Tá an dúshlán ollmhór a bhaineann leis an choróinvíreas feicthe lena dhá shúil féin ag an Dr. Cillian Ó Coinn, Dochtúir Comhairleach SEIF as Ard Mhacha Theas atá anois ag obair i gcoinne COVID-19 in otharlann teagaisc i Londain. Seo a thuairisc ón líne thosaigh...
Cillian Ó Coinn
Is beag duine a chuala trácht ar SARS-CoV-2 (an víreas is cúis le COVID-19) go dtí cúpla seachtain ó shin. Is fadhb i bhfad i gcéin a bhí inti, in ardchathair choimhthíoch, áit éigin sa tSín. Níor bhain an fhadhb seo linne. Ghlac an mhórchuid againn leis go dtiocfadh smacht ar an víreas. Ach ag bogadh chun na hIodáile dó, thosaigh daoine ag tabhairt níos mó airde air. Níor glacadh dáiríre leis áfach go dtí gur thosaigh na horduithe dianghlasála a bheith á gcur i bhfeidhm. Bhí mé féin i measc na sluaite soineanta, agus ghlac mé an seans dul ar mo chéad turas sciála ariamh chuig na Dolomiti sa dara seachtain de mhí an Mhárta. Druideadh na hionaid sciála ar an dara lá dom a bheith ann. Thit an phingin.
Ar theacht ar ais go Londain dom, bhreathnaigh mé ar mo chuid ríomhphost oibre. Chonaic mé an mór-ruathar. Ba léir go raibh COVID-19 tagtha isteach de sciuird chuig mo gharraí cúil féin. Níorbh fhad go mbeadh sé ag réabadh ar luas lasrach trí Londain Thoir Theas. Gach uile lá, tá muid ag glacadh treoir i ndiaidh treorach le stop a chur lenár ngnáthobair féin chun an ghéarchéim seo a bhainistiú. Gach lá go dtí seo bhí cruinniú i ndiaidh cruinnithe agus prótacal i ndiaidh prótacail scríofa agus athscríofa. Ansin, tháinig achainí ónár gcomhghleacaithe sna Rannóga Riospráide ag lorg cabhrach le haire a thabhairt d’othair s’acu – ní raibh siad in ann déileáil leis an mhéid othar a bhí ag teacht a dtreo. Cé go bhfuil mé i mo Dhochtúir Comhairleach ag plé le SEIF de ghnáth, mhothaigh mé go raibh ról lárnach le himirt agam le dul i ngléic leis an víreas úrnua. Agus mé ag scríobh an ailt seo, tá 417 duine a bhfuil COVID-19 orthu faoi chúram na hotharlainne - is méadú 105 é seo ar an líon a fógraíodh Dé hAoine - agus fuair ar a laghad 50 bás go dtí seo.
Ghlac mé leis an dúshlan agus rinne mé mo chéad seachtain ar na bardaí COVID an tseachtain seo chuaigh thart. Nuair a shiúil mé isteach ar an bharda, mhothaigh mé thar a bheith faiteach. Tá mé ar an eolas faoi na staitisticí loma a bhaineann leis na grúpaí a tholgann an galar go furasta, iad siúd a éiríonn an-tinn go deo agus faraor a chailleann a mbeatha. Is fear 38 mblian d’aois mé gan aon bhunghalar orm, go bhfios dom. B’fhéidir go bhfuil mé soineanta ach mhothaigh mé go raibh na corrlaigh ar mo shon dá mba rud é go mbuailfeadh COVID-19 mé. Níl na corrlaigh ar mo shon le COVID-19 a sheachaint áfach. Nuair a d’athraigh mé ó mo chuid gnáthéadaí féin isteach sna ‘scrubs’ agus nuair a shiúil mé isteach chuig an bharda, bhí sé ríshoiléir cé chomh bunúsach is a bhí an trealamh cosanta pearsanta (PPE): péire lámhainní scrúdaithe nitrile, naprún tanaí bándearg, masc máinliachta scaoilte déanta ag comhlacht dar teideal ‘Tiger’ (más mian leat íomha a Ghoogleáil). Tá sé seo uilig go hiomlán i gcoinne threoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO): tá a fhios againn uilig é seo ach tá dímheas léirithe ag na hudaráis orainn ag maíomh nach bhfuil fianaise ann gur chóir go mbeadh caighdéan níos airde ann do na hoibrithe ar an líne thosaigh. Bheadh meas agam ar fhreagairt fhírinneach – níl go leor PPE le dul thart. Nuair a chrom mé thar dhuine de mo chuid othar le labhairt leis tríd an masc ocsaigine, rinne sé casacht i m’aghaidh. Ba léir dom nach leor an chosaint seo atá againn. Nuair a lean an mhaidin ar aghaidh, d’imigh an teannas agus chuaigh na dochtúirí, altraí agus na hoibrithe eile sláinte ar ais i mbun clabaireachta. Leis seo, mothú beagán sásachta, d’éirigh muid cleachtaithe leis an easpa cosanta agus chuaigh muid i múinín an dóchais.
Ná bíodh aon amhras ort: ní ‘droch-fhliú’ a thugann COVID-19 duit. Is tinneas gránna é seo agus bíonn daoine an-bhreoite le fiabhras, miailge agus, níos géarchúisí, easpa anála. I dtéarmaí eile, forbraíonn siondróm hipir-athlasta le galar scamhóg ionsíothláite idirleata a chothaíonn feiniméan darb ainm “Géarshiondróm Anacair Riospráide” nó GSAR. Bíonn níos mó ocsaigine de dhíth go géar. Tá an chóir leighis thacúil bunaithe ar thacaíocht ocsaigine, bainistiú sreabhán coirp (le cinntiú nach mbíonn barraíocht sreabhán coirp ag na hothair agus nach rachadh an anacair riospráide chun donais) agus cúrsa antaibheathaigh le dul i ngléic le haon ionfhabhtú baictéarach a thiocfadh orthu. Níl aon drugaí frithvíreasacha ar fáil le troid in éadan SARS-CoV-2. Mar lia ag tabhairt aire do na hothair seo, is é an chéad chinneadh eile ar an líosta ná “ar cheart dúinn iad a aeráil má théann siad in olcas?” Bíonn na cinntí áirithe seo le déanamh de ghnáth ach anois tá siad i bhfad níos práinní. Níl go leor aerálaithe ar fáil d’achan duine.
Ardú pleanála córa leighis – seo an téarma a bhíonn in úsáid ag dochtúirí le cur síos a dhéanamh ar an mhéid idirghabhála leighis ba chóir a bheith ann in extremis – tá sé seo anois chun tosaigh sna comhráití i measc foirne ildisciplíneacha, leis na hothair féin agus a ngaolta. Níl aon amhras ann ach go bhfuil ganntanas leapacha aerálaithe, ach bíonn na comhráití seo ann le cinntiú go dtugtar aeráil shaorga agus leaba don té is dóchúla le teacht slán as an chóir leighis. Tá bunús na n-othar sean, dímríoch agus lag. Ach dá mba rud é gur do mháthair féin nó d’athair féin a bhí ann, bheifeá ag iarraidh go ndéanfaí an oiread agus b'fhéidir ar a son. Dá mbeadh sólathar gan teorainn de leapacha aerálaithe ar fáil inár gcuid ionad dianchúraim, an mbeadh na comhráití deacra neamhbhalbha seo ann? Ní dócha é.
Ó scríobh sé an t-alt seo fuair Dr. Ó Coinn amach go bhfuil COVID-19 air ach tá sé ag bisiú anois agus ag dul ó neart go neart.