Eoin Ó Murchú
Chuir iarcheannaire an DUP, Peter Robinson, an cat i measc na gcearc nuair a mhol sé d'Aontachtóirí iad féin a chur in oiriúint d'Éirinn Aontaithe.
D’ionsaigh Aontachtóiri eile ar an toirt é, ina measc Sammy Wilson óna pháirtí féin, agus Reg Empey, iarcheannaire an UUP, a dúirt gur gléas macalla do Shinn Féin atá i Robinson anois.
Ar ndóigh, ní raibh Robinson ag moladh Éire a athaontú.
Bhí sé ag moladh don phobal Aontachtach i gcoitinne gur chóir dóibh díospóireacht a bheith acu anois sa gcás ina mbeidh gá le polasaí i leith athaontaithe amach anseo.
Mar a dúirt sé féin: “Ní cheapaim go rachaidh mo theach trí thine, ach ceannaím árachas ina choinne ar fhaitíos”.
Ach níl sé de nós ag polaiteoirí na hAontachta breathnú go fadtréimhseach, mar a scríobh Alex Kane, iar-oifigeach preasa de chuid an UUP san Irish Times.
Faoi láthair, tá tionchar as cuimse ag an DUP ar rialtas na Breataine toisc an rialtas sin ag brath ar vótaí an DUP in Westminster chun iad a choinneáil in oifig.
Ní mhairfidh an tionchar sin, ámh, ach go dtí an chéad toghchán eile, agus má fheicfear gur chaill an Bhreatain solúbthacht riachtanach don Bhreatimeacht, beidh díoltas le híoc.
Ar aon chuma, san fhadtéarma, i bhfianaise na bhfigiúirí daonáirimh, ní bheidh móramh Protastúnach ann nó móramh ar son na hAontachta mura féidir Caitlicigh a mhealladh le tacú leis.
Ach cé gur labhair Robinson féin faoin tábhacht sin nuair a bhí sé fós ina cheannaire ar an DUP, níor thaitin an chaint sin le móramh a pháirtí is cosúil.
Agus toisc nach bhfeiceann an DUP ach an láidreacht atá acu faoi láthair, níl siad sásta iarracht a dhéanamh margadh fiúntach a dhéanamh anois, fiú i leith Stormont.
Sa gcomhaontú a rinneadh idir an DUP agus Sinn Féin, ghéill Sinn Féin an-chuid ar fad, sa gcaoi gurbh ar éigean arbh fhiú an tAcht Gaeilge a cuireadh chun cinn dá bharr.
Ach fiú an comhaontú an-teóranta sin, chuaigh sé ró-fhada do bhunús an DUP.
Bhí náisiúntóirí i gcoitinne agus rialtas Bhaile Átha Cliath in éineacht leo ag moladh mar sin go dtiocfadh an Chomhairle Angla-Éireannach le chéile – ar an tuiscint go bhféadfadh an dá rialtas Acht Ghaeilge agus eile a thabhairt isteach.
Ach bhí drogall ar rialtas Westminster a leithéid a dhéanamh (tionchar an DUP arís), agus nuair a chas an Chomhairle le chéile ba bheag a pléadh agus ba níos lú a tháinig as.
Is cosúil nach raibh rialtas Bhaile Átha Cliath ag iarraidh aon cheo a ardú ar fhaitíos go bhfaighidís freagra diúltach.
Botún mór atá sa mbeart seo.
Fiú mura féidir le rialtas na Breataine teacht ar aontú faoi láthair, tá sé fós tábhachtach an díospóireacht phoiblí a leathnú amach i measc phobal na Breataine.
Ach is in Éirinn amháin atá aon chaint faoin teorainn eacnamúil a aistriú go Muir Éireann.
I Sasana is scéal imeallach é agus an rialtas ag diúltú dó.
Mar an gcéanna ar ndóigh, cé go mbeadh sé tubaisteach d'eacnamaíocht na 26 Chontae dá dtitfeadh Breatimeacht Crua amach – gan trácht ar cheist na teorann – ní raibh aon fheachtas ag rialtas Bhaile Átha Cliath, nó go fírinneach ag Sinn Féin fiú, labhairt go díreach le ghnáth-mhuintir Shasana faoi shocrú: thaobhaigh siad go léir leis na feachtais in aghaidh an Bhreatimeachta – seasamh a fhágann gan cártaí ar bith muid anois.
Mar chuid den díospóireacht is cóir a chur ar fáil do mhuintir Shasana, tá an scéal go bhfuil sé dosheachanta sa bhfadtéarma go mbeidh Éire athaontaithe ann.
Maidir leis na hAontachtóirí, is léir nach dtaobhódh aon Chaitliceach leis an Aontacht a fhad is nach bhfuil cothromas stádais ann.
Ach creideann móramh an DUP gur féidir lei cloí leis an seanchoras nuair a thuig na Caitlicigh gur saoránaigh den dara grád iad is gur ghlac siad leis.
Sampla den dearcadh sin is ea an diúltú glan don Acht Gaeilge.
Ní hamháin go bhfuil ré an éagothromais thart, ach tá athaontú na hÉireann ar an mbealach, fiú mura bhfuil meas ar an Deisceart ag Náisiúntóirí an Tuaiscirt i gcoitinne.
Céard atá le déanamh nuair a thiocfaidh an lá sin?
Imeacht go hAlbain mar a mholann Arlene Foster, nó socrú a dhéanamh a thugann stádas is cearta riachtanacha don phobal Protastúnach?
Agus cathain is cóir é seo a dhéanamh ach anois nuair atá cártaí fós i lámha na nAontachtóirí.
Is mura bhfuil na hAontachtóirí in ann teacht ar an tuisicnt sin iad féin, nach cóir do Náisiúnaithe é a mhíniú dóibh?