Dónall Mac Giolla Chóill
Stad bomaite, ba chóir domsa a bheith saibhir.
Tagam ó theaghlach a raibh siopa acu lá den tsaol.
M’athair mór, John Beag Williams, agus mo mhathair mhór, Mary Mhór Austin Williams.
Ach seo mé inniu ag scríobh alt ar mhaithe le leathdhosaen uibheacha a íocfaidh Meon Eile liom mar chuiteamh ar na focail seo.
Ach faraor druideadh an siopa i bhfad sular rugadh mé, agus mar an gcéanna len chuid eile de bhunadh Mhín an Chladaigh, níor tógadh i dteaghlach nó i gclann rachmasach mé.
Mas rud é go raibh muid bocht, bhí gach duine thart orainn chomh bocht linn.
Ach bhí saibhreas ann, saibhreas atá anois caillte.
Bhí comhar na gcomharsan ann, bhí bó bainne againne agus ba ghnáth le m’athair fuílleach an bhainne a roinnt lena chuid deirfreacha agus leis na comharsana.
Dhéanfadh sé féin agus Dinny trásna an bhóthair cuid móna a chéile a bhaint agus dhéanfadh an dá theaghlach í a ghiollacht.
Tá an lá sin imithe uainn.
Ní bhíonn meitheal ann a thuilleadh san fhómhair leis an fhéar a bhaint nuair a thagadh an muileann thart ó fheirm go feirm agus ní bhíonn teaghlaigh iomlán amuigh ag cróigeadh ar an chaorán, nó ag toghadh prátaí.
Cuireann an saibhreas caillte seo na líontaí ón amhrán ‘Sit Down’ i gcuimhne dom: “If I hadn’t seen such riches / I could live with being poor.”
Ní raibh duine ar bith níos fearr ná an dara duine, agus taobh amuigh, abair, de mhuintir Bhun an Leaca, níor mhothaigh tú níos féarr nó níos uaisle ná do chomharsana.
Tá go leor cainte sna laethanta seo ar an ghéarchéim costais maireachtála.
Bhí costas maireachtála ann ariamh ón lá ar rugadh thú.
Mas rud é go raibh airgead gann siar sna ‘80idí nuair a bhí mé féin ag éirí aníos, bhí airgead inteacht ann, agus is iomaí rud a thiocfadh le deich bpingin a cheannach thuas i siopa Phádaí, agus nuair a fuair mé nóta puint ó fhear gaolta liom do mo Chéad Chomaoineach, bhrís sé mo chroí nuair a bhí orm é a chaitheamh.
Anois inniu, ní hamháin go bhfuil caint faoin chostas maireachtála, ach tá caint faoin ghéarchéim a bhaineann leis, agus an ráta boilscithe ag ardú agus luach breosla, teasa agus leictreachais ag méadú as cuimse lena chois.
Muna raibh rudaí olc go leor, tá an rialtas ag bagairt cosc a chur ar an mhóin sa bhaile, nach mbeidh cead ag duine a dhul agus móin a bhaint agus ansin a dhíol.
Obair mhaslach is ea an mhóin a ghiollacht - rinne mise lá iomlán ar an chaorán agus ba bheag nár seoladh chun an síoraíochta mé - ní sin slí bheatha ar rugadh mise chuige.
Bliain ó shin mhairfeadh cúig phunt leictreachais ar a laghad cúig lá duit, i rith an tsamhraidh, ach anois sa lá atá inniu ann is ar éigean a mhairfeadh deich bpunt trí lá.
Bhí agus tá praghasanna ag dul in airde - is annamh a thiteann luach rudaí.
Is cuimhin liom nuair a bhí géarchéim ola ann blianta ó shin agus chuaigh praghas na dtacsaithe agus na mbusanna in airde ach nuair a bhí deireadh leis an ghéarchéim agus nuair a bhí ola níos flúirsí, d’fhan na praghasanna thuas ansin, agus de réir a chéile d’ardaigh siad leo.
Bhí cur síos ar leith ag mo mháthair ar lucht siopaí an cheantair, agus déarfadh sí; “Bhainfeadh siad an dá shúil as do chloigeann, agus ansin thiocfadh siad ar ais fá choinne do mhallaí.”
Agus sin ó iníon mná siopa féin.