Éagothroime idir maoiniú na meán Gaeilge agus an maorlathas ar mire

Concubhar Ó Liatháin

Faoi láthair tá sé deacair gan RTÉ Ráidió na Gaeltachta a chur ar siúl agus gan bheith ag éisteacht le caint fé chomóradh 50 bliain ar an aer an staisiúin sin.

Is breá liom é, agus bhíos féin páirteach in éineacht le mo chomrádaithe i gCór Chúil Aodha i gcoirmcheol cheiliúrtha a bhí á chraoladh ar RTÉ ag an deireadh seachtaine.

Is maith an rud é go bhfuil RTÉ RnaG tar éis an leathchéad a shlánú - is iomaí togra meán cumarsáide Gaeilge/Gaeltachta nár tháinig slán an fad sin.

Tá sé ait gur imigh leithéidi Lá/Lá Nua, Foinse, An tUltach agus Gaelscéal as cló le linn ré rachmasach (i gcomparáid le réanna eile ach fágfaidh mé an cheist sin faoi na maorlathaithe a bhíonn i mbun cúrsaí). Fágfaidh mé mar sin é, tá sé ait.

Bhí comóradh le linn na seachtaine ag Comhar as ceithre scór bliain a bhaint amach agus bhí slua mór i láthair san Iarsmalann Cló i mBaile Átha Cliath nuair a bhí siad ag róstadh an ghabhair.

Rith sé liom - agus tá a fhios agam go bhfuil seo soiniciúil - dá mbeadh an oiread sintiúsóirí ann a cheannódh an iris is a bhí ag ól na ngloiní fíona ag an ócáid cheiliúrtha, go mbeadh rath níos fearr ar an iris. Is sintiúsóir mé féin don iris agus ceannaím Feasta go rialta. Léim Meon Eile, Tuairisc agus bím ag scríobh do Seachtain. Tugaim sracfhéachaint ar NÓS cé go gceapaim go bhfuil a shlí caillte ag an suíomh - é sin nó táim ró-shean is ró-chantalach le hábhair na scríbhneoirí bréatha agus níos óige atá ag an suíomh a thuiscint go baileach.

Bainim taithneamh as An Timire cé nach aon fhear eaglasta mé ach creidim gurb é an foilseachán Gaeilge is fearr ó thaobh dearadh de agus is fearr a aimsíonn a sprioclucht léitheoireachta.

Bíodh is gur ag ceiliúradh atá Comhar fé láthair, is féidir a rá gur osna faoisimh atá á ligint ag an iris freisin go bhfuil sí fós beo, mar an oiread le haon fhoilseachán Gaeilge eile atá ag brath ar dheontais Stáit dá chroí-mhaoiniú, ní féidir a bheith cinnte faoin dtodhchaí.

Cuid den fhath nach dtagann irisí is foilseacháin Ghaeilge slán nach ndéanann siad éabhlóid mar is cuí chun dul in oiriúint do phobal léitheoireachta atá ag fás agus ag forbairt agus ag síorathrú.

Tá éirithe le TG4 a scéal féin a athrú ó bunaíodh é. Bhíos féin ag caint i gcláracha teilifíse agus ag cosaint an staisiúin ar dhaoine a bhí ag lua ‘eilifint bhán’ leis.

Anois, cuireann sé ag gáire mé cuid den dream céanna a bheith ag moladh an staisiúin in ard a ghutha as ucht a chláracha samhlaíocha, a scannáin agus an t-intéirneach a bhíonn ag déanamh na tvuíteanna. Bí ag caint ar mhalairt poirt.

Má bhíonn tú beo fada a dhóthain feicfidh tú a lán athruithe, táim ag rá leat.

Tá caidreamh ‘love/hate’ agam féin leis an gcainéal. Is breá liom cláracha faisnéise ar nós ‘An Fód Deireannach’ nó ‘Báisteach’ ach is fuath liom an easpa cláracha cúrsaí reatha ar an staisiún. Sílim gur maith ann 7 Lá ach nach leor leathuair an chloig in aghaidh na seachtaine chun polataíocht náisiúnta, idirnáisiúnta agus Ghaeilge a phlé i gceart.

Easpa acmhainní an gearán is mó a bhíonn ag foilsitheoirí na bhfoilseachán Gaeilge.

Sampla amháin is ea Comhar.  Faigheann Comhar €80,000 in aghaidh na bliana ón bhForas. Is ar éigean go gcuiteodh sé sin as costaisí táirgíochta agus cló agus na táillí a fhaigheann na colúnaithe thar dhá eagrán déag na bliana. Deirtear linn go bhfuil isteach is amach le 500 sintiúsóir ag an iris. Ní mór an méid é sin. Sin deontas €160 do gach sintiúsóir, d’fhéadfá a mhaíomh.

Ach tá earnálacha den bhfoilsitheoireacht Ghaeilge ina bhfuil i bhfad Éireann níos flaithiúlachta á léiriú don leitheoir.

Agus mé ag fiosrú scéala an tseachtain seo caite ar son The Corkman, an nuachtán lena n-oibrím im thuairisceoir, fuair mé amach go raibh an Coimisnéir Teanga tar éis cáineadh géar a dhéanamh ar Chomhairle Contae Chorcaí as gan leagan Gaeilge den Dréachtphlean Forbartha a chur ar fáil ag an am céanna leis an leagan Béarla. Tá seacht n-imleabhar sa dréachtphlean agus na mílte leathnach. Chosnódh sé an t-uafás airgid é a aistriú. Ní hé seo an chéad uair a rinne Comhairle Contae Chorcai fáillí ar an nGaeilge mar in 2017 níor fhoilsigh an t-údarás leagan Gaeilge d’ocht gcinn de phleananna forbartha áitiúla ag an am channa leis an leagan Béarla. Is fiú a lua gur cuireadh €182,000 san iomlán ar fáil d’ullmhú na bpleananna seo, ceann do gach ceantar toghcháin áitiúil sa chontae. Sa deireadh chosain sé €3,046,000! Bí ag caint ar bhoilsciú. As an iomlán sin ba é €156,000 an costas ar an aistriúchán Gaeilge. Shamhlóinn féin go mbeadh an costas sin ar a laghad ar aistriú an dréachtphlean.

Ceann de na cúiseanna ar thug an Chomhairle as gan an t-aistriúchán ar chur ar fáil ón tús nach raibh ach duine amháin, an té a rinne an gearán leis an gCoimisinéir Teanga, tar éis leagan Gaeilge de na pleananna a lorg agus go bhfuil daonra 412,000 sa chontae (ní chuireann seo an daonra sa chathair san áireamh mar go bhfuil dhá údarás éagsúla i gCorcaigh, an Chomhairle Contae agus Comhairle na Cathrach).

Nuair a chuimhníonn tú gur cuireadh leagan Gaeilge de na caipéisí sin ar fáil ar chostas €156,000 agus gan ach duine amháin á lorg agus go bhfuil iris ar nós Comhar beo ar a leathoiread agus 500 léitheoir aige, deir sin liom go bhfuil lúb ar lár in áit éigin.

Níl aon amhras orm nach bhfaigheadh Comhar ná aon iris Ghaeilge ná aon imeacht Gaelach aon bhuntáiste as dá stopfaí den €156,000 a chaitheamh ar aistriuchán fánach úd.  

Ach an am céanna tá rud éigin iomlán mímhorálta faoi.  

Bíodh is gurb í an Chomhairle i mo chontae dúchais atá i gceist, níl morán trua agam ach chomh beag don údarás áitiúil. Cinnte rinne siad an cinneadh ceart dar leo - nuair nár chloígh siad leis an dlí, ní raibh aon phionós nó fíneáil le gearradh orthu mar a bheadh dá mbrisfeadh siad riail a bhain leis an dtimpeallacht mar shampla. Cuireadh tuairisc os comhair Thithe an Oireachtais agus b’shin deireadh leis an scéal. Tá ganntanas mór airgid ar an gComhairle, mar atá ar gach údarás áitiúil.

Ach deir sé liom go bhfuil na tosaíochtaí atá againn mar phobal Gaelach as alt leis an bhfíorshaol. An bhfuilimid i ndáiríre ag iarraidh go leanfadh an nósmhaireacht seo, go mbeadh irisí Gaelacha ag dul as cló, fiú irisí a bhfuil na céadta leitheoirí acu, de bharr ganntanas airgid agus, ar an lámh eile, go bhfuil an oiread san airgid á chaitheamh i gcontaetha ar fud na tíre ar mhaithe le leaganacha Gaeilge de chaipéisí oifigiúla a chur ar fáil nach léifear choíche?

Is contae le dhá phobal Gaeltachta é Corcaigh agus ní raibh ach duine amháin a lorg na caipéisí i nGaeilge - an mó contae ar fud na tíre gan pobal Gaeltachta agus an dualgas céanna orthu?  

Ní hé go bhfuil pobal na Gaeltachta gan suim i nithe oifigiúla as Gaeilge. Bhí go leor gearán i Múscraí de bharr gur tugadh leagan Béarla den fhoirm dhaonáirimh dúinn agus leagan Gaeilge lorgtha againn. Bhí orainn dua a chur orainn féin an leagan Gaeilge a fháil.

Déarfar liom go bhfuilim ag meascadh na gceisteanna ach ní féidir liom ach solas a chaitheamh ar an éagothromas. Déarfar liom nach bhfuil taithí ag pobal na Gaeilge/na Gaeltachta ar bheith ag éileamh leaganacha Gaeilge de chaipéisí oifigiúla mar nach bhfuil an cultúr sin ann - agus tá sin fíor - ach cén fath nach féidir linn a bheith ciallmhar agus cliste faoi seo seachas ag tabhairt bata dár namhaide le bheith ár mbatráil?

Seo comhrá idir cairde, cheapfainn, agus nílim ag iarraidh slí bheatha a bhaint d’éinne. Sílim go mbeidh sé níos fearr togha na scríbhneoirí Gaeilge a chur ag obair go cruthaitheach seachas ag aistriú ábhar nach bhfuil suim ach ag corrdhuine ann.  

Tá gá ‘stop’ a rá leis an amaidí a fhágann na meáin Ghaeilge in áit na leathphingine ar mhaithe le maorlathas ar mire a chothú.

Close
Close