Glac an pholaitíocht amach as na córais sláinte

Máire Treasa Ní Cheallaigh

Ó thosaigh mé ag staidéar an leighis, is iomaí ceist a chuirtear orm.

Ceann de na ceisteanna is mó a thagann chun cinn ná ‘cén fáth nach bhfuil rudaí ag obair?’ Nílim ag rá go bhfuil freagra na ceiste sin agam, ach dá mbeadh mo bhealach féin agam, bhainfinn an pholaitíocht ar fad amach as an gcóras sláinte.

Ar fud oileán na hÉireann, tá ospidéil agus rannóga éagsúla leighis ag feidhmiú mar gheall ar bholscaireacht ó pholaiteoirí. Cuimhnigh ar an méid léirsithe a chonaic muid le fiche bliain anuas agus daoine ag iarraidh seirbhísí a choinneáil ina mbaile beag féin, in áit lárionad speisialta, atá cruthaithe le bheith níos fearr don othar.

In ainneoin go gcuirtear tuarascáil faoi hráid na bpolaiteoirí, rómhinic roghnaítear an rogha éasca, agus áit a choinneáil osclaite, seachas an tseirbhís a bhogadh, rud a bheadh ar leas an phobail ach nach mbeadh ar leas an pholaiteora.

Ar an dara dul síos, tá coincheap an Aire Sláinte róchúng do chórais leighis.

Tá olltoghchán á reáchtáil sa Phoblacht faoi láthair, agus tá Stormont ar ais ag feidmiú arís, agus mar sin tá brú faoi leith ar na hAirí Sláinte.

Faraor, mar gheall gur polaiteoirí iad, ní bheidh aon fhís níos faide ná cúig bliana acu. Séanfaidh siad é, ach níl aon neart acu air. Fiú dá mbeadh siad ag féachaint ar phlean sláinte do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh, ní fhaighidh siad aon tacaíocht ó na rialtais chun aon phlean a chur i dtoll a chéile.

An tríú rud, agus an rud is tábhtachtaí dom féin, mar dhuine a bhí sna hospidéil mar othar, mar chara agus anois mar ábhar dochtúra, ná go gcaithfear ár ndearcadh faoi céard is córas sláinte ann a leathnú amach.

Smaoiníonn muid ar shláinte agus samhlaíonn muid ospidéil, otharchairr, tralaithe agus fanacht. Ach, faraor, tá do shaol sláinte beagnach leagtha amach duit ón lá a thosnaíonn tú ag fás sa bhroinn.

Is rud don saol iomlán é ár sláinte, agus ba cheart go mbeadh ár gcórais sláinte mar seo chomh maith. Mar shampla, tá sé rómhall don té atá os cionn 50 bliain d’aois, agus an iomarca meáchain orthu agus atá ag fulaignt le brú fola nó diaibéiteas. Níl aon teacht as faoin tráth sin.

Is iad na daoine is lú airgead, agus is lú deiseanna sa tsochaí is measa. Fágtar rófhada iad ag fanacht ar sheirbhísí sa chóras poiblí, is minic nach mbíonn a gcuid aistí bia chomh folláin sin, bíonn siad i dtithíocht atá ar dhroch-chaighdeán agus bíonn easpa oideachais ar go leor. De ghnáth, níl aon neart ag na daoine sin air seo. Lig an stát síos iad agus iad ina bpáistí le heaspa áiseanna, tacaíochta, deiseanna oideachais agus foghlama.

Níl dóthain béime á cur ar mhúineadh scileanna maireachtála cosúil le cócaireacht, meabhairshláinte ná aclaíocht chun fanacht folláin. Tosnaíonn sé sin sa bhaile, agus ansin ar scoil. In áit a bheith ag caitheamh na milliún ar ospidéil chun déileáil le daoine atá go dona tinn cheana féin, nárbh fhearr an t-airgead céanna a chaitheamh ar sheirbhísí agus áiseanna pobail a thabharfadh deis dúinn ar fad saol níos sláintiúla a bheith againn?

Ach, cosúil leis na hospidéil bheaga tuaithe atá scaipithe ar fud na háite, is dóigh nach bhfuil mórán céille leis an smaoineamh sin.

Close
Close