EISIACH: 'Preab san Ól' do Sheachtain na Gaeilge!

Guinness ar fáil do na Gaeil
Guinness ar fáil do na Gaeil

Myra Zepf

Tá scéim ceannródaíoch fógraithe ag Príomh-fheidhmeannach nua Foras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, d’arb ainm ‘Scéim na dTithe Tabhairne’, agus é in am do Sheachtain na Gaeilge 2017.

Tá urraíocht shuntasach fáighte ag an Fhoras ó Guinness Teo don scéim ina mbeidh comhoibriú idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha ar scála nach bhfacthas riamh roimhe.

Agus dea-scéal do Ghaeilgeoirí, nó beidh piontaí Guinness ar fáil saor in aisce i dtithe tabhairne ar fud na tíre do dhaoine a chluintear ag labhairt i nGaeilge.

Dar le Cathaoirleach Bhoird an Fhorais, Pól Ó Gallchóir, gur “deis a bheas anseo muid féin – na Gaeil – a úsáid mar ghléas margaíochta don teanga.”

Is í fís na scéime seo ná tithe tabhairne ar fud na tíre, iad lán go doras agus lán craice, agus seo ar fad trí mheán na Gaeilge.

Deir Foras na Gaeilge go meallfaidh seo na mílte chun Gaeilge a labhairt agus í a úsáid mar theanga bheo.

“Cuirfidh daoine iontas orthu féin,” arsa an tUasal Ó Gallchóir, “mar go bhfeicfidh siad oiread Gaeilge is atá acu ina gcloigne cheana féin nuair atá biotáilte saor in aisce ar fail!”

Cuireadh fearadh na fáilte roimh an nuacht seo i dTeach Tábhairne Uí Cheallaigh i mBéal Feirste, áit a gcruinníonn Gaeil na cathrach sin go minic.

“Guinness saor in aisce?” arsa fear amháin liom, “sa deireadh, tá polasaí ciallmhar cumtha ag Foras na Gaeilge!”

Ach tá a gcáinteoirí ag an scéim nua chomh maith.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte ó dheas: “tá Éire sa dara háit ar domhan ó thaobh ráig ólacháin. Cé a bhéas fágtha le Gaeilge a labhairt nuair atá muid uilig marbh ó ghalar ae?”

Ar ndóigh, ní fíor-scéal é seo.

Níl ‘Scéim na dTithe Tabhairne’ le bheith ann.

Chum mé é.

Níor dhúirt na daoine thuasluaite na rudaí thuasluaite.

Agus ar an drochuair, beidh ort do phiontaí féin a cheannach.

Ach fuair mé d’aire, nach bhfuair?

B’fhéidir gur éirigh tú scleondarach, nó feargach go fiú?

Seo mar a oibríonn scéalta bréaga nuachta.

Agus gan an ceartúchán seo anois, seans go mbeifeá ag caint faoi le do chairde, ag roinnt an scéil ar na meáin shóisiálta (déan go fóill é, le do thoil!) nó ag scríobh litir ghearáin nó comhgairdeachais chuig Seán bocht Ó Coinn.

Seo a tharla nuair a léigh Meiriceánaigh scéalta nuachta bréagacha a dúirt go raibh an Pápa ar son Donald Trump, gur mharaigh Hilary Clinton gníomhaire den FBI agus go raibh Trump ag tabhairt ticéidí eitleáin saor in aisce do dhaoine ó Mheicsiceo.

Roinneadh na scéalta seo níos mó ná scéalta ar bith eile sna meáin shóisiálta.

Fuair an nuacht bhréagach fá thoghchán SAM níos mó airde ná na fíor-scéalta ón 19 gnáthfhoinse nuachta is mó sa tír sin curtha le chéile.

Agus an rud is measa?

Creideann céatadán suntasach de phobal na Stát Aontaithe na scéalta sin go fóill.

Cuireann seo eagla mo chraicinn ormsa.

Tá bréaga glana ann cosúil le mo scéalsa nó na cinn sin thuas ó Mheiriceá.

Ach níos dainséaraí arís, tá an dearcadh claonta nimhiúil a léitear ar líne nó sna nuachtáin thablóideacha.

Scéalta faoi dhaoine ‘olca’ ó thíortha coimhthíocha ag teacht anseo agus ag cur dallamullóg orainn.

Ansin, bíonn siad ag goid ár dtithe, ár bpostanna agus ár gcuid airgid, ag maslú ár gcultúir agus ag éigniú ár gcuid ban.

Tá an scéal céanna sin á insint ag an chine daonna faoinár naimhde ó thosaigh scéalta.

Má tá dea-rúin na bliana úire go fóill de dhith ort nach mbaineann le ‘park runs’ nó ‘Slimming World’, ach le smaointe, polaitíocht agus todhchaí an daonlachais – má tá sin go fóill uait, tá moladh agam.

Ceistigh gach rud a léann tú i mbliana, is cuma más i nuachtán naisiúnta é, ón BBC, nó ó fhoinse chomh huasal le Meon Eile.

Ceistigh agus ansin gabh agus cuartaigh fianaise agus eolas tú féin.

D’éirigh muid uilig falsa le tamall mar go dtagann nuacht agus tuairimí mar shruth sa fhotha nuachta chugainn.

Bí réamhghníomhach. Bí stuama. Bí amhrasach.

Ná scaip scéal ar Facebook nó Twitter gan é a sheiceáil ar dtús.

Le chéile, glanfaidh muid suas an truailliú seo ar thoibreacha an eolais!

Close
Close