Gaelphobail Úra, Útóipe agus Útóipeachas

Ciarán Dunbar

The political philosopher's job, in outline, is to tell us, what a just society looks like, without either building castles in the air or over adapting to the political realities of the moment.[i] - David Miller

Ba mhaith liom pobail úra a fheiceáil ina mbeadh lámh in uachtar ag an Ghaeilge – Gaelphobail, dlúthphobail – creidim go mbeidís ‘níos fearr’ ná an méid atá againn go ginearálta in Éirinn anois.

Bheadh sé ‘níos fearr’ ar an ábhar ‘gurbh fhearr liom féin’ mar sin é – ní bheadh ach mionlach bídeach ar aon fhocal liom. Tá sé go hiomlán suibiachtúil.

Diostóipe a bheadh iontu seo don té nár mhaith leis go dtiocfadh an Ghaeilge slán.

Ba mhaith liom pobail a fheiceáil ina mbeadh meas ag daoine ar chultúr na hÉireann áfach, ar ailtireacht na hÉireann, ar sheandálaíocht na hÉireann agus ar thimpeallacht na hÉireann. Ní féidir é sin a rá faoi Éirinn Ghalldaithe mar atá, faraor.

Tá oidhreacht agus timpeallacht na tíre á scrios in ainm an dul chun cinn, tá an Ghaeilge ag fáil bháis gan ach fíor-mhionlach a bheith ar dhóigh ar bith buartha faoi.

B’fhearr liomsa pobail a bheith níos Gaelaí agus níos Eorpaí go dearbh, áiteanna a mbeadh tearmann don chultúr agus don dúlra, a mbeadh crainn na hÉireann ag fás arís, a mbeadh foscadh ann do chultúr na nGael.

Mar sin de, go pointe, tá útóipeachas á phlé agam, sa chaoi is go bhfuil aisling á cur chun cinn agus de bhrí nach bhfuil muintir na hÉireann báúil dá leithéid.

Pobal réamhphleanáilte

Is fíor fosta go bhfuiltear ag cur chun cinn cur chuige ar leith do ghluaiseacht na Gaeilge, cur chuige a bheadh bunaithe ar ghníomh sóisialta go príomha seachas ar ghníomh cultúrtha agus ar an oideachas amháin.

Go pointe amháin nó eile, tá mise ag plé choincheap an phobail réamhphleanáilte[ii], is é sin le rá, grúpa daoine a roghnaigh cónaí cóngarach dá chéile chun luachanna comhchoiteann a chothú nó ar mhaithe le cúis éigin eile atá i gcoitinne acu.

Uime sin, ní féidir a shéanadh go bhfuil baint ag a leithéid leis an útóipeachas, ó thaobh na fealsúnachta cibé ar bith.

Mar is eol dúinn áfach, ba é diostóipe an toradh a bhí ar go leor iarrachtaí chun útóipe a bhaint amach, mar sin de, is gá a bheith an-chúramach.

Gnáthphobal

Ar lámh amháin, is é mo mhaíomh nach fís útóipeach (sa ghnáthchiall den fhocal) atá á moladh agam ach ‘gnáthphobal’ a labhródh Gaeilge.

Ar an lámh eile, is ionann pobal labhartha Gaeilge agus cineál d’útóipe in Éirinn sa lá atá inniu ann, ar an drochuair.

Ar ndóigh, seans go mbeadh daoine ann atá ag iarraidh filleadh ar shaol níos simplí, saol níos orgánaí, saol níos traidisiúnta, saol níos spioradálta - ach bheadh gnáthdeacrachtaí an tsaoil ann in aon Ghaelphobal – ní féidir útóipe.

Bheadh fadhbanna go leor ann, bheadh daoine ag titim amach le chéile, bheadh deacrachtaí sóisialta ann, bheadh difríochtaí tuairime ann, óir ba ghnáthphobal a bheadh sa dlúthphobal.

Tá fís láidir agus aisling shoiléir de dhíth chun Gaelphobail a bhunú gan amhras, ach ar cheann de na rudaí is mó a chuireann bac ar a bhforbairt, dar le mo chuid fiosrúchán féin, ná útóipeachas agus mí-réalaíochas.

Theip ar go leor iarrachtaí chun Gaelphobal úr a bhunú ar an ábhar go raibh fís i bhfad ró-útóipeach ag lucht a mholta ón chéad lá – rud a chuir faitíos ar dhaoine eile, a chuir isteach orthu agus d’fhág iad ag smaoineamh gur rud an-mhí-réalaíoch a bhí á mholadh. De ghnáth, cúrsaí Gaeilge féin (ró-íonaíochas) cumannachas nó ró-chomhchosúlacht a bhí á moladh.

Caithfear físeanna soiléire uaillmhianacha a leagan amach ach ní dhéanann físeanna atá ró-útóipeach agus ró-idé-eolach ach comhthíos a chothú idir daoine agus an fhís, sin agus an scéim a ghalrú le hamhras agus mí-phraticiúilacht ón chéad lá. Nuair a thosaítear ag caint faoi phobaldachas nó faoi chumannachas[iii] fiú, ní mhealltar mórán daoine – go háirithe más léir go mbeadh céimlathas ann lena chois[iv]. Ní heol dom aon chomún a bheith ann in Éirinn, fiú pobal ag feidhmiú trí Bhéarla – níl mé ag maíomh go bhfuil sé dodhéanta, tá mé díreach ag rá nach mbeadh mórán daoine ag iarraidh a leithéid de shaol ar chor ar bith.

Is gá aisling agus beartas réalaíoch a láimhseáil go cothrom:

“....hope is essiential to any attempt to change society for the better. But this raises the possibilitiy of someone trying to impose their idea of what consitituties a desirable future on those who reject it. Utopians are always faceds by this dilemma when they attempt to move their dream to reality...”[v] - Lyman Tower Sargent

Uime sin, bíodh d’aisling féin agat, feidhmigh dá réir, ach ná bí ag iarraidh é a chur i bhfeidhm ar dhaoine eile – ní ghlacfaidh siad leis agus fanfaidh d’útóipe ar an leathanach go deo. Coinnigh simplí, oscailte agus liobrálach aon fhís d’aon phobal réamhphleanáilte Gaeilge – sin an ceacht atá le foghlaim ón taighde agus ón taithí atá ar fáil dúinn.

Baineann pobail le noirm, ní le rialacha nó le luachanna fiú. Go traidisiúnta ar ndóigh, b'ionann na luachanna agus na noirm sin. Ach ní mar sin é i saol na linne seo.

Agus, ar ndóigh, tá noirm ag bráth ar dhlús, mar a d’aithin an teangeolaí David Crystal:

 “Norms quickly grow when a social network is dense – that is, when many people interact regularly and frequently...”[vi]

 Mar sin de, taobh amuigh de cheist na teanga féin, caithfear fáilte a bheith roimh an éagsúlacht ó thaobh dearcthaí de. 

 Ar an ábhar céanna, má théitear thar fóir le ceist na Gaeilge féin mar theanga an phobail, déanfar daoine a scoitheadh amach uaidh – níl aon duine ag iarraidh a bheith ina gcónaí i dtuilleamhlathas bunaithe ar cé chomh maith is a labhraíonn duine teanga.

Ní ionann sin is a rá nach mbeadh sé mar aidhm ag daoine sa dlúthphobal an Ghaeilge féin a láidriú, a neartú mar theanga, chun í a aclú, nó fiú canúintí caillte a athbheochan – ach caithfear a bheith cúramach gan a dhul thar fóir.

Agus is é an rud atá i gceist agam le ‘thar fóir’ ná a bheith ag brú tuairimí ar an phobal ar fad agus ag iarraidh a bheith ag baint rogha díobh.[vii]

Bheadh sé an-deacair aontú ar an áit chun Gaelphobal a bhunú ann gan tosú ar iarracht a dhéanamh cur ina luí ar dhaoine modh saoil ar leith a bhunú[viii].

Ard Barra, Bóthar Seoighe agus Ráth Chairn

Sa dá Ghaelphobal a bhunaigh Gaeilgeoirí, Ard Barra agus Bóthar Seoighe, ní raibh aon aisling nó fís ann taobh amuigh den Ghaeilge a bheith ann mar theanga an phobail. Ní raibh aon idé-eolaíocht oifigiúil ag Ráth Chairn nó ag Baile Ghib ach oiread.

Mar sin féin, caithfear a admháil go raibh Ráth Chairn, Ard Barra agus Bóthar Seoighe an-aonchineálach ó thaobh cúlra de, nuair a bunaíodh iad cibé ar bith. Mar a léirigh mé i Síolta, ba bhuntáiste ollmhór é sin do Bhóthar Seoighe agus do Ráth Chairn go háirithe.

Caithfear a admháil freisin go raibh agus go bhfuil an-chothromaíochas agus comhoibriú le mothú i bPobal Feirste (Bóthar Seoighe) - b’fhéidir cur síos a dhéanamh air sin mar shóisialachas ach ní mar sin a dhéantar cur síos air ann féin agus ní cóir, dar liom, lipéad na híde-eolaíochta a chur ar  dhuine nó ar dhream ar an dóigh sin. Más céadmhach dom focal a chumadh, ba é ‘comharachas’ a bhí i gceist i mbunadh Bhóthar Seoighe, seans gur coincheap úsáideach é.

Mar sin de, ní féidir a chur as an áireamh gur bhuntáiste ollmhór a bheadh ann dá mba mbeadh dream beag daoine ann a mbeadh fís aontaithe acu maidir le Gaelphobal úr a bhunú – is é an fhadhb a bheadh ann ná nach mbeadh mórán daoine eile ag iarraidh a bheith páirteach ann.

Pobail neamhfhoirfe

Mar sin de, creidim féin go mbeadh sé maith do dhaoine aonair agus do phobal a ndúchas a athbheochan gan amhras, ach ní mhaím gur pobail gan locht a bheadh i gceist.

Is ionann dlúthphobal Gaeilge, i ndeireadh na dála, agus pobal a labhraíonn an teanga gan iontas a dhéanamh di, gan smaoineamh faoi ar chor ar bith.

Mar sin de, ní gá go mbeadh aon rud ró-útóipeach, ró-onórach nó ró-aislingeach faoin rud atá mé á mhaíomh anseo.

Thiocfadh leis a bheith chomh simplí sin le cinneadh a dhéanamh cur faoi i mbaile ina bhfuil go leor Gaeilgeoirí ann cheana nó ina bhfuil go leor ag tarlú ó thaobh na teanga de. Bheifeá ag cur le dlús na Gaeilge agus sin eochair na ceiste.

Más féidir le dream beag dlúthphobal pleanáilte a bhunú, agus a choinneáil le chéile, tá sé cruthaithe ag Bóthar Seoighe agus ag Ard Barra gur féidir lena leithéid feidhmiú go hiontach.

Ar an lámh eile, ní bhacfainn le hailt a scríobh ar an ábhar mura gceapfainn go raibh gá leis, mura gceapfainn gur féidir rud éigin níos fearr – ní ar mhaithe leis an Ghaeilge mar theanga, ní mar gheall ar ‘tá’ agus ‘is’, ach ar mhaithe léi mar theanga na ndaoine agus ar mhaithe leis an sochar is féidir le hathneartú na teanga a imirt orthu siúd a roghnaíonn páirt a ghlacadh ann.

Fágfaidh mé an focal scoir ag Rónán Mac Aodha Bhuí, fear a chuir go mór leis an aisling:

Nuair atá duine breá sócúlach lena fhéiniúlacht féin, tá an duine sin níos foscailte d’achan chultúr eile ar Domhan. Nuair atá aithne mar is ceart agat ort féin, cuirfidh tú aithne níos fearr ar achan duine eile. Beidh an páiste atá tógtha le Gaeilge, bródúil, cliste, cumasach, agus misniúil.[ix] - Rónán Mac Aodh Bhuí

_______________________________

[i] Miller (2003).

[ii] “an intentional community is a group of five or more adults and their children, if any, who come from more than one nuclear family and who have chosen to live together to enhance their shared values or for some other mutually agreed upon purpose", Sargent, L. T. (2010).

[iii] Agus mé ag déanamh tagairt do chumannachas anseo, níl mé ag caint faoin Mharxachas / Leinineachas ach ar leaganacha útóipeacha áitiúla den choincheap. Idéalachas a bhíonn i gceist, ach is é mo thaithí féin nach bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ina gcónaí i bpobail ina mbeadh breis rialacha ann ná mar atá sa tsochaí thart orthu – fiú daoine a chreideann sa sóisialachas polaitiúil. Mar sin féin, bheadh pobalachas agus an-chomhoibriú de dhíth chun Gaelphobal úr a bhunú.

[iv] Chomh maith leis sin, tá fianaise éigin ann go bhfuil eitnea-náisiúnaithe ag iarraidh coincheap an Ghaelphobail a bhrú chun tosaigh, tá baol ann go nglacfadh daoine coll leis an smaoineamh dá bharr.

[v] Sargent, L. T. (2010).

[vi] Crystal, D. (2004).

[vii] Ar ndóigh, tá an-tionchar ag an dóigh a labhraíonn muid féin ar an dóigh a labhraíonn ár gcomharsana, mar sin de, níorbh ghá dul thar fóir leis cibé ar bith.

[viii]  “Chonacthas i gcás iarrachta a rinne Comhluadar i mBaile Átha Cliath i 2010 gur chuir an próiseas daonlathach deireadh leis an togra a bhí beartaithe ag an eagraíocht chun Nua-Ghaeltacht a bhunú i mBaile Átha Cliath. De réir Uí Chuilinn, níor éirigh le daoine a bhain leis an togra sin aontú ar cheantar don phobal nua agus, de réir a chéile, bhog saolta na ndaoine sin ar aghaidh (comhfhreagras pearsanta ó Ó Cuilinn, 2015). Nuair a rinneadh iarracht sna 1970aí pobal Gaeilge a bhunú san ardchathair, léiríonn an t-eolas a thugann Ó Snodaigh gur tháinig na castachtaí céanna aníos le heasaontas ann idir na daoine a bhí i mbun an Ghaelphobail nua seo a thógáil (agallamh le Ó Snodaigh, 2016, 2017). Ní mór a thabhairt san áireamh, áfach, i gcás phobal Bhóthar Seoighe, gur tháinig na baill phobail seo ón bpobal céanna i mBéal Feirste, pobal a bhí dlúth agus a bhí faoi chois. D’fhéadfadh na fachtóirí seo tionchar a imirt ar an gcaidreamh a bhí ann idir na baill seo agus go raibh siad ina mbuntáistí don phobal nua a bhí á thógáil. Bheadh tuilleadh taighde ag teastáil chun an cheist seo a chíoradh.” Ní Shionnáin, U. (2020).

[ix] ‘Óráid Rónáin Mhic Aodh Bhuí ag oscailt Fhéile Chnoc Fola’ (2009).

Close
Close