Díomá agus fearg faoin easpa measa ar chearta daonna i gCatar

Lisa Nic An Bhreithimh

Deirtear go minic gur cheart an pholaitíocht a fhágáil amach as an spórt agus gur cheart dearmad a dhéanamh faoi ábhair áirithe agus "díriú ar an spórt féin".

Faoi láthair tá an t-imeacht spóirt aonair ag a bhfuil an lucht féachana agus leanúna is forleithne ar domhan, an Corn Domhanda, ar siúl i gCatar.

Tá an comórtas ar siúl laistigh de staideanna a raibh costais $220 billiún orthu. D'oibrigh 30,000 oibrí ón mBanglaidéis, an India agus Neipeal ar na staideanna agus fuair ar a laghad 37 duine acu bás i rith na tógála.

Tá an Corn Domhanda ar siúl i dtír ina bhfuil caomhnóir fir ag gach bean. Tá cead na gcaomhnóirí sin ag teastáil ó mhná chun dul i mbun staidéir thar sáile, chun pósadh, chun dul ag obair i roinnt poist rialtais agus do roinnt gnéithe de chúram sláinte atáirgthe.

Tá an Corn Domhanda ar siúl i dtír nach dtugann cead do dhaoine LADTA+ pósadh, ná troid ar son a gceart, ná caidreamh collaí a bheith acu.

Dar le Amnesty International, "Women (in Qatar) continue  to face discrimination in law and practice". Sampla amháin ná cás Noof al-Maadeed, Catarach 23 bliana d'aois a d'éalaigh chun na Ríochta Aontaithe chun tearmann a lorg toisc drochíde óna muintir. D'fhill sí ar Chatar, le geallúintí ó na húdaráis go mbeadh sí slán. D'imigh sí ar iarraidh ar feadh míonna tar éis insint do phóilíní faoi bhagairtí óna muintir.

Seo an méid a dúirt bean dhéghnéasach Chatarach ar ar chuir Human Rights Watch agallamh le déanaí: "[Preventive Security officers] beat me until I lost consciousness several times. An officer took me blindfolded by car to another place that felt like a private home from the inside and forced me to watch restrained people getting beaten as an intimidation tactic.”

Mar bhean dhéghnéasach, ní rud "polaitiúil" dom é seo. Is rud fíorscanrúil, fíorphearsanta agus fíordháiríre é nuair a smaoiním faoin gcineál saoil a bheadh agam féin i gCatar, cosúil leis an mbean seo, go ndéanfaí a leithéid domsa as mo pháirtí a phógadh ar shráideanna Chatar. 

Is náireach an rud ceiliúradh ollmhór spóirt a bheith ar siúl i dtír a léiríonn easpa fhorleathan measa ar bhunchearta daonna. Is léiriú suntasach dímheasa é ar chlanna na n-inimirceach a fuair bás agus iad ag tógáil na staideanna, ar dhaoine LADTA+ i  ngach cearn den domhan agus ar mhná.

Ó thosaigh an Corn Domhanda, tá scéal i ndiaidh scéil á chloisteáil againn faoi léiruithe dímheasa agus bagairtí ar lucht leanúna LADTA+ cé gur gheall an Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair (FIFA) agus Catar go mbeadh daoine LADTA+ slán ag an gcomórtas.

Dúradh le hiarchaptaen peile na Breataine Bige, Laura McAllister, nach raibh cead aici dul isteach sa staid dá mba rud é go raibh hata le bogha baistí air á chaitheamh aici, hata ón gcatharnacht The Rainbow Wall, lucht leanúna LADTA+ sa Bhreatain Bheag.

Níor ligeadh isteach sna staideanna go leor daoine eile gan bhaill éadaigh le boghanna báistí orthu a bhaint.

De réir taighde ó ILGA Europe, tá contúirt 3.4 uair níos mó ann go ndéanfadh daoine óga LADTA+ iarracht lámh a chur ina mbás féin. Tá grúpaí ar nós The Rainbow Wall agus hataí le boghanna báistí orthu tábhachtach. Tá an infheictheacht tábhachtach agus, mar is eol dúinn sa tír seo, tá an dofheictheacht fíordháinséarach ar fad. Taispeánann ceilt na mboghanna báistí do dhaoine óga LADTA+ go dtacaíonn FIFA agus Catar lena saol féin a choimeád faoi cheilt. Déanann sé seo an-damáiste. Mura dtuigeann duine an damáiste seo, tá an-seans nach raibh eispéireas acu den fhuath ban, den homaifóibe, den trasfóibe ná de leithcheal d'aon chineál.

Ag am a bhfuil cearta daonna go leor daoine á "bplé",  tá an tacaíocht, an seasimh láidir ó dhaoine lasmuigh den phobal LADTA+  agus an infheictheacht ríthábhachtach. Nuair a fheiceann duine óg LADTA+ a gcuid peileadóirí ag seasamh ar son a gceart, déanann sé an-difear. Rinne foireann na Gearmáine ceann de na léirithe tacaíochta is mó nuair a rinne siad iarracht bandaí OneLove a chaitheamh ag an gcomórtas. Nuair a d'fhógair FIFA go ngéarrfaí smachtbhannaí as banda a chaitheamh, sheas siad ar an bpáirc peile roimh a gcluiche lena lámha thar a mbéal, chun solas a lonrú ar an gciúnú a rinneadh ar a seasamh ar son cearta daonna. Tá Cumann Sacair na Gearmáine ar lorg comhairle dlí anois. Seo seasamh láidir ar son cearta daonna. Seo dianseasmhacht agus déanann sé difear millteanach. D'eisigh an fhoireann ráiteas ar an 23 Samhain a dúirt, "It wasn’t about making a political statement – human rights are non-negotiable."

Tá go leor leor daoine ann nach bhfuil ag breathnú ar chluichí an Choirn i mbliana. Tá beáranna fud fad an domhain nach bhfuil ag taispeáint na gcluichí ar a gcuid scáileán. Bhí, tá agus beidh an cáineadh ar FIFA i mbéal an phobail. 

Tá díomá, fearg agus brón ar an-chuid daoine gur cuireadh an Corn Domhanda ar siúl i gCatar. Tá na mothúcháin seo ar dhaoine toisc gur léiriú suntasach dímheasa é ar na hinimircigh a fuair bás i mbun thógáil na staideanna agus ar chearta daonna. Tá daoine feargach agus brónach mar tuigeann siad an leithcheal, tá taithí acu air agus tuigeann siad an cruachás a bhaineann leis. Tuigeann siad go bhfuil cúrsaí i bhfad níos measa do mhuintir Chatar agus níl spás ann don cheiliúradh in áit nach dtacaíonn le cearta daonna.

Ní ceist pholaitiúil é seo ach ceist dhaonna.

Close
Close