Contúirt na neamhréire polasaí

Ciarán Ó Pronntaigh

Sna blianta amach anseo, beidh cuimhne ar óráid an Taoisigh. Ní an ceann a rinne sé Lá Fhéile Pádraig, dá fheabhas é in am an ghátair, ach an ceann inar fhógair sé go mbeadh dianghlasáil, a bheag nó a mhór, i bhfeidhm ó dheas. Cinneadh é seo a tháinig aniar aduaidh ar an ghnáthdhuine, ar an fheidhmeannas ó thuaidh agus ar bhaill den chomh-aireacht, de réir tuairiscí.

Ar feadh tréimhse, shíl an chuid is mó againn gur fadhb i bhfad i gcéin a bhí sa choróinvíreas nach mbainfeadh linn ar chor ar bith. Ceart go leor, bhí daoine ag fáil bháis sa tSín ach cá mhéad uair eile a chonaic muid pictiúir dá leithéid agus nach ndearna muid faic?

Ní rófhada ó shin a bhí polaiteoirí áirithe ag rá os ard go raibh an galar nua seo ar aon dul le drochfhliú. Ach diaidh ar ndiaidh, tháinig muid ar an tuiscint nach raibh an galar seo ag dul a imeacht mar a d’imigh na hollghalair eile, amhail Sars nó Ebola.

Is cinnte nach drochfhliú atá ann ach oiread. Ba ag deireadh 2019 a tuairiscíodh don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte cás de niúmóine nach bhfacthas riamh. Cineál de choróinvíreas a bhí ann agus tugadh COVID-19 air. Taobh istigh de chúpla lá bhí na chéad chásanna le feiceáil i dtíortha sa Chianoirthear. Bhí sé ag spré go gasta.

Bhí na tíortha san iarthar fós drogallach mórán a dhéanamh nó chosnódh gach gníomh airgead agus dhéanfadh sé dochar don gheilleagar. Ach nuair a bhuail an galar an Iodáil ba ansin a phléasc an galar amach inár ngairdín cúil féin.

Ba é Wuhan na Síne an chéad chathair ar cuireadh dianghlasáil uirthi; níor ligeadh traein, bus, carr ná eitleán isteach ná amach. Druideadh siopaí agus seirbhísí eile agus b’éigean do dhaoine fanacht sa bhaile, den chuid is mó. Níor chuir an Iodáil an dianghlasáil i bhfeidhm sa tír go dtí gur cailleadh 800 duine agus faoin am sin bhí an galar fréamhaithe sa phobal. Is cosúil gur thuig saineolaithe Rialtais na hÉireann na treochtaí seo agus chomhairligh siad gníomh daingean láithreach.

Ag an am céanna is a bhí Leo Varadkar ag fógairt as Washington DC go ndruidfí na scoileanna (agus na beáir go luath ina dhiaidh), bhí polasaí iomlán difriúil á leanúint ag Boris Johnson i Londain. Tuairiscíodh go mbeadh ‘imdhíonacht tréada’ mar bhunchloch pholasaí na Breataine. Bheadh comhairle seachas gníomh ann. Nuair a rinneadh fiosrú ar cad is ciall le himdhíonacht tréada ba léir gur chiallaigh sé go ligfí do sciar den phobal bás a fháil, na daoine is sine agus daoine a raibh bunghalar orthu cheana, leis an ghalar a mhoilliú. An cuar a mhaolú an sprioc leis an bhrú a chuirfí ar an NHS a laghdú.

Ar a bharr sin, ní dhéanfaí tástáil ach ar dhaoine ar bhuail an galar go trom iad. Tá aithne agam féin ar dhaoine a rinne féinleithlisiú orthu féin ach nach bhfuil ar aon liosta a d’fhoilsigh na húdaráis. B’fhéidir go raibh an galar orthu, b’fhéidir nach raibh. Cá bhfios? Tá saineolaithe áirithe den bharúil go bhfuil na scórtha míle cás sa Bhreatain faoin am seo ach nach bhfuil taifead ar bith orthu. Ar an lámh eile, beidh pictiúr níos soiléire acu ó dheas ar an líon daoine fíor a bhfuil an galar orthu nuair a chuirfear críoch leis na hionaid tástála atá á dtógáil ar fud an stáit.

Ní ceist acadúil é an difear idir polasaí Leo agus polasaí Boris a chíoradh. Cad is fiú polasaí dianghlasála a chur i bhfeidhm i nDún na nGall gan an polasaí céanna a bheith ann i nDoire? Tá gá le polasaithe comhleanúnacha in Éirinn.

Ghlac sé chóir a bheith seachtain eile ar na húdaráis ó thuaidh aithris a dhéanamh ar an pholasaí ó dheas, go díreach leathuair an chloig i ndiaidh do Johnson an polasaí a athrú sa Bhreatain. Dúirt Arlene Foster nach ndearnadh an cinneadh go dtí sin nó bhí an feidhmeannas ag éisteacht le comhairle óna gcuid saineolaithe, ní hamháin i Londain ach i mBéal Feirste chomh maith. Níor aontaigh gach duine leis an chinneadh sin, ar ndóigh.

Ach tá ceist bhunúsach ag éirí as seo. Cad chuige ar athraigh an chomhairle i Londain AGUS i mBéal Feirste go díreach ag an bhomaite chéanna? Níor leagadh amach go soiléir cad é a tharla san idirlinn leis an difear a dhéanamh. An fhadhb atá agam leis seo go bhfuil an chuma ar an scéal gur athraigh Arlene Foster agus Peter Weir, an tAire Oideachais, a gcomhairle mar gheall ar chúinsí polaitiúla seachas cúinsí sláinte.

Más sin an rud a tharla, cén dóigh a mbeadh muinín againn as na cinntí eile a dhéanfaidh siad amach anseo? Má táimid le teacht slán as an tubaiste seo, ní mór do na polaiteoirí a bheith i bhfad níos macánta linn.

Close
Close