Katie McGreal
Ocht mbliana ó shin rinne mé mo chéad chúrsa deich lá d’aireachas i gciúnas iomlán, agus d’athraigh an t-eispéireas mo shaol. Nuair a rinne mé an cúrsa sin nDroichead Átha bhí mé ag freastal ar ranganna aireachais uair sa tseachtain agus bhí píosa beag a dhéanamh agam liom féin sa bhaile, ach ní raibh mórán taithí agam air ar chor ar bith.
Mar chuid den chúrsa, caitheann tú 12 uair in aghaidh an lae ag cleachtadh aireachais agus faoin am a tháinig mé amach, bhí a fhios agam gurbh é a rud ba dheacra a rinne mé riamh. B’iomaí uair a bhí ag smaoineamh ar éirí as roimh dheireadh an chúrsa. Ach tá mé chomh sásta go ndearna mé an rud uilig mar b’fhiú an streachailt ar fad ar mhaithe leis an suaimhneas, an tsíocháin agus an smacht ar mo smaointe a fuair mé dá bharr.
Ocht mbliana níos déanaí, bheartaigh mé go raibh an tsíocháin agus suaimhneas sin uaim arís.
Chuaigh mé go hInis an uair seo le deich lá a chaitheamh i gciúnas agus bhí eagla an domhain orm. An uair seo, bhí a fhios agam céard a bhí romhaim. Bhí cuimhne agam ar an bpian fhisiciúil agus ar na deacrachtaí intinne. Is ar éigean a bhí mé in ann labhairt le héinne ar an gcéad lá sin mar gheall ar an bhfaitíos agus imní a bhí orm, ach chomh luath is a thosaigh an cúrsa i gceart, bhí mé ar bís. Bhí mé ag siúl le feiceáil céard a thiocfadh aníos agus bhí mé ag dúil go mór leis an suaimhneas a aimsiú.
Do na deich lá ní raibh aon rud le déanamh agam ach suí, le mo shúile dúnta agus díriú ar m’anáil agus mo cholainn. Bhí béilte déanta dom agus bhí struchtúr le gach lá le nach raibh orm smaoineamh ar aon rud nua nó aon rud breise.
D’athraigh an chéad chúrsa sin mo shaol. Bhí mé ag obair mar iriseoir ag an am agus thaitin an obair go mór liom ach bhí a fhios agam nárbh é sin an post a bheadh agam go deireadh mo shaoil, ach ní raibh a fhios agam cén post eile an mbeadh suim agam ann. Le linn cleachtadh aireachais i ndiaidh an chúrsa, bheartaigh mé go raibh mé le haireachas a mhúineadh do pháistí mar thuig mé gurbh fhearr i bhfad dá mbeadh an t-aireachas ina chuid de m’óige féin.
Ó shin, d’éirigh mé as an iriseoireacht agus thosaigh mé mo ghnó féin, Solas Relaxation, agus tá mé i ndiaidh a bheith ag obair le hos cionn 50 scoil agus go leor grúpaí pobail agus grúpaí áitiúla, clubanna óige agus eile.
Le linn an chéad chúrsa sin, d’fhoghlaim mé go bhfuil sé go iomlán indéanta d’intinn ghnóthach a chiúiniú agus bhí mé ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do dhaoine eile sin a dhéanamh, agus anois sin a dhéanaim ó lá go lá.
Ní féidir liom a dhóthain rudaí maithe dearfacha a rá faoi chúrsaí aireachais Vipassana. Cé go bhfuil siad deacair dúshlánach, is fiú go mór an dúshlán mar chabhraíonn an ciúnas duit aithne a chur ort féin, ar do smaointe agus ar an méid a tharlaíonn ionat féin. Go mion minic bíonn an méid sin toraibn ag dul ar aghaidh timpeall orainn nach féidir linn muid féin a chloisteáil agus éisteacht linn féin. Tugann cúrsa ciúnais deis dúinn a bheith socair ionainn féin agus mholfainn go mór duit triail a bhaint as!