Éigniú - is gá labhairt faoi

Róisín O'Hara

Ní fhágann sé rian ar do chorp amháin, ach ar d'anam chomh maith.

Fágann sé a lorg ort mar dhuine go huile is go hiomlán - tá píosa díot imithe go deo.

Mothaíonn tú go bhfuil smál fágtha ort ar feadh do shaoil.

Sin mar a chuir Niamh Cosgrave síos ar an tionachar a bhí, agus atá fós, ag an ionsaí foiréigneach gnéis a rinneadh uirthi ag a teach cónaithe sa bhFrainc ceithre bliana ó shin agus í ag labhairt ar Unbreakable, clár a craoladh an tseachtain seo caite ar TV3.

Bhris comharsa, fear pósta – nach raibh aithne aici air – isteach ina teach i lár na hoíche agus rinne sé ionsaí brúidiúil ar an mbean bhocht.

Bhris sé a giall, a ceathrú, agus rinne sé í a éigniú cúpla uair.

D’éirigh leis na póilíní a hionsaitheoir, Christian Gladieux, a ghabháil agus dhá bhliain ó shin gearradh 18 mbliana príosúntachta air.

Ba léir nárbh í Niamh an chéad bhean a d’fhulaing dhá bharr ach oiread: in 1998 cuireadh príosún air théis dó bean eile a éigniú ina teach, agus in 2010 frítheadh ciontach é as ionsaí gnéis a dhéanamh ar pháiste.

Sa gclár tábhachtach seo, chonaic muid triúr ban eile ag cur síos ar ionsaithe gnéis/éigniú a rinneadh orthusan.

Las a gcuid faoistiní suas an meaisín tweetála.

Cróga. Cumhachtach. Inspioráideach. Coscrach.

B'shin na focla coitianta a úsáideadh agus an lucht féachúna ag moladh na mban as a scéil a insint. 

Ach, ní mar sin a mhothaigh na mná fúthu féin - nó a cuireadh ina luí orthu mothú - mar thoradh na heachtra. 

Dúirt Trish Kelly go raibh uirthi a baile dúchais - Baile an Róibe i gContae Mhaigh Eo – a fhágáil de bharr na caoi a caitheadh lei théis gur inis sí do na Gardaí gur éigníodh í agus go ndeachaigh sí chun cúirte dá bharr.

Cé gur frítheadh ciontach Gerald Burke, arbh as an mbaile dó féin, i mí Eanair 2002 agus gur gearradh trí bliana príosúntachta air, deir Trish Kelly gur thug daoine a raibh aithne aici orthu a gcúl uirthi.

Mhaígh siad go raibh sí mícheart cás cúirte a thabhairt ina aghaidh, go raibh sí ag tarraingt droch-cháil ar an mbaile - ar nós go raibh milleán uirthise chomh maith.

Sa deireadh mhothaigh sí nach raibh aon rogha aici ach a baile dúchais a fhágáil, agus bhris sé sin a croí.

Fiú i rith an cháis chúirte, rinneadh chuile iarracht míchlú a tharraingt uirthi agus, mar a deir sí féin, “rinne a dhlíodóir chuile leithscéal chun an milleán a chur uirthise agus ní ar an ionsaitheoir”.

Is maith tráthúil a tháinig an clár seo sna sála ar scannal George Hook, an craoltóir a cuireadh ar fionraí as Newstalk théis dó maíomh ar a chlár go mb’fhéidir go raibh beagán de mhilleán ar bhean óg de bharr gur éigníodh í, bíodh is go raibh sí ólta agus í i seomra codlata strainséara ina haonar.

Is cóir a rá gur dhúirt an Hookach nach raibh sé ag déanamh leithscéal ar bith don choirpeach, ach go raibh freagracht éicint le glacadh ag bean a chuireann í féin i gcás mar seo.

A bhuíochas do na díospóireachtaí poiblí a d’eascair as an ráiteas a rinne sé, agus anois don chlár teilifíse seo, sílim go bhfuil tuiscint níos fearr ag an bpobal tré chéile ar an éifeacht atá ag a leithéid d’ionsaí ar bhean, agus go deimhin i roinnt cásanna, ar fhear.

Ní hamháin sin, ach go dtabharfaidh sé misneach do dhaoine theacht chun cinn agus an dlí a chur ar ionsaitheoirí.

Tá súil agam go gcuirfidh sé ina luí ar dhaoine tré chéile nach bhfuil an milleán ariamh ar an duine a ionsaítear, ach ar an ionsaitheoir amháin.

Dar leis an taighde atá déanta ar an gcoir seo, níl aon bhaint aige le dúil ghnéasach a théann thar fóir.

Is ionsaithe foiréigneacha iad, fiú muna bhfuil gníomh foiréigeanach eile leis.

Is léir gur le teann feirge agus dúil mhillteanach dímheas, damáiste agus truailliú a dhéanamh ar dhuine eile a spreagtar iad go príomha chun coire, chomh maith le dúil aisteach bheith ceannasach ar dhuine eile.

Ní dúil ghnéasúil an phríomhchúis leis.

Cuireann sé as dom é scríobh ach éignítear chuile chineál duine, sean agus óg – níl teorainn leis an gcoir lofa seo.

Ach is féidir linn, agus ba chóir dúinn, labhairt faoi mar atáthar a dhéanamh anois go hoscailte.

Ba chóir labhairt lenár n-aos óg ach go háirithe, a chur ina luí orthu bheith aireach - aire a thabhairt dóibh fhéin agus dá chéile.

Is oth liom a rá go léiríonn staidéir ar an ábhar seo gur minic do na coirpigh ól a bhrú ar a n-íospartaigh - tá sé admhaithe ag roinnt ciontóirí do lucht taighde go ndéanfaidís iarracht mná a fháil ar meisce.

Ar ndóigh, bíonn go leor ólacháin i saol sóisialta ár ndaoine óga sa lá atá inniu ann, agus ní hiad na cailíní amháin a chaithfear a chosaint, ach buachaillí chomh maith. 

In agallamh i rith na seachtaine dúirt Niamh Cosgrave, a d’inis a scéal ar TV3, go bhfuil dualgas orainn ar fad ár ndaoine óga a chosaint, mná ár ndóigh, ach fir chomh maith - a deir sí - a chuirtear coir ina leith go mí-éagórach.

Rinne George Hook, is cosúil, gar dúinn uilig ar bhealach: d’ardaigh sé an cheist agus thosaigh muid mar phobal ag plé na ceiste seo.

Tá teachtaireacht mhór tugtha ann nach bhfuil milleán ar an té a ionsaítear ariamh.

Freisin, tá tús curtha againn lenár n-iarrachtaí mar phobal tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh, cosaint a thabhairt dár ndaoine óga.

Tá dualgas orainn uilig eolas a fháil agus oideachas a chur orainn féin, ar a chéile, agus labhairt faoi.

Tá tús maith curtha leis.

Close
Close