronntaigh

‘Chlis an Feidhmeannas ar dhaoine.’ Bhí an ceart ar fad ag Naomi Long, ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta, agus í ag caint an tseachtain seo a chuaigh thart. Ach ní bheadh sí léi féin lena tuairim faoin dóigh a bhfuil go leor rialtas ag dul i ngleic le Covid-19. Amharc ar pholasaí Donald Trump gan tada a dhéanamh sna Stáit Aontaithe nó an neamhchinnteacht a bhain le hiarrachtaí Boris Johnson dianghlasáil a chur i bhfeidhm arís i Sasana.

Tá difear mór idir an dá áit sin agus Stormont, ar ndóigh. Níl ceachtar acu á rialú mar chuid de chomhrialtas cúig pháirtí agus iad scoilte, ní hamháin ar an cheist náisiúnta, ach ar an pholasaí ba chóir a ghlacadh le figiúirí ró-arda Covid-19 a ísliú. Bhí cuma chomhaontaithe ar an Fheidhmeannas ag an tús i mí Mhárta ach níor mhair sin ach lá nuair a d’fhógair Sinn Féin gur chóir go dtosófaí an dianghlasáil láithreach, ar aon dul leis an dianghlasáil ó dheas. 

Diaidh ar ndiaidh, tá na difríochtaí idir na páirtithe ag teacht chun tosaigh agus na hargóintí ag sileadh amach go fras ó Sheomra an Fheidhmeannais go dtí na haerthonnta. Bhí rudaí chomh holc sin go raibh sraith de chruinnithe de dhíth an tseachtain seo caite le teacht ar chinneadh. Ag am amháin, bhí an DUP ag seasamh an fhóid i gcoinne na gceithre pháirtí eile. Tá cuid mhór de sin á thiomáint ag feisirí an DUP in Westminster, iománaithe ar an chlaí nach bhfuil freagracht dhíreach acu as an líon básanna atá ag dul i méid i rith an ama.

Bhí i gcónaí sciar den DUP a bhí níos mó i dtiúin le fealsúnacht Donald Trump ná mar a bhí siad compordach éisteacht le comhairle ó na heolaithe. Léirigh Sammy Wilson agus Ian Óg Paisley amhras faoi chaitheamh na masc agus éifeachtacht na dianghlasála go minic. Maidir leis an cheist is práinní, síneadh na dianghlasála, dhiúltaigh siad glan glacadh leis. Bhrúigh siad na cnaipí cearta, ag caint faoi bhochtanas agus an dóigh a dtéann dianghlasáil i bhfeidhm ar mhná níos mó na fir. An chéad uair a chuala mé iad ag caint sna téarmaí sin riamh! (Níos íorónta arís, is é páirtí Paisley atá ag cosaint lucht an óil).

Ach tá cúrsaí imithe chun donais le déanaí agus brú thar a bheith mór ag teacht ar an Fheidhmeannas ón lucht leighis. Tá cuid de na hotharlanna ag cur thar maol le hothair agus níl biseach ar bith ag teacht ar an scéal. Níl an mhéar fhada fada go leor anois. 

Is í Arlene Foster, ceannaire an DUP, mar dhea, atá i mbéal na stoirme le heite amhrasach a páirtí. Ach tá na figiúirí os a comhair agus tuigeann sí cé chomh baolach is atá rudaí. Cad é a dhéanann polaiteoir maith i gcás mar sin? Déanann sí iarracht an dá thrá a fhreastal, ar ndóigh. D’úsáid sí an chros thrasphobail le moladh ón Aire Sláinte, Robin Swann, ar Aontachtaí é, a chur ar neamhní. Ach san am céanna, ghlac sí le síneadh seachtaine mar chomhréiteach.

Is ar éigean go dtiocfadh leat polasaí a thabhairt ar an chur chuige seo. Nuair a fógraíodh an dara dianghlasáil, i mí Dheireadh Fómhair, thug sí geallúint nach mairfeadh sí ach ceithre seachtaine. Sin an praghas a bhí le híoc leis an eite amhrasach a shásamh. Ach d’imigh sin agus tháinig seo. An mbeidh uirthi glacadh le síneadh ama eile mura mbíonn biseach ar na figiúirí? Níor chuir an tAire Sláinte fiacail ann. Dé Domhnaigh, thug sé a dúshlán – beidh gá le tréimhse eile dianghlasála roimh an Nollaig. An fearr an cógas a shlogadh siar anois nó fanacht go dtí séasúr na Nollag? Ní bheidh aon éalú ag Arlene ar an cheist seo.

Cibé rogha a ghlacfaidh sí, is scéal cinnte nach bhfuil na gothaí móra aici ag cuidiú le dea-chaidreamh san Fheidhmeannas. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Naomi Long, go raibh sí ag meabhrú imeacht mar gheall ar mhí-úsáid na croise trasphobail. Agus níl an dream atá ar son bearta níos déine ag imeacht ach oiread. Vótáil Sinn Féin i gcoinne an chomhréitigh cé go raibh de chiall acu gan an chros thrasphobail a úsáid. Tá seasamh láidir ag an SDLP ar an cheist chomh maith. 

Beidh cúpla seachtain de ghangaid pholaitiúil againn, is cosúil, ach cén dream a mbeidh an lámh in uachtar acu? Neosfaidh na figiúirí, faraor.

Close
Close