Fís an uafáis

Ciarán Ó Pronntaigh

Cuireann sé olc orm go bhfuilimid ag caint arís ar Michaela McAreavey agus an drochrud a rinneadh uirthi. Nach leor an méid a d’fhulaing an teaghlach thar na blianta lena gcaill gan daoine nach raibh aithne dá laghad acu uirthi an scéal a dhéanamh níos measa? Ar an drochuair, tá acmhainn láidir sa chine dhaonna scéal níos measa a dhéanamh de dhrochscéal.

Rith dhá rud liom nuair a chonaic mé na pictiúir den ‘seisiún amhránaíochta’ sa halla Oráisteach i nDún Dhónaill (ní raibh d’uchtach agam éisteacht leis). An chéad rud ná comhbhá leis an teaghlach, mar a mhothaigh a lán daoine i measc an phobail. Cad é an freagra a bheadh agat féin dá gcaillfeá duine muinteartha mar sin agus daoine á thógáil arís na blianta ina dhiaidh? Nach truacánta amach an cás sin.

Ach an dara rud a bhuail mé, rinne mé mo mharana air. Ní minic a bhíonn fearg orm ach an iarraidh seo, bhí fearg orm. Cad é mar a fuair na daoine seo de chroí a leithéid a dhéanamh ag ócáid phoiblí? Cad é mar a fuair siad an cead sóisialta rud chomh gránna a chur ina láthair. Ach ceist níos bunúsaí arís, cad é an fheidhm a bhí leis, seomra lán fear ag spalpadh leo faoi bhás mná?

Cuirimis an eachtra ainnis seo i gcomhthéacs, ar feadh bomaite. Tharla sí i halla Oráisteach, áit ar ndóigh, nach mbeadh cead suí ag Caitliceach ar bith. Níl sé faiseanta na laethanta seo aon locht a fháil ar an Ord Oráisteach ach is gá a aithint nach aon chumann carthanachta é má scrúdaítear na ‘prionsabail’ lena mbaineann sé. Is é fírinne an scéil gur cuireadh an tOrd ar bun mar ghréasán tacaíochta do dhream a mhaígh gurbh iadsan an dream in uachtar. Agus ní haon ábhar iontais dúinn gur mar chuid de cheiliúradh 101 bliain de bhunú stát Thuaisceart Éireann a canadh an t-amhrán.

Téann an dá rud le chéile, ar ndóigh, an smaoineamh go bhfuil dream amháin níos tábhachtaí ná an dream eile agus an bharúil gur chruthaigh Dia an stát don dream sin. Leis sin a oibriú amach i gceart, ní mór go mbeadh dímheas ag an dream in uachtar ar an dream in íochtar. Sin mar a oibríonn sé ar fud an domhain. Ní féidir plé le daoine go leatromach má shíltear go bhfuil siad ar chomhchéim leat.

Sin an fáth a raibh fearg orm. Shíl daoine áirithe a laghad sin faoi dhaoine eile go dtiocfadh leo bás cailín óig a cheiliúradh le hamhrán. Ach níor rud spontáineach é, ná rud fánach a canadh gan smaoineamh. Eachtra réamhshocraithe a bhí ann agus tuiscint ag lucht a chanta go raibh feidhm leis. Le bheith cothrom, ní hionsaí pearsanta a bhí ann nó níor shíl na fonnadóirí fealltacha seo go gcluinfeadh duine ar bith ón taobh eile é.

Ionsaí a bhí ann ar an phobal eile trí chéile, rud a léirigh nach fíordhaoine iad. Iarracht a bhí ann an stádas a mheasann siad a bheith acu ina stát féin a dhaingniú. Bhí iontas ar an phobal nár dhíbir an tOrd Oráisteach gach duine a bhí sa halla úd. Ach cad chuige a ndéanfadh an eagraíocht rud ar bith a thiocfadh salach ar a ‘bunphrionsabail’ féin, mar atá, dream amháin a choinneáil glan ó thionchar an dreama eile. Sa chás sin, bheadh orthu bata agus bóthar a thabhairt do gach ball.

Tá rud amháin maith faoin fhíseán, áfach, is ea gur tháinig sé chun solais ar chor ar bith. Níor mhian leis na daoine a ghlac páirt ann go scaipfí é ná go bhfeicfí an leibhéal dímheasa seo taobh amuigh dá lucht tacaíochta. Cé go gcáintear iad go minic, sa chás seo, rinne na meáin shóisialta seirbhís dúinn trína léiriú go bhfuil barúlacha mar seo coitianta go leor san Ord Oráisteach. Go deimhin, cuireadh tvuít amach ina dhiaidh ag cur i gcuimhne dá lucht leanta gan físeáin a dhéanamh faoi rudaí a tharlaíonn sa lóiste.

Is cosúil gur chaill cuid de na ceoltóirí cruálacha a bpost ach ní raibh an dara rogha ag na fostóirí nuair a ainmníodh iad ar líne. Bíodh geall nach gcuirfidh sin deireadh leis an fhorlámhas a shíleann dream amháin a bheith acu ar an dream eile. Beidh tuilleadh amhrán mar seo ann amach anseo ach ní chluinfimid fúthu.

Close
Close