Dea-Chomhairle

Le Ciarán Ó Pronntaigh

Seans nár chuala mórán againn faoin Chomhairle Stáit go dtí seo. Is grúpa daoine iad a chuireann comhairle ar an Uachtarán agus í ag feidhmiú ina ról, go háirithe nuair a chíorann sí reachtaíocht nua lena chinntiú go bhfuil an reachtaíocht sin ag cloí leis an Bhunreacht. Tá cead ag an Uachtarán reachtaíocht a bhfuil amhras uirthi fúithi a chur chuig an Chúirt Uachtarach. Is gnách go mbíonn daoine mór le rá a bhfuil nó, a raibh, post ceannaireachta acu in institiúidí rialtais. Ach tá de rogha ag an Uachtarán seachtar eile a thabhairt isteach. Cé nach bhfuil ach feidhm shiombalach leis an Chomhairle Stáit, tugann na ceapacháin a rinne Catherine Connolly le déanaí léargas ar an leagan amach a bheas aici go ceann seacht mbliana.

Ón chéad lá, dúirt an tUachtarán go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre a hoifige, beart thar a bheith tábhachtach do stádas na teanga, mar is eol dúinn. Tugann an cinneadh seo eiseamláir oifigiúil gur féidir an teanga a shní isteach i rialú na tíre – cineál de chruthúnas coincheapa, más maith leat. (Cuir sin leis an ghealltanas a thug an Rialtas go ndéanfar socrú le linn preasócáidí go gcuirfear an Ghaeilge, mar theanga oifigiúil san Eoraip, chun tosaigh agus Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa ag Éirinn).

Beart forásach eile a bhí sna ceapacháin don Chomhairle Stáit. Trí chéile, chuir an tUachtarán béim ar chearta an duine agus gníomhaíochas pobail. Ba léir go raibh aird ar an teanga sa roghnú, chomh maith, nó tá cumas Gaeilge ag go leor de na comhairleoirí nuacheaptha. Le linn an fheachtais toghchánaíochta, dúirt Catherine Connolly gur chreid sí in athaontú na tíre agus níor chuir sé iontas ar mhórán daoine gur cheap sí beirt as an tuaisceart, mar atá Colin Harvey agus Linda Ervine. Ar a bharr sin, tá Fionnuala Ní hAoláin ag obair mar ollamh i gColáiste na Ríona i mBéal Feirste agus is gníomhaí láidir í ar son daoine atá ar an imeall agus tá sí ina ball den Choiste um Riar an Chirt.

Tá cáil ar Colin Harvey as a obair ar son chearta an duine chomh maith agus is ball deisbhéalach é den ghrúpa Ireland’s Future agus labhraíonn sé go húdarásach ar an cheist agus na buntáistí a bhaineann le hÉirinn Aontaithe. Léiríonn an ceapachán seo nach béal bán a bhí i gcaint Connolly sa toghchán ach go dtuigeann sí gur ceist phráinneach í nach féidir a fhágáil ar leataobh a thuilleadh.

Mar chainteoir Gaeilge, is ábhar dóchais dom gur ceapadh Linda Ervine, an gníomhaí Gaeilge a bhunaigh Scoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste agus is duine í a thagann ón traidisiún Aontachtach. Tuigeann sí go maith na deacrachtaí a chruthóidh a ceapachán dá cuid oibre ach is duine í a sheasann an fód ar na rudaí a gcreideann sí iontu. 

Tá luach leis na guthanna éagsúla. Dá mbeadh go leor comhairleoirí maithe ag Donald Trump, daoine a bheadh sásta an fhírinne a insint seachas bheith ag sodar ina dhiaidh, seans nach ndéanfadh sé na cinntí amaideacha a rinne sé go dtí seo, amhail an t-ionsaí a rinne sé ar an Iaráin ar na mallaibh. Mar an gcéanna le daoine mar Linda Ervine, is den tábhacht é go gcluinfidh an tUachtarán éagsúlacht guthanna.

Ní hé seo an chéad uair a ceapadh daoine ón tuaisceart ar eagrais ó dheas, ar ndóigh, agus tuigimid nach bhfuil an oiread sin cumhachta ag an Uachtarán ach is léir go bhfuil fís aici don tír agus nach bhfuil drogall uirthi an leas is mó a bhaint as a cuid cumhachtaí ar leas na tíre. Is é an dúshlán a bheas roimh an phobal fhorásach amach anseo ná an obair a dhéanamh go bhfíorófar an fhís sin.

Close
Close