‘Cromshamhain 2018’ faoi lán seoil

Seaghan Mac an tSionnaigh

I Melbourne na hAstráile sa bhliain 2004 a gineadh Fondúireacht Movember.

Is ea, ‘Movember’, ‘er’, le ‘er’ istigh ina dheireadh.

Tagann na hAstrálaigh le tuiscintí Meiriceánacha ó thaobh choinbhinsiúin litrithe an Bhearla de.

Ach ná bacaimis a thuilleadh an éagsúlacht ó thaobh foircinn iolra an Bhéarla a litriú.

‘Cromshamhain’, focal difriúil ar fad, atá tugtha ag roinnt de na Gaeil ar an bpiseog seo a bhíonn go bliantúil anois ann.

Ó lá Samhna go dtí an chéad lá Nollag a bheadh croiméal Cromshamhna (is ea, foirm an tuisil ghinidigh) á chaitheamh ag fear éigint nach gnách in aon chor leis croimeál le biaistí eile na bliana.

Na síntiúis a íoctar leis mar chúiteamh ar an drochrud a fhulaingt ar feadh na coda is fearr de ráithe, cuirtear ar aghaidh iad le bronnadh ar charthanacht nó ar institiúid taighde is rogha le lucht caite an chroiméil.

Ní maith liom puinn an focal ‘croiméal’ dála an scéil – ‘muisteais’ a chuala-sa riamh thiar i gCorca Dhuibhne ó bhearbóir pointeáltha áitrithe a bhearrfadh le deimheas tú ar chur na ceist duit.

Tá ceist eile gan fuascailt fós ann – dhá thuiscint a bheith ann ó thaobh cathain is gá tús a chur le próiséas fáis an chroiméil.

Táthar ann a deir gur fearr glanbhearrtha lá Samhna, agus an croiméal ag fás leis ina dhiaidh sin.

Táid sin leis ann a deir gur fearr corrán feasóige a bheith Oíche Shamhna ar an iarrthóir, agus searmanas bearrtha a chur ar bun le dubh dorcha na hadhmhaidine dar gcionn.

Gael ar m’aithne atá sáite sa Chromshamhain i mbliana ná Oisín Uíbh Eachach, agus is chun aird a tharrac ar a fheachtas a thugas fén alt so a scríobh.

Ní raibh aon aga aige féin ar aon ní a scríobh de bharr an ama ar fad a bhíonn á chaitheamh ar stól an bhearbóra i láthair na huaire aige.

Sprioc €300 nách mór bainte amach aige.

Chun sochair do mheithil taighde a bhíonn ag plé le meabharshláinte na bhfear a rachaidh an t-airgead a bheidh bailithe i ndeireadh thiar aige.

$54,000 a thiomsaigh an chéad 30 fear a thug fén gCromshamhain an chéad bhliain sin 2004, agus is ar Prostate Cancer Foundation of Australia (PCFA) a bhronnadar an tsuim mhór sin.

Bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha a tháinig isteach i bhfochair na nAstrálach nuair cruthaíodh fearann Éireannach don suíomh idirlín sa bhliain 2008.

Ceanada, SAM, agus an Ríocht Aontaithe beagán chun cinn orainn ansan agus a bhfeachtais Chromshamhna in ord acu ó bhí 2007 ann.

Fondúireacht mhór dhomhanda anois is ea Fondúireacht Movember, agus cúig mhilliún daoine tar éis páirt a ghlacadh ina bhfeachtas.

Tá bonn curtha fé 1,200 tionscnamh úrnua a dhíreoidh ar shaincheisteanna na sláinte firinne a bhuí le maoiniú a d’fhoinsigh Fondúireacht Movember.

Bainfidh an fhoinse airgid seo na mná leis amach – go deimhin is ag aithris ar fheachtas cáiliúil eile a dtugtar Pink October air a bhí an Fhondúireacht Movember an chéad lá.

Sa bhliain 2016 inar thugas-sa fén gCromhshamhain go deireanach, chuadar isteach in aon leabaidh leis an National Breast Cancer Foundation Australia d’fhonn teacht ar chóirithe leighis a mbainfeadh idir fhir agus mhná tairbhe astu.

Tacaímis leo!

Close
Close