Cumhacht na lánghealaí

Le Katie Saoidhbh McGreal


Thosaigh mé ag cleachtadh searmanas thart ar an ngealach lán nuair a bhí cónaí orm i mBéal Feirste. D’fhreastail mé ar chiorcal na mban don ghealach lán in Source Wellbeing Centre. Is cuimhin liom gur iarr an bhean a reáchtáil an ciorcal orainn rud éigin a scríobh síos a raibh muid réidh le scaoileadh leis, an chéad rud a rith linn agus gan smaoineamh faoi arís.

‘Faitíos’ a tháinig chugam. Scríobh mé ‘faitíos’ ar an bpíosa páipéir agus bhí orainn é a chur isteach i mbosca beag i lár an chiorcail. 

‘Cén chuid den fhaitíos atá orm?’ a smaoinigh mé dom féin. Bhí go leor faitís orm agus agam ag an am agus ní raibh a fhios agam céard a bhí i gceist leis an bhfocal sin an oíche sin. Ach mar a dúirt an bhean, ní raibh sin tábhachtach, an rud a bhí tábhachtach ná an chéad rud a rith linn a scríobh síos, rud a rinne mé. 

Bhí oíche álainn agam leis an ngrúpa sin agus chuaigh mé abhaile sona sásta liom féin. 

Cúpla bliain roimhe sin, bhí mé ag roinnt tí i mBéal Feirste le triúr eile. Oíche amháin agus mé i mo chnap codlata, chuala mé béiceadh. Bhí duine éigin ag béiceadh ach níor thuig mé cárbh as a raibh sé ag teacht. Bhí an béiceadh ag éirí níos airde agus níos airde agus faoin am a thuig mé go raibh sé ag teacht ó thaobh amuigh de dhoras mo sheomra codlata, bhí mé go hiomlán dúisithe.

‘Caithfidh go bhfuil aithne ag duine de na cailíní ar an té atá ag béiceadh,’ a smaoinigh mé, ‘Ní bheadh éinne a bheith sa teach agus gan aithne againn orthu.’

D’oscail doras mo sheomra agus tháinig fear isteach sa seomra ag béiceadh. Shuigh mé suas sa leaba agus bhéic mé ar ais air. 

‘Gread leat! Amach as mo sheomra!’

D’imigh sé agus sheas sé ar an taobh eile den doras ag béiceadh go fóill. 

‘Níl an boc seo ag dul a fhágáil go dtí go bhfaighidh mé réidh leis,’ a smaoinigh mé. 

Amach liom liom go dtí an áit a raibh sé le hiarraidh air an teach a fhágáil. 

“Táimid inár gcodladhl, imigh leat! Cén fáth a bhfuil tú anseo cá bith? Imigh!” a bhéic mé air agus é ag dul síos na staighre. Lean mé é go dtí go raibh sé taobh amuigh den phríomhdhoras. 

Ghlaoigh duine de na cailíní eile ar na póilíní. Tháinig siad agus d’iarr siad orainn an raibh muid cinnte nár fhág muid an doras tosaigh ar oscailt mar ba léir gur sin an bealach isteach a bhí aige. Bhrúigh sé ar an doras agus d’oscail sé é. D’fhág na póilíní an láthair, ag moladh dúinn an doras a chur faoi ghlas an chéad uair eile, cé gur mhínigh muid go raibh sé faoi ghlas agus muid lán cinnte de. 

Chuaigh muid ar ais go dtí an leaba. 

Chodail mé agus doras mo sheomra faoi ghlas ón lá sin ar aghaidh. Aon am san oíche a chuala mé torann nó béiceadh, tháinig m’anáil go gasta agus bhí faitíos an domhain orm. Cé nach raibh mórán measa agam ar na póilíní nó ar na Gardaí faoin am sin i mo shaol, bheadh níos mó seans go nglaofainn orthu siúd ná doras ar bith a oscailt le linn na hoíche. 

I ndiaidh an chiorcail don ghealach lán, rinne mo chara tí dearmad ar a eochair agus é imithe amach ag ól. Nuair a tháinig sé abhaile ag a trí a chlog ar maidin, chnag sé ar dhoras an tí. Dhúisigh mé agus chuala mé an cnag, chuala mé an trup. Tháinig m’anáil go gasta agus bhí faitíos orm. 

‘Tá Mark amuigh ag ól anocht,’ a smaoinigh mé, ‘Gach seans gur eisean atá ann.’

Bhí mo chroí go fóill i mo bhéal nuair a chuaigh mé amach go dtí an halla.

Tharla an cnag arís. 

Rug mé greim ar an mballa agus thóg mé anáil mhall isteach agus amach, ‘Mark atá ann,’ a smaoinigh mé, ‘Cé eile a bheadh ann?’ Síos staighre liom agus Mark a bhí ann. Thit sé isteach tríd an doras agus é stiúctha ólta.  

Níl a fhios agam céard a tharla le linn an chiorcail sin agus muid ag ceangal le cumhacht na gealaí le scaoileadh leis na rudaí a bhí ionainn nach raibh ag tacú nó ag cabhrú linn a thuilleadh, ach bhí agus tá a fhios agam gur bogadh rud éigin mór.

Bíonn éifeacht ag an ngealach ar an taoide. Nuair atá an ghealach lán, bíonn an taoide níos airde. Tá go leor uisce i gcorp an duine agus mar sin de luíonn sé le ciall go mbeadh éifeacht ag an ngealach orainne chomh maith. Níl a fhios agam céard go díreach a tharla ag an gciorcal sin ach tá a fhios agam gur féidir liom an doras a oscailt le linn na hoíche nuair a thuigim nach duine dainséarach atá ar an taobh eile de. 

Tá go leor rudaí sa saol seo nach féidir linn a thuiscint, ach is fiú go mór iad a úsáid lenár saol a fheabhsú. 

Close
Close