Ciarán Dunar
“Again, I am not being glib, but honestly, if you want to help revive Gaelic in traditional communities, the best way to do it is to move there, to respectfully and carefully integrate yourself into the local community, build trust with your humility, integrity and hard work, and become part of the organizing effort on the ground there.” (i) - Dr Tim Currie Armstrong
Rinne an Dr Tim Currie Armstrong an ráiteas thuas i mblagphostáil a d’fhoilsigh sé in 2021. Bhí an phostáil sin mar chuid de dhíospóireacht theasaí shearbh a phléann le sochtheangeolaíocht Ghaeilge na hAlban agus a scoilt an saol acadúil, go buan agus go do-athraithe, is eagal liom.
Ba é foilsiú an leabhair ‘The Gaelic Crisis in the Vernacular Community’ a spreag an plé. Chuir an leabhar sin cuid den locht faoi mheath na Gaeilge ar an lucht acadúil.
“It is clear from our findings that the Gaels, as a viable language community, are in crisis, especially since the early 1980s. The loss of dominance in the intergenerational transfer of Gaelic for over a generation has been pivotal. Various sociopolitical realities have driven the historical erasure of Gaelic communities, but Gaelic now attracts more favourable political and academic attention than most minority languages. Nevertheless, the inadequate levels of relevant policy response in governmental and academic circles, which prioritise the institutional position and symbolic status of Gaelic, do not address the urgency of language loss in the islands.” (ii)
Ní nach ionadh, chuir sé sin isteach ar dhaoine. Is dúshlán a bhí i gceist ag Armstrong dóibh sin nach mór acu athneartú na Gaeilge sna cathracha, is dóigh liom.
Tá an scoilt chéanna againn in Éirinn i saol na sochtheangeolaíochta, cé nach bhfuil sé chomh géar is atá in Albain. Is cinnte go bhfuil Gaeilgeoirí ann in Éirinn, ‘nuachainteoirí’ nach bhfuil mórán dúile acu in athshealbhú na teanga san iar-Ghaeltacht, ar chúis amháin nó eile, agus a chreideann i gcaomhnú na Gaeilge sa Ghaeltacht amháin nó go príomha. Is é moladh Armstrong don dream sin ná aistriú chun na Gaeltachta más féidir leo.
Creidim féin gur moladh ciallmhar atá ann. Tá sé deacair smaoineamh ar ghníomh níos fiúntaí agus níos réasúnaí chun rud dearfach daingean nithiúil a dhéanamh ar son na Gaeilge ná dul a chónaí i bpobal ina labhraítear í mar ghnáththeanga mar chuid de thraidisiún neamhbhriste.
Creideann Armstrong go bhfuil todhchaí na Gaeilge in Eileanan an Iar in Albain i lámha mhuintir na n-oileán féin:
“We’re all desperate to find a way to save Gaelic, and that leads some folk to try to assign blame, but the kind of political organization required to generate power has to grow organically from the grassroots; it can’t be imposed from above or outside.”
Dar leis, cuireann seo frustrachas ar Ghaeilgeoirí na gcathracha:
“This is intensely frustrating for Gaelic activists down south who worry (rightly) about the state of Gaelic in the Islands, but this is the reality. The future of Gaelic in the Islands is squarely in the hands of the people living there.”
Tá an ‘dlús’ sin atá de dhíth ar an Ghaeilge le fáil sna Gaeltachtaí go fóill, cé go bhfuil sé á chailleadh i rith an ama. Tá dlúthphobail Ghaeilge ann go fóill cé go bhfuil siad i mbaol. Ní féidir mórán a dhéanamh ar a son agus duine ina shuí i mBéal Feirste nó i mBaile Átha Cliath, cé go ritheann ráiteas clúiteach Mháirtín Uí Chadhain liom:
“Ní mhairfidh an Ghaeilge gan an Ghaeltacht ach ní mhairfidh an Ghaeltacht ach oiread gan an Ghaeilge ar fud na hÉireann.” (iii)
Fennell
In aiste clúiteach a scríobh sé in 1981 ‘Can a shrinking linguistic minority be saved?’, léirigh an fealsamh Desmond Fennell an tuairim chéanna is a léirigh Armstrong, measaim:
“If there is a territory in which a particular language is usually spoken, and it is contracting continually through language change on the fringes, who can stop this contraction? Clearly only the people of that territory by deciding to do so, and by taking appropriate measures.... a shrinking linguistic minority can be saved from extinction only by itself; and on condition that it acquires the will to save itself, and is not and is not prevented from taking appropriate measures but assisted in doing so.” (iv)
I bhfad Éireann sular scríobh Fennell an aiste sin, mhol sé do Ghaeilgeoirí na gcathracha éirí as an athbheochan agus cúlú siar chun na Gaeltachta, Gaeltacht Chonamara déanta na fírinne, chun ‘Iosrael in Iar-Chonnacht’ a bhunú:
“Mar sin, níor mhór do na Gaeilgeoirí tús a chur leis an "Israel nua" seo trí choilíneachtaí a bhunú i nGaeltacht na hIarghaillimhe. Gaeilgeoirí de gach ceárd agus ealaín: tá saothrú beatha ann cheana agus is féidir an saothrú sin a leathnú le héirim aigne agus le hallas.” (v)
Bhog sé féin siar agus spreag sé daoine eile amhlaidh a dhéanamh, daoine ar nós Bob Quinn agus Dhonncha Uí Éallaithe, beirt a d’imir an-tionchar ar chinniúint Ghaeltacht Chonamara.
“Chuaigh a theachtaireacht i bhfeidhm ar dhornán beag daoine san ardchathair, mé féin ina measc,” (vi) a scríobh Ó hÉallaithe.
Chuaigh Fennell agus a theaghlach siar go Carna agus bhí sé an-ghnóthach i gcúrsa Gaeltachta, mar a scríobh Bob Quinn:
“Lest this give the impression of a hurler on the ditch, I can report that he was a major participant in the Gaeltacht civil rights movement of the 1960s and 1970s – including the entire 50-mile march from Carna to Bearna to highlight the problems of the area. Not least, he could clearly articulate the philosophy behind the movement. Máirtín Ó Cadhain even conceded that there was something in Fennell’s challenge to urban Gaeilgeoirí, ie that they should en masse migrate to the Gaeltacht.” (vii)
Dóchas caillte
Sa deireadh áfach, thréig Déasún Fennell a aisling féin agus d’fhág sé Conamara, agus de réir cosúlachtaí, chuir sé níos mó spéise i nGaeilgeoirí na gcathracha ná sa chainteoir ó dhúchas ina dhiaidh sin:
“It is clear that Fennell lost hope for that local movement when he left Connemara many years ago, subsequently writing: “The several thousand men and women throughout Ireland who speak and read Irish well... embody the Irish language alive today... more fully than any Gaeltacht did.” (viii)
Bhí tionchar dearfach aige a fhad is a bhí sé ann áfach.
Na hUltaigh
In Ultaibh, d’aistrigh cuid daoine siar go Gaeltacht Thír Chonaill chomh maith, muintir Uí Mhaoileoin (ix), clann Uí Mhonacháin agus muintir Uí Mhianáin (x), cuir i gcás. D’fhan cuid acu ann, d’fhill daoine eile. Bhí eispéiris dhifriúla acu go léir is dócha. Mar a dúirt duine amháin a d’aistrigh siar, ní aon pharthas an Ghaeltacht ach oiread.
Tuigtear dom gur sa tóir ar an Ghaeilge dhúchasach thraidisiúnta a bhí siad den chuid is mó, ach bhog daoine eile chun na Gaeltachta óir shíl siad gurbh fhéidir leo dul i bhfeidhm ar mhuintir na Gaeltachta agus fonn troda a chothú iontu.
Ar an lámh eile, luaigh daoine liom gur roghnaigh siad gan dul siar mar gheall ar mheath na Gaeilge, gurbh fhearr leo ‘cainteoirí dóchais’ a dhéanamh dá gcuid páistí i gceantair ina bhfuil rath ar an teanga ná cainteoirí dúchais a dhéanamh díobh i gceantair ina bhfuil meath uirthi.
Bhog Gaeilgeoirí chuig Gaeltachtaí i gCúige Mumhan chomh maith. Tá rian Shéain Uí Riada (xi) agus a mhná céile Ruth ar Chúil Aodha go dtí an lá inniu, cuir i gcás.
Buntáistí
Mar a mhol Armstrong thuas, is gníomh an-láidir is féidir le duine a dhéanamh ar son na Gaeilge é bogadh na Gaeltachta. Fiú mura ndéanfá ach cónaí ann agus an teanga a labhairt, bheifeá ag cur le déine úsáid na teanga ann agus le líon / céadatán na nGaeilgeoirí laethúla ann.
Do go leor daoine, ba dheis é chun maireachtáil de réir idé-eolaíocht agus creideamh sochtheangeolaíochta s’acu féin. Is é sin le rá a bheith ina gcónaí i bpobail ina bhfuil an Ghaeilge thraidisiúnta ‘bharántúil’ á labhairt, seachas i gcomhthéacs na hathbheochana ‘saorga’ san iar-Ghaeltacht.
Tá dlúthphobail Ghaeilge ann go fóill, cé go bhfuil meath orthu, agus is comhthéacs é inár féidir le páistí an teanga a shealbhú go hiomlán go fóill – rud nach féidir a chinntiú san iar-Ghaeltacht.
Fiú mura bhfuil Gaeilge na Gaeltachta agat féin, is féidir go mbeadh Gaeilge na Gaeltachta ag do pháistí, í foghlamtha sa phobal, agus ní beag an rud é sin.
Taobh amuigh den teanga féin, tá ceist níos ginearálta an tsaoil ann: pobail mhaithe agus iad suite i gceantair áille. Saol tarraingteach a bheadh ann do go leor daoine.
I gcásanna áirithe, seans go mbeadh fostaíocht tharraingteach ar fáil freisin.
Míbhuntáistí
Ach bheadh míbhuntáistí agus deacrachtaí ann fosta, cuid acu measartha suntasach.
Ar na deacrachtaí is mó bheadh cúrsaí fostaíochta. Go traidisiúnta, bhí ganntanas post ann sa Ghaeltacht. Fiú má tá post ar fáil, seans nárbh fhéidir slí bheatha a leanúint sa dóigh ar mhaith leat, is é sin le rá, deiseanna dul chun cinn agus srl. Seans gur féidir le cianobair cabhrú leis sin amach anseo áfach agus go mbeadh sé de chumas ar roinnt daoine gnó a bhunú chun fostaíocht a chruthú dóibh féin.
Is é an deacracht mhór eile ná tithíocht. Tá sé beagnach dodhéanta cead a fháil teach a thógáil, tá sé an-chostasach teach a cheannach agus is féidir leis a bheith an-deacair teach a fháil ar cíos in áiteanna áirithe. Níl na deacrachtaí seo dosháraithe, ach tá siad suntasach.
Déanann na húdaráis obair éigin chun daoine a mhealladh chun cur fúthu sa Ghaeltacht ach ní féidir a bheith ag dúil le haon chabhair agus tú ag bogadh ann. Togra príobháideach a bheadh ann a mbeadh costas air.
Míbhuntáiste a bheadh ann do go leor daoine ná saol na tuaithe, an iargúltacht agus easpa acmhainní. Bheadh na gnéithe seo an-suntasach do dhaoine a tógadh sna cathracha seans.
Caithfear a admháil freisin, sa chás ina n-aistreodh Gaeilgeoirí chun na nGaeltachtaí ‘en masse’, mar chuid d’oll-imirce, go n-athródh sé sin an Ghaeltacht go mór agus go mbeadh tionchar aige sin ar an Ghaeilge féin fiú. Mar sin féin, tá athruithe ag teacht ar na Gaeltachtaí cibé ar bith.
An rogha
Le tamall anuas, bhí grúpaí in áiteanna sa Ghaeltacht - Carna, Inis Meáin, Uíbh Ráthach, mar shampla - ag iarraidh ar theaghlaigh bogadh ann.
Deirtear gur mhaith an rud dá mbeadh Gaeilge ag na teaghlaigh sin ach nach bhfuil sé riachtanach. Mar sin de, is féidir gur Béarlóirí a bheidh i gcuid mhór de na teaghlaigh sin a mheallfaí siar.
An ndéanfaidh sé sin dochar don Ghaeltacht mar áit labhartha Gaeilge? Is é rogha na nGaeilgeoirí é sin.
Ní gá aontú le gach aon fhocal den íde-eolaíocht taobh thiar de mholadh Fennell, ach bhí sé an-chiallmhar agus praiticiúil, agus is léiriú ar an mhéid sin na daoine a lean é siar. Más cainteoir Gaeilge cumasach thú, a bhfuil dílseacht don teanga agat, is doiligh smaoineamh ar ghníomh níos éifeachtaí ná bogadh chun na Gaeltachta.
Más Gael thú nach spéis leis / léi an athbheochan, a chreideann nach féidir é a bhaint amach nó nach dtaitníonn Gaeilge na hAthbheochana leat, cad eile a dhéanfá seachas dul chun na Gaeltachta?
Mar sin féin, mura féidir leat dul siar, nó mura féidir leat obair a fháil ann (xii), beidh ort díriú isteach ar an cheantar ina bhfuil tú nó ar cheantar a mheallann tú ar chúis eile. Mar a scríobh an Dr Tim Armstrong: “But if you don’t want to do that, or can’t presently do that, then the first step is to commit yourself to real grassroots organizing for the revival of the Gaelic language where you currently live.” (xiii)
___________________________
[iii] https://tuairisc.ie/postaer-in-omos-do-mhairtin-o-cadhain/
[iv] Fennell, D., 1981.
[v] http://anghaeltacht.net/IarChnBgan/PlandailChon284.pdf
[vi] Ó hÉallaithe, D. (2021).
[vii] Desmond Fennell: life of a tireless thinker and self-believer. (2017). Retrieved 23 July 2022, from https://www.irishtimes.com/culture/books/desmond-fennell-life-of-a-tireless-thinker-and-self-believer-1.3065221
[viii] Ibid.
[ix] “D’fhill siad ar Éirinn le socrú síos i nGaeltacht Ros Goill in 1971 agus thóg siad teach cónaithe ar an Mhuirleog. Rinne siad an-iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail sna blianta a chaith siad i Ros Goill ach níor éirigh leo an dul chun cinn a bhí uathu a chur i gcrích sna 1970idí. Tréimhse chonspóideach í an tréimhse sin in Éirinn, go háirithe do bheirt Feirsteach ag iarraidh an Gaelachas a chur chun cinn i gceantar Gaeltachta taobh leis an teorainn. Níor chuir sé sin cosc lena ndíograis i leith chultúr na Gaeilge áfach agus lean siad leo le cúrsaí ceoil agus siamsaíochta sa phobal agus a dteaghlach féin á thógáil le Gaeilge acu ag an am céanna. I rith na 1970idí agus na 1980idí níor staon Caitlín de chur chun cinn an cheoil Ghaelaigh agus í ag obair le páistí an cheantair le cóir agus le grúpaí ceoil. Fad agus a bhí an ceol á shaothrú aici sa teaghlach i rith na tréimhse seo, bhí ceoltóirí áitiúla á gcur chun cinn aici ag leibhéal náisiúnta chomh maith agus ghlac cór dá cuid, Ceoltóirí Óga Mhíobhaigh, páirt i gCraobh na hÉireann i nGaillimh i lár na 1970idí sa chomórtas Cór na nÓg. Ba rud mór é seo ag an am sin, go háirithe do ghrúpa daoine nach raibh fáil ag a bhformhór an contae a fhágáil roimhe sin. Ba sa cheol ba mhó a chaith sí a cuid díograise agus páistí á dtabhairt aici go comórtais náisiúnta Slógadh mar aon le ranganna ceoil á dteagasc aici ag leibhéal áitiúil.” https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=3059
[x] “Bhí triúr páistí ag Proinsias agus Róis faoin am seo agus an mac is sine, Pádraig, in aois scoile. Dar leis an lánúin nárbh fhearr dóibh rud ar bith a dhéanfaidís ná oideachas Gaeltachta a chur orthu. Bhog an teaghlach go dtí an Ghlaisigh i nGaoth Dobhair in 1973. Bhíodh Proinsias agus teaghlaigh eile ‘as baile isteach’ in achrann le húdaráis an stáit agus na heaglaise faoi chúrsaí teanga agus cearta eile, agus bhí cuid de mhuintir na háite nach raibh sásta faoin tseasamh seo. Bhí gnéithe den chóras oideachais sa Ghaeltacht nach raibh Proinsias ná Róis leathshásta fúthu, agus nuair a chuaigh an t-achrann sa phobal i bhfeidhm ar shaol scoile a mbeirt pháistí a bhí ar an bhunscoil áitiúil san am, shocraigh siad in 1975 ar oideachas a chur ar a muirín féin sa bhaile feasta. Ceathrar páistí a bhí acu faoin am seo, Pádraig, Róisín, Nóirín agus Gearalt. Bhí siad ábalta curaclam leathan go leor a sholáthar: Gaeilge, mata, stair, tíreolaíocht, Fraincis, ceol agus Laidin.” https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=5037
[xi] “Oiriúnach go leor, ba é teach Dhónaill Uí Cheocháin i nDraighin a cheannaigh sé agus b’fhéidir a rá go raibh sé chomh dícheallach céanna le Dónall ag iarraidh seol na Gaeilge a choimeád in airde sa dúiche. San eagrán speisialta úd de Feasta gheofar tuairimí Dhonncha Uí Chróinín, fear de bhunadh an cheantair, ar a mhéid a chuaigh sé i gcion ar an áit. Taispeánann Ó Canainn nach i gcónaí a bhíodh gach duine ag réiteach leis ach admhaítear i gcoitinne gur tharraing sé aird na hÉireann ar Chúil Aodha. Bhunaigh sé Cór Chúil Aodha, ar rud nua amach is amach é i saol na tíre agus go háirithe sa cheol eaglasta. Bhíodh sé aislingeach i dtaobh arbh fhéidir d’fhorbairt a dhéanamh sa dúiche.” https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=779
[xii] Chun a bheith soiléir, bhí mé féin agus mo theaghlach lonnaithe sa Ghaeltacht (An Spidéal) ar feadh cúig bliana ach bhí orainn bogadh soir de bhrí nach raibh mé in ann fostaíocht a fháil ann.