Is minic a cheaptar go bhfuil gach duine le Gaeilge ar aon fhocal maidir le cearta agus le dul chun cinn na teanga, ach ní mar a shíltear a bhítear. Labhair Ciarán Dunbar le beirt ‘easaontóir’, duine in Éirinn agus duine in Albain.
Léachtóir sa Ghaeilge is ea é an Dr. Aidan Doyle, spreag sé díospóireacht ar na mallaibh mar gheall ar alt a scríobh sé san ‘Irish Times’ ag ceistiú cearta teanga agus stádas na Gaeilge i mBunreacht na hÉireann.
CD: Dúirt iriseoir Gaeilge liom uair amháin go mbíonn leisce ar go leor Gaeilgeoirí tuairim chonspóideach a léiriú i leith na teanga mar “excommunication is a real possibility” – an aontófá leis sin?
AD: D’aontóinn 100% leis sin. Is é an tsamhail a ritheann liom ná cogadh: is é an namhaid an Béarla agus caithfidh gach uile Ghaeilgeoir ar domhan teacht le fealsúnacht a ceapadh breis is 100 bliain ó shin. Aon duine nach ndéanann amhlaidh, is feallaire é.
Más ag caint ar úinéireacht teanga atáimid, na daoine a bhfuil an teanga acu, is leo í. Ní leat aon teanga nach bhfuil agat. Ceapann mórán daoine gur le muintir na hÉireann ar fad an Ghaeilge – ní ghéillim dó san in aon chor. Is mó go mór atá seilbh ag eachtrannaigh áirithe uirthi ná ag 95% de dhaonra na tíre seo.
Ar an gcuma chéanna, ní leis na Francaigh amháin an Fhraincis, ach le haoinne a bhfuil sé acu, e.g. mórán de mhuintir na hAfraice. Tá cead againn an Ghaeilge a fhoghlaim agus tacaíonn an Stát linn sa ghnó céanna, ach ní linne í go dtí go sealbhóimid í, rud nach ndéanann ár bhformhór go deo.
CD: Spreag d’alt go leor aisfhreagra i leathanach na litreach de chuid an ‘Irish Times’ agus ar líne – an raibh tú sásta leis sin?
AD: Bhí mé sásta gur léigh a oiread sin daoine an t-alt. Cuid acu, ní dóigh liom gur thuig siad an méid a bhí mé ag iarraidh a rá, ach sin cuid den ngnó.
CD: Mhaígh tú san alt gur fearr le cainteoirí dúchais Béarla a labhairt agus iad ag plé leis an Stát – an bhfuil fianaise agat maidir leis sin agus cad a deir tú leo sin a shéanann é?
AD: Níl suirbhé déanta agam ar an ábhar. Níor bhraith mé riamh aon drogall ar mhuintir na Gaeltachta Béarla a labhairt, tá an dátheangachas préamhaithe sa phobal le cúpla céad bliain.
Bíonn leisce orthu Gaeilge a labhairt le daoine nach bhfuil Gaeilge mhaith acu, mar gur deacair cumarsáid a dhéanamh. Is ceist phraiticiúil é seo, seachas ceist idéalach. Cuir i gcás, tá duine ó Chonamara in oifig i nGaillimh ag iarraidh iarratas a chur isteach, agus deabhadh orthu.
Ní thuigeann an cléireach a gcuid Gaeilge. Cad a dhéanfaidh siad – fanacht san oifig go gceapfar cléireach le go leor Gaeilge leis an ngnó a dhéanamh, nó Béarla a labhairt? Rud eile de, is minic gan an foclóir Gaeilge acu le gnó oifigiúil a dhéanamh, sin rian an dátheangachais arís.
CD: Meas tú gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht, sa Ghalltacht agus i dTuaisceart na hÉireann?
AD: Is dóigh liom gur cineál ‘red herring’ é seo, ar aon dul leis an oideachas. Shíl Conradh na Gaeilge riamh dá mbeadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge, go dtosnódh daoine ar í a labhairt. Tá an stádas aici, tá sí á scríobh agus á cur i gcló i bhfógraí oifigiúla, ach tá laghdú ag teacht in aghaidh an lae ar labhairt na Gaeilge mar theanga 1 .
Ní féidir seirbhísí a chur ar fáil in aon teanga gan chainteoirí líofa, oilte. Tá an cúram á dhéanamh tóin thar cheann – an stát ag iarraidh seiribhísí a chur ar fáil gan chainteoirí oiriúnacha ar dhá thaobh an chúntair – an cléireach agus an custamaeir.
CD : San alt, agus seans gur bhain mé an bhrí mhícheart as, deir tú go gcreideann tú féin nach bhfuil sé “morally justified” oideachas trí mheán na Gaeilge a iarraidh i mBaile Átha Cliath. An amhlaidh atá? An mbeifeá ar son a ndruidim?
AD : Is chuige seo a bhí mé: bhí daoine ag lochtú Ghaeilge Joe McHugh, agus an dream a bhí ag déanamh raice lasmuigh den Dáil, ba dhóigh le duine gur grúpa iad a raibh géarleanúint á déanamh orthu, go háirithe an triúr ban sa ghrianghraf le ‘níos deirge, níos feirge’.
Anois, mura bhfuil dóthain Gaeilge ag duine le póstaer simplí a chumadh, is deacair liomsa a ghéilleadh go bhfuil éagóir á déanamh orthu gan scolaíocht tré mheán na Gaeilge a chur ar fáil dóibh (cé go bhfuil scolaíocht de chineál eile ag teastáil go géar uatha).
Ní thuigtear domsa gur ceart daonna é oideachas a éileamh i dteanga nach bhfuil agat ó dhúchas. Ina dhiaidh sin, nílim cinnte cad is fiú é ar leibhéal an oideachais, tá mé in amhras nach é leas an linbh é bheith ag foghlaim i dteanga iasachta.
Bheinn ar son stiúrú a dhéanamh ar na scoileanna seo, gach ceann a mheas léi féin. B’fhéidir nár mhiste cuid acu a dhruidim, cuir i gcás mura bhfuil Gaeilge mhaith ag na múinteoirí, mar gur mó an díobháil a bheidís a dhéanamh don teanga ná de mhaith.
CD: An bhfuil tú ar son deireadh a chur le hAlt 8 den Bhunreacht agus má tá, cad a ba mhaith leat a fheiceáil ina áit?
AD: Ar dtús, ba mhaith liom go ndéanfaí an tAlt céanna a phlé, rud nach féidir a dhéanamh anois, gan gach Conraitheoir agus Poblachtánach sa tír ag déanamh ionsaí ort.
Ní hé briathar Dé atá ann, ach cur síos ar fhís a bhí ag Éamon de Valera sa bhliain 1937. Fís ab ea é nár fíoraíodh riamh, ach tá múnla na fíoraice buailte air sa Bhunreacht.
Braithim go n-eascraíonn go leor teannais agus míthuiscintí as bréag atá san airteagal seo, i. gurb ‘í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann’.
Tugann an ráiteas seo le fios go labhartar coitianta í, agus go bhfuil muintir na hÉireann ábalta ar í a labhairt. Sin é is ciall le ‘teanga náisiúnta’. Tugann sé le fios gur teanga í an Ghaeilge a nascann muintir na hÉireann le chéile, gur sa teanga seo a cruthaíodh litríocht agus amhráin uile na tíre seo. Luaitear san Airteagal an ‘Sacs-Bhéarla’, téarma atá maslach ann féin.
Deirtear go ‘nglactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile’. Ba dhóigh leat ar an méid sin gur teanga iasachta é an Béarla a fhoghlaimíonn na hÉireannaigh anuas ar an nGaeilge, faoi mar atá i go leor tíortha eile, e.g. san Ind, nó sna críocha Lochlannacha.
Is dearg-bhréag an méid sin go léir, agus leanann go leor míthuiscintí agus éigearta an bhréag chéanna.
Ar ndóigh, dá mb’fhíor é, bheadh an ceart ar fad ag na Gaeilgeoirí agus ag na Conraitheoirí, ach dá mb’fhíor é, ní dóigh liom go mbeimis á phlé seo ar chor ar bith, níor ghá é. Is é oighear an scéil ná go dtugann an Bunreacht bonn dlí d’fhís agus d’éilimh atá míréasúnta, craiceáilte, atá bun os cionn leis an bhfírinne.
De réir an dlí, tá an ceart ag na daoine a éilíonn seirbhísí as Gaeilge, ach tá an dlí féin craiceáilte. Ní fírede an bhréag í a bheith i bhfoirm dlí – cuir i gcás, dlí a thugann le fios go bhfuil an domhan réidh seachas cruinn.
Anois, níl sé seo chomh holc le bréaga eile, b’fhéidir. Ach is mífholláin an mhaise é do Rialtas nó do Stát bheith ag cosaint na bréige, agus cruthaíonn sé drochamhras agus fearg i saoránaigh an Stáit.
Teastaíonn reifreann ar an Airteagal. Má tá muintir na hÉireann sásta leis an mbréag, sin a bhfuil. Ach is dóigh liom gur féidir fiúntas agus tábhacht na Gaeilge a admháil gan dul i muinín an éithigh agus na caimiléireachta.
Ar deireadh, cad é an eagla atá ar dhaoine roimh an bplé?
Cás na hAlban
Tá clú agus cáil ar Neil MacRae as a bheith ag easaontú le bunaíocht na Gaeilge in Albain, ar Twitter @GilleAotrom agus ar a bhlag, iolairelochtreig.blogspot.co.uk.
CD : A’ bheil Gàidhlig on ghlùn agaibh? (An bhfuil Gaeilge ó dhúchas agat?)
NmacR : Chan eil, ‘s e ionnsachadh a rinn mi agus tha mi ga h-ionnsachadh fhathast!
(Níl, is é foghlaim a rinne mé agus tá sí á foghlaim agam go fóill!)
CD : Chan eil thu ag aontachadh gu bheil rath ar oidhirpean ris a’ Ghàidhlig a chaomhnadh, carson sin? (Ní aontaíonn tú go bhfuil rath ar iarrachtaí leis an Ghaeilge (in Albain) a chaomhnú, cén fáth sin?)
NmacR : A bheil thu ciallachadh “unsuccessful”? Chan eil na h-oidhirpean idir soirbhicheil, mar a chì duine sam bith a tha fuireach air a’ Ghàidhealtachd agus aig a bheil sùil ri fhaicinn. Gu seachd àraid – tha a’ chlann air sguir a bhruidhinn Gàidhlig, a dh’aindeoin na feadhainn tokenistic a chì thu air BBC Bland-ba.
(An “unsucessful” atá i gceist agat? Níl rath ar na hiarrachtaí ar chor ar bith, mar a fheiceann duine ar bith atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus a bhfuil súil le feiceáil acu. Go háirithe, tá páistí ag iarraidh as labhairt na Gaeilge, d’ainneoin an dream ‘tokenistic’ a fheiceann tú ar ‘BBC Bland-ba’.)
CD : Chan eil thu ag aontachadh rè Bòrd na Gàidhlig idir – carson sin? (Ní aontaíonn tú le Bòrd na Gàidhlig ar chor ar bith – cad chuige sin?)
NmacR : Feumaidh mi Beurla chleachdadh an turas-sa.
(Caithfidh mé Béarla a úsáid don cheann seo)
The top-down model typified by Bòrd na Gàidhlig simply cannot work. Any individual, no matter how dedicated to the language, inevitably becomes conflicted when entering the pay of the Government, becoming incentivised to talk-up the non-existent “success” of a whole range of clearly dysfunctional initiatives (for instance, the laughable Gaelic Language Plans that public bodies are now obliged to produce). Once the self-validating annual reports are written (in English!), they can then be referred to again and again as evidence of “success” and the vicious cycle of self-deception continues.
Also – any non-elected quango who smugly publish laughing-stock, error-ridden “Gaelic” translations of their English-origin annual reports, et cetera, deserves to be roundly condemned!
CD : Dè a dhèanadh tu fhèin gu diofarail? (Cad é a dhéanfá féin go difriúil?)
NmacR: Gheibhinn cuidhteas Bòrd na Gàidhlig, bhiomaid na b’fhèarr dheth às an aonais. Agus cuirinn às dhan a’ chuid as motha dhen airgead-taic a tha an “ath-bheòthachadh” a’ faighinn, oir chan eil e dèanamh ach milleadh – a chionn’s gu bheil e cruthachadh ‘self-interested, self-validating elite’.
(Chuirfinn deireadh le Bòrd na Gàidhlig, bheadh muid níos fearr as gan é, agus chuirfinn stop leis an chuid is mó den airgead tacaíochta atá an “athbheochan” ag fáil, óir níl sé ach ag déanamh milleadh – cionn is go bhfuil sé ag cruthú ‘self-interested, self-validating elite’.)
An uair sin, bhiodh fios aig gach neach againn gun robh Gàidhlig nar làmhan fhèin, gun robh e suas rinne uile ma mhaireas i beò.
(An uair sin, bheadh fios ag gach neach againn go raibh Gaeilge inár lámha féin, go raibh sé suas linne uile má mhairfeas sí beo.)
CD : A’ bheil e so-dhèanta Gàidhlig a chaomhnadh an mur beachd fhéin? (An bhfuil sé sodhéanta Gaeilge a chaomhnú i do bharúil féin?)
NMacR : Tha e fhathast gu math possible Gàidhlig a ghlèidheadh, ach tha sin an urra ri ‘quiet revolution’ ann an inntinn gach neach-labhairt, chan eil e idir an urra ri riaghaltas no buidheann elie le sporan mòr.
(Tá sé fós go maith ‘possible’ Gaeilge a chaomhnú, ach tá sin ag bráth ar ‘quiet revolution’ in intinn gach cainteoir, níl sé ag bráth ar chor ar bith ar rialtas nó ar dhream ar bith le sparán mór.)
CD : An toireadh thu ‘purist’ ort féin? (An dtabharfá ‘purist’ ort féin?)
NmacR : Cha toireadh. Ach ‘s e bheat (no lighiche-sprèidh) a th’annam, cleachdte ris a’ bheachd: feumaidh an diagnosis a bhith ceart, air neo tha an euslainteach a’ dol a bhàsachadh! Cha dèan e math sam bith a bhith ga do mhealladh fhèin, ag ràdh riut fhèin gu bheil an treatment ag obair nuair nach eil!
(Ní thabharfainn. Ach is tréidlia mé, cleachtaithe leis an bharúil: caithfidh an diagnosis a bheith ceart, nó gheobhadh an t-othar bás! Ní dhéanfaidh sé maitheas ar bith dallamullóg a chur ort féin, ag rá leat féin go bhfuil an treatment ag obair nuair nach bhfuil!)
Fagfaidh mé an focal scoir le Neil Mac Rae.
“A h-uile latha bidh mi toirt an aire gu bheil daoine leithid mo charaidean san Eilean Sgitheanach (aig an robh Gàidhlig bhon ghlùn) gam fàgail air an iomall air dìochuimhne, le riaghaltas, quango is luchd-ionnsachaidh le chèile agus tha sin ga mo bhrodadh a dh’ionnsaigh cumail a’ dol leis a’ bhlog agam.”
(“Gach lá, tugaim faoi deara go bhfuil daoine cosúil le mo chairde san Eilean Sgitheanach (ag a raibh Gaeilge ó dhúchas) á bhfágáil ar an imeall agus dearmad á dhéanamh orthu, ag rialtas, quango is foghlaimeoirí le chéile agus tá sin do mo spreagadh chun coinneáil ag dul le mo bhlag.”)