Fíorscéal ficsin

Lisa Nic an Bhreithimh

Is leabhar é ‘Asking for it’ a iarrann orainn ceisteanna móra ár linne a chur orainn féin.

Iarrann sé orainn breathnú ar ghnéithe den tsochaí ina mairimid agus smaoineamh faoin mbealach a chaithimid le híospartaigh ionsuithe gnéis.

Scéal atá ann faoi Emma.

Tá Emma dathúil agus is é seo an rud is tábhachtaí fúithi, i dtuairimí fhormhór na gcarachtar sa leabhar.

Níl inti ach ábhar áilleachta.

Oíche amháin, ólann Emma go leor alcóil, tógann sí drugaí.

Dúisíonn sí an lá dar gcionn ar leac a dorais sa bhaile.

Níl tuairim aici conas mar a tharla di a bheith ann.

Níl a fhios aici cad é a tharla di an oíche roimhe.

Níl fo-éadaí uirthi.

Mar a tharlaíonn go minic sa domhan ina mairimid inniu, insítear scéal na hoíche ar na meáin shóisialta.

Foghlaimíonn Emma cad a tharla di trí ghrianghraif, trí phóstálacha Facebook, trí scéalta éagsúla ar a fón póca, trí chúlchaint ar líne.

Rinneadh ionsaí uirthi – rinne grúpa fear óg éigniú uirthi.

Glacadh grianghraif di agus an grúpa ag déanamh éignithe uirthi.

Roinneadh na grianghraif seo gan choinsias, gan náire agus gan tuiscint fiú gur rud mídhleathach a bhí ann.

Is scéal ficsin é seo, ach is scéal é ar tharla a mhacasamhail go mion minic cheana.

Breathnóimis ar scéal na hardscoile i Steubenville, Ohio sa bhliain 2012.

Rinne grúpa fear óg éigniú ar bhean óg, glacadh grianghraif den ionsaí agus roinneadh iad go forleathan.

Tá bunfhadhb i gceist le sochaí ina dtarlaíonn a leithéid de choir gan náire ná tuiscint gur rud cearr atá ann.

Níor cheap na fir óga in Steubenville go bhféadfaí an dlí a chur orthu as rud mar seo a dhéanamh.

Cheap siad go raibh siad ‘i dteideal’ colainn na mná óig seo, gur leo í ar bhealach.

D’ól sí alcól, ní raibh sí comhfhiosach, agus thuig na fir de sin go raibh cead acu a rogha ruda a dhéanamh léi toisc gur ise a rinne an chéad bhotún.

Is tuiscint fhorleathan go maith é seo inniu, go bhfuil fir óga i dteideal colainneacha ban, go háirithe má tá siad ólta.

Nuair a fheictear bean le sciorta gearr uirthi, meastar go bhfuil cead béiceadh uirthi agus rud a rá faoina colainn, toisc gur ise a rinne an drochrud an oiread sin dá craiceann a thaispeáint don domhan mór.

Mar sin cad a dhéanaimid faoi seo mar shochaí?

Deirimid le mná óga “gan sciorta gearr a chaitheamh, ar eagla go dtabharfadh sé an teachtaireacht chearr do dhaoine”.

Deirimid leo “cá bhfios cad a tharlódh má chaitheann tú an sciorta sin”.

Leis seo, tugaimid cead don chineál seo machnaimh go bhfuil an rud cearr déanta ag an mbean, agus mar sin, gur uirthi féin an locht má tharlaíonn aon rud di.

Scaoilimid na déantóirí coire saor leis seo.

Is maslú é seo d’fhir freisin.

Táimid ag cruthú nach daoine le coinsias iad fir, ach ainmhithe gan fhéinsmacht.

Ní féidir linn muinín a bheith againn astu toisc go bhfuil siad chomh dírithe sin ar chúrsaí collaíochta, agus nuair a fheiceann siad cosa nochta mná cá bhfios cad a dhéanfaidís?

Caithfidh go bhfuil níos mó measa tuilte ag fir ná seo?

Nuair a dhírimid ar mhná agus ar na rudaí a dhéanann siad, seachas ar na hionsaitheoirí, táimid ag cur leis an gcoincheap seo d’fhir an lae inniu.

Caithfidh mná iad féin a chosaint ó na hainmhithe seo gan fhéinsmacht.

Nuair a scaipeadh an físeán de bhean óg ag déanamh gnéas béil ar fhir ag ceolchoirm cúpla bliain ó shin, “Slane girl” an t-ainm a bhí ar an bhfíseán, gan trácht ar na “Slane boys”.

Tá gnéithe dáinséireacha eile i gceist inniu, mar is léir go soiléir in ‘Asking for it’ agus i gcásanna Slane Girl agus Steubenville.

Is iad sin na meáin shóisialta agus gléasanna cliste.

Scaiptear scéalta, cúlchaint, grianghraif is físeáin agus leo seo, éiríonn na scéalta níos mó, agus athraíonn saolta na n-íospartach níos mó – cuirtear é os comhair an domhain mhóir agus déanaimid é a phlé.

Tugtar fóram chun an chiontacht a phlé.

Déantar tráchtaireacht, tuairimí daoine á léiriú faoi chiontacht na ndaoine sna scéalta.

Is minic a dhéantar eagla agus imeagla a chur ar íospartaigh leis seo, agus ní dhéantar na déantóirí coire a chiontiú.

Caithfear a thuiscint gur domhan atá ag athrú i gcónaí, agus go bhfuil tionchar mór ag na meáin shóisialta ar chríoch na scéalta seo.

Ceist eile dúinn: an ceart go mbeadh a leithéid de thionchar ann?

Dúirt Ryan Tubridy i dtaobh ‘Asking For It’ gur leabhar é ar cheart dó bheith léite.

Seachas smaoineamh air mar scéal ficsin, d’fhéadfaí smaoineamh air mar léiriú ar an saol mar atá sé inniu.

Tugann an leabhar duine dúinn, léiríonn sé a cuid mothúchán agus cad a tharlaíonn di chun go dtuigfimis i gceart cad a tharlaíonn do dhaoine mar thoradh ar an tslí a gcaithimid le hiospartaigh ionsuithe gnéis, agus le fir agus mná óga.

Scéal ficsin amháin é ‘Asking for it’ i measc na mílte fíorscéalta.

Scéalta éagóra agus oilc.

Caithfear an scéal a athrú chun fir agus mná araon a chosaint.

Close
Close