Dónall Mac Giolla Chóill
Mar aon le cuid mhaith de phobal na tíre seo, tá go leor de mo chuid laethanta caite agam os comhair na teilifíse le roinnt mhaith míonna anuas.
An uair dheireannach ar chaith mé an oiread sin ama ag amharc ar an bhosca sin sa choirneáil, b’shin nuair a ligeadh saor ón nuachtán Lá mé.
An uair sin ní raibh agam ach trí stáisiún teilifíse, RTÉ 1, RTÉ 2 agus TG4.
Anois tá cúpla céad stáisiún agam, ach gan mórán le feiceáil.
Tchím go bhfuil cuid mhaith de na cláracha dírithe ar aois ar leith, orthu siúd a bhfuil slán fágtha acu leis an mheánaois, agus ag díriú isteach ar chlapsholas a saoil.
Is sna fógraí is mó a chuirim suim na laetha seo, achan chúig bhomaite tá duine gealgháireach inteacht ag taithint orm creimeadh a shocrú dom féin, nó adhlacóir neamhchostasach a chur ag obair.
Go minic cuirtear in iúl dom faoi thimpiste inteacht ina raibh mise páirteach ach gan a bheith cionntach as, agus na méideanna móra airgid a thiocfadh liom a thuilleadh ach scairt a chur ar a leithéid seo nó sin de dhlíodóir.
Thiocfadh liom an chuid eile de mo shaol a chaitheamh, bíodh sin ina thréimhse fhada nó ghairid, gan guthán a thógáil le scairt a chur ar dhlíodóir.
Níl deifre orm ach oiread mo chreimeadh a shocrú - tá tinte ifrinn te go leor domhsa, agus de réir cosúlachtaí ag fanacht orm mar atá.
Cad chuige a mbeinn ag iarraidh dó faoi dhó?
Ar a bharr sin, is beag suim nó gá atá agam i bhfógraí eile a chuirtear os mo chomhair, is é sin cúrsaí uisce thíos faoi, má thuigeann tú leat mé.
Níl na rudaí sin de dhíth orm, má dhéanaim casachtach tobann, nó gáire gan choinne, thig liom mo bhríste a choinneáil tirim - go fóill beag ar scor ar bith.
Ach sin an margadh a bhfuil cuid mhaith de na stáisiúin seo ag díriú air.
Seandaoine.
Anois trí shúile páiste, abair cúig bliana d’aois, is seanduine déanta mé, le cos amháin san uaigh, in aice leis an chos eile.
Ach ó mo thaobhse de, tá mé i mbarr mo shláinte, in ainneoin go ndéarna fear an bheáir tagairt do mo chuig gruaige liath an tseachtain seo caite nuair a bhí mé ag ól mo chéad phionta iar-thórraimh i mBéal Feirste le blianta.
Tá cuntas caillte agam ar an mhéid uaireanta a raibh mé ar tí asal a cheannach, mar gheall ar na fógraí seo, ach ag an bhomaite nuair atá an guthán i mo ghlaic agam, bíonn sé den ádh orm cuimhneamh nach mbíonn asail a thuilleadh ag muintir Mhín an Chladaigh ó bhí an t-achrann sin eatarthu agus muintir Bhun an Leaca.
An t-aon chúis a raibh an bhua ag muintir an bhaile sin sna rásaí - ná ligtear chun dearmad go raibh ráflaí ann an uair úd go raibh púdar speisialta i gceist, ní fios go dtí an lá inniu cé acu na hasail nó na marcaigh a bhí faoina thionchar.
Tá go leor de na fógraí seo fosta a iarrann ort rud inteacht a fhágáil i d’ucht mar oidhreacht dóibh.
Tá ard-mheas agam ar an RSPCA, ach níor mhaith liom aon socrú a dhéanamh a d’fhágfadh duine inteacht ina shuí in oifig inteacht ag amharc lá i ndiaidh lae ar leathnaigh bháis an Irish News, le feiceáil an bhfuil m’fhógra báis féin ann.
Tá go leor amuigh ansin, muintir Bhun an Leaca ina measc, ag fanacht go fonnmhar leis an lá geal sin.