Credo

Credo

Dónall Mac Giolla Chóill

Ní chreideann an DUP agus níos tábhachtaí arís, oifigigh sa Roinn Comhshaoil agus Talmhaíochta, gurb ann don ghéarchéim aeráide agus don éigeandáil aeráide.

Ní chreideann Edwin Poots an tAire Talmhaíochta agus Comhshaoil (Aire na gCaorach) agus an Teachta Parlaiminte Sammy Wilson (Exhibitionaire Extraordinaire, Mon Dieu!) ann ach an oiread.

Creideann siad beirt áfach nach bhfuil an domhan seo againne ach thart ar 6000 bliain d’aois.

Dúirt Edwin Poots an tseachtain seo caite nár ardaigh an leibhéal CO2 san atmaisféar le linn na dianghlasála, gur ísligh sé, fiú gur lean na ba ag broimnigh leo.

Go tobann agus mé ag críochnú an cholúin seo, deir Edwin Poots go gcreideann sé sa ghéarchéim agus san éigeandáil aeráide, athrú poirt uaidh faoin athrú aeráide.

Dúirt Rúnaí Buan na Roinne gur cuireadh nóta i measc pháipéir threorach an Aire, nóta gan mhíniú, gur cuireadh an nóta seo isteach mar chur síos ar pholasaí an Aire agus chan polasaí na Roinne.

Más rud é gur thuig tú an méid thuasluaite, agus gur chreid tú é, is fearr ná mise mar dhuine thú.

Bheinn i mo chnap sa choirnéal, na deora ag rith as achan ghiota díom, muna raibh an scéal seo tromchúiseach.

Iadsan an páirtí, ina dhiaidh sin agus uile, a bhí ag briseadh na gcos, ag iarraidh deireadh a chur leis an dianghlasáil, ag sodar i ndiaidh na dTóraithe, ag moladh do dhaoine dul ar ais i mbun oibre.

Déarfainn go bhfuil siad in amhras gurb ann do Covid-19.

Déarfainn fiú gur beag rud a gcreideann Aire na gCaorach ann nach bhfuil luaite i Leviticus.

Níl barúil agam cad é a gcreideann Diane Dodds ann, Aire Eacnamaíochta s’againn.

Níl neart ná fuinneamh ionam iarracht a dhéanamh fiú ar gach a chreideann, nó nach gcreideann ár nAire Oideachais Peter Weir ann a thomhas, seachas nach gcreideann sé i bhfiúntas an Ghaeloideachais.

Creideann an DUP gurb é an t-aon chúis atá le pósadh ná le páistí a ghiniúint, sin an chúis is mó a gcuireann siad i gcoinne pósadh comhghnéis.

Níl siad ar bhealach ar bith homafóbach, agus tá meas acu ar gach duine, gach duine faoin ghrian, a chruthaigh Dia a tháinig ó Ádhamh agus Éabha thart ar 6000 bliain ó shin.

Ach de réir na rúibrice sin acu, ní bheinnse agus Iris Robinson ábalta pósadh, fiú dá mbeadh sí saor le pósadh agus go mbeadh an fonn sin ormsa. Chuala mé ráfla go bhfuil sí iontach báúil le fir níb óige ná í, ach ó tharla mé sna 40í, seans go mbeinn róshean.

Tá rudaí ag dul in aimhréidh leis an DUP maidir leis an bhille úr a cuireadh faoi bhráid an Tionóil le seachtain anuas.

De réir tuairisce, vótáil 11 Chomhalta den Tionól Reachtach de chuid an DUP i gcoinne mhian Arlene, agus thug na boic mhóra i Londain, Jeffrey Donaldson, Sammy Wilson agus fear thuaisceart Bhéal Feirste, na Grandees sa pháirtí, thug siad comhairle di gan barraíocht brú a chur ar na baill.

Tá iarbhall den pháirtí, Jim Wells san iomaíocht do Ghradam Thaidhleora na Bliana, nuair a labhair sé sa tionól faoi chomh seicteach is atá Cumann Lúthchleas Gael.

Anois, níl fuath ag an DUP ar CLG, níl cinnte - is cuma leo faoi CLG a bheith ann, a fhad is nach bhfaigheann an eagraíocht pingin d’airgead poiblí, nach n-imrítear oiread agus cluiche, agus nach gcaithfear léine dá gcuid amuigh i measc an phobail.

Le cruthú nach bhfuil an nimh san fheoil ag an DUP do rud ar bith beo nach siúlann ar an 12 lá d’Iúil, seo chugainn an fuirseoir idirnáisiúnta ó Dhoire (Londain) Thoir, Gregory Campbell.

Anois níor labhair mé le Gregory ariamh, ach tá mé ag fanacht leis an lá geal sin nuair a déarfaidh Gregory nach bhfuil fuath aige don Ghaeilge, agus nach miste leis an Ghaeilge…

“A fhad is nach labhraítear, nach scríobhtar ná nach léitear í, agus nach bhfuil sí feiceálach sa phobal, nach bhfaigheann sí pingin d’airgead poiblí, nach ndéanfar páiste ná duine ar bith a oiliúint trína meán. Agus nach gcruthaítear oiread is post amháin sa teanga sin.”

Creidim go dtiocfaidh an lá sin.

Close
Close