Cur i gcéill nó fíor-bhagairt aimhréidh an Phrótacail?

Eoin Ó Murchú

An bhfuil muid ag maireachtáil i gcruinne chomhthreomhar? Tá an prótacal, a chinntíonn nach mbeidh aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann, le scrios! Nó an bhfuil?

An cur i gcéill an scéal ar fad, nó céard iad na haidhmeanna atá ag na grúpaí éagsúla? Cén tuiscint atá acu ar an bPrótacal nó cén t-athrú atá uathu air mar atá sé faoi láthair?

Deir rialtas na Breataine go bhfuil siad ag tabhairt reachtaíocht isteach le fáil réidh le deacrachtaí atá á gcothú ag an bPrótacal i dtaobh trádáil idir an Tuaisceart agus Sasana.  Ach ní luann siad na deacrachtaí faoi leith atá i gceist nó cén réiteach a fheiceann siad orthu.

Maíonn siad freisin go bhfuil an scéal seo ag cur isteach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an DUP ag diultú páirt a ghlacadh sa bhFeidhmeannas go dtí go socrófar leagan úr den Phrótacal ar a laghad.

Ach níl comhartha ar bith ann go bhfuil an DUP sásta dul ar ais sa bhFeidhmeannas ar gheallúint Johnson.  Rómhinic a bhain siad slat a bhuail iad féin, is cosúil.

Deir rialtas Bhaile Átha Cliath gur ag sárú an dlí idirnáisiúnta atá na Sasanaigh, amhail nach ndearna siad a leithéid riamh roimhe. Cuimhnigh ar Luimneach, agus an conradh a sáraíodh “sular thriomaigh an dúch lena scríobhadh é”.

Taobh thiar den chaint faoi na deacrachtaí nach luaitear, tuigeann muid go léir go bhfuil scéalta seachas an geilleagar i gceist. Breathnaíonn na páirtithe Aontachtacha, agus móramh den phobal Aontachtach freisin, ar an bPrótacal mar uirlis a chuireann córas faoi leith ar siúl don Tuaisceart a dhealraíonn ón “gcuid eile den Ríocht Aontaithe” é.

Maidir leis an reachtaíocht féin, cé go bhfuil polaiteoirí abhus corraithe faoi (go poiblí ar aon nós), glactar leis sna meáin i Sasana gur ar éigean a thiocfaidh an reachtaíocht tríd an bparlaimint nó i bhfeidhm dá rithfí é.

Creideann na tráchtairí Sasanacha go léir, nach mór, nach bhfuiltear ach ag iarraidh tacaíocht phearsanta do Johnson a mhealladh ón European Research Group agus ó ghrúpaí eile ar an eite dheas i bhfad amach nach raibh riamh sásta le socrú ar bith leis an Aontas Eorpach.

Tháinig Johnson slán ón rún mímhuiníne, ach ar éigean, agus tá an tAire Gnóthaí Eachtracha, Liz Truss, a bhí in éadan an Bhreatimeachta, ag freastal ar mhianta na n-antoisctheach mar chuid dá feachtas le teacht i gcomharbacht ar Johnson má, nó nuair, a thiteann sé.

Tá comharthaí eile ann ámh a thugann le fios nach bhfuil an tAontas Eorpach sásta an cluiche a imirt. Bhí dúshlán cúirte ar na bacáin cheana nuair a shín an Bhreatain an tréimhse ullmhúcháin go haontaobhach.

Foláireamh, ceapaim, atá sa mhéid seo, mar beidh an scéal mór ag brath ar céard a dhéanfaidh na Sasanaigh thar a bhfuil á rá acu.

Tá feidhmiú an Fheidhmeannais i gceist, go príomha, ach ní féidir é a chur sa tsiúl arís gan an DUP, agus is cosúil nach mbeidh siad ann.

Ar an taobh eile, mura féidir Feidhmeannas a bhunú taobh istigh de shé mhí beidh sé riachtanach toghchán eile a reáchtáil. Agus, cé go bhfuil móramh na vótóirí Aontachtacha ag tacú le seasamh an DUP, tá idir 10% agus 20% díobh nach bhfuil. Dá rachadh na vótóirí sin go dtí Páirtí na Comhghuaillíochta nó go dtí an UUP, beidh lucht Donaldson níos measa as ná riamh.

Cén fáth mar sin a bhfuil rialtas Bhaile Átha Cliath chomh corraithe sin?  Ceapaim go bhfuil ciall acu is go dtuigeann siad go gcosnódh an tAontas Eorpach sláine an mhargaidh aonair is cuma cén costas a chuirfeadh sé sin orainne.

Is é sin le rá, dá rachadh na Sasanaigh ar aghaidh leis an mbeart seo mar tá fógartha acu go gcinnteodh an tAontas go mbeadh teorainn chrua anseo ar oileán na hÉireann.

Ceapaim nach bhfuil mórán spáis ag Johnson toisc go bhfuil sé ag troid chun a ré féin mar phríomhaire a chosaint, agus mar sin ní fheicim aon réiteach simplí ar an scéal.

B’fhiú amh dá soiléireodh Sinn Féin agus na páirtithe eile céard iad na deacrachtaí a bhaineann leis an bPrótacal mar atá agus cén réiteach atá acu ar an scéal.

Ansin ba chóir brú ar aghaidh leis an toghchán eile, cé gur dóichí nach dtiocfaidh aon athrú bunúsach ar an scoilt.

Ag deireadh thiar cruthúnas cinnte a bheadh ann nach bhfuil an stát ó thuaidh ag feidhmiú is go bhfuil gá le rud éigin eile.

Tá argóint an-láidir ann ar son reifreann faoin teorainn agus, b’fhéidir, reifreann faoin bPrótacal féin.

Ach ní dóigh liom go bhfuil aon fhonn ar rialtas Bhaile Átha Cliath dul sa treo sin. Is ní ghéilleadh Johnson dá leithéid d’éileamh gan bhrú ó Bhaile Átha Cliath (agus ó SAM).

Close
Close