Michelle Nic Pháidín
Beidh an dáta an 7ú lá de mhí Dheireadh Fómhair greanta inár gcuimhne agus inár gcroíthe ar feadh i bhfad.
Sin an lá a tharlaigh pléascadh ar an Chraoslach a d’fhag deichniúr marbh agus a d’fhág daoine eile go dona gortaithe san otharlann.
I ndiaidh a trí a chlog ar an Aoine, bhris an scéal go raibh pléascadh i ndiaidh tarlú ar bhaile bheag an Chraoslaigh. Bhí na seirbhisí éigeandála ann go luath agus rompu bhí daoine, gnáthdhaoine, istigh ag tochailt agus ag tógáil adhmaid agus brící, ag iarraidh daoine a bhogadh amach as an scrios.
Go luath chonacthas pictiúr ar na meáin shóisialta a léirigh cé chomh holc agus a bhí rudaí. Foirgneamh stróicthe agus scoilte ar imeall stáisiún peitril. Úsáideadh an pictiúr céanna arís agus arís eile ar na scéalta nuachta a tháinig as an láthair.
Ansin bhí an fanacht ann - cá mhéad duine a bhí caillte? Choimhéad daoine an nuacht an oíche sin agus d’éist siad leis an Athair John Joe Duffy ag impí ar dhaoine urnaí a dhéanamh ar a son. Bhíothas go fóill ag tochailt, ag cuardach daoine, sa dorchadas, i measc an smionagair agus spallaí.
Giota ar ghiota, tháinig na fíricí amach agus thit croíthe thart timpeall an domhain. Bhí an duine is sine a maraíodh 59 agus an duine is óige a maraíodh cúig bliana d’aois. Is beag duine a dhéanfas dearmad den ghreille sin leis na haghaidheanna a chuir na gardaí ar fáil do na meáin. Gnáthdhaoine cosúil linn féin - máthair, athair, mac, iníon, cairde, aintín, ball teaghlaigh agus uile.
Is iomaí duine a stop ag an siopa sin le peitreal a cheannach nó le bainne a thógáil – daoine áitiúla agus cuairteoirí araon mar go bhfuil an foirgneamh sin ar an phríomhbhóthar a théann ó thaobh amháin de chontae Dhún na nGall go dtí an taobh eile.
Anuas air sin, bhí daoine ag iarraidh a thuigbheáil caide an dóigh a bhféadfadh seo tarlú? Gnáthbhaile. Gnáthdhaoine. Gnáthlá. Tubaiste ollmhór. Deichniúr marú. Ceannlínte nuachta. Brón. Buairt. An clog fós ag bualadh d’ainneoin beatha daoine a bheith caillte.
Go dtí an deireadh seachtaine bhí dhá rud aitheanta faoin Chraoslach: is é sin an t-amhrán ‘Cutting the Corn’ a scríobh Percy French agus ‘the girl from Donegal’, Bridie Gallagher, ceoltóir.
Ar an Satharn bhí iriseoirí, ceamaraí teilifíse ina seasamh ar an tsráid ag iarraidh labhairt le muintir an bhaile. Faoin Luan, bhí imeall an bhealaigh ar nós comhdháil phreasa ar an phlionta ós comhair na Dála.
Is deas agus is nádúrtha muintir an cheantair chéanna agus gan rófhada bhí go leor á dhéanamh le airgead a bhailiú le dul chun sochair don phobal. Mar dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, ag tórramh James O’Flatherty Dé Céadaoin, bhris solas grámhar fríd an dorchadas agus léiríodh cineáltas ó chroí.
Le seachtain anuas, tá clog na dteampall ag briseadh an chiúnais arís agus arís eile. Cónraí á n-iompar ar ghuaillí isteach doirse tosaigh na dtithe pobail. Uaireanta dhá chónair ag aon uair amháin. Teidí beag ina shuí i suíochán scoile Shauna Flanagan Garwe, 5, a bhásaigh sa phléascadh. Páistí scoile ina seasamh mar gharda onóra taobh amuigh de thithe pobail - aghaidheanna geala, trína chéile, faoi spéartha ag bagairt fearthainne.
Dé Sathairn tháinig deireadh leis na tórraimh le Shauna Flanagan Garwe agus a hathair Robert.
Anois nuair a thiteann an ciúnas, seo an t-am is deacaire do mhuintir an Chraoslaigh agus dóibh sin uilig a ndeachaigh an tragóid i gcion orthu. Taobh istigh de thithe bogfaidh lámha na gclog ar aghaidh - beidh carranna go fóill ag tiomaint suas agus anuas an bhealaigh d’ainneoin go bhfuil daoine caillte - daoine ag fulaingt - daoine croíbhriste agus daoine ag streachailt theacht i dtuigbheáil ar an mhéid a thit amach. Fanfaidh seomraí éagsúla mar a bhíodh siad - fanfaidh bábógaí ar leapacha agus péirí bróg nach líonfar go deo ar thaobh an dorais. Tiocfaidh an dorchadas níos gaiste gan mhoill nuair a dhéanfar na cloig a chur siar uair an chloig ach tháinig an dorchadas ní ba luaithe ar mhuintir an Chraoslaigh ná mar a bhí duine ar bith ag dream leis.