Tá comhartha sráide Gaeilge dá gcuid féin curtha in airde ag cónaitheoirí i gCéide Bhaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste i ndiaidh trí bliana d’fheachtas.
Cé go bhfuil comhairliúchán faoi chomharthaíocht dhátheangach faoi lán seoil sa cheantar, deir Rónán Ó Scolláin, arb as Céide Bhaile Uí Mhurchú dó, go bhfuil foighde caillte acu le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.
Deir Conchur Ó Muadaigh gur cuireadh dua mór i bhfeachtas na comharthaíochta sa cheantar le trí bliana anuas.
“Dhiúltaigh an Chomhairle dúinn roimhe cé go raibh an chuid is mó de dhaoine ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge feiceálach sa cheantar.”
In 2013 léirigh móramh na gcónaitheoirí sráide a dtacaíocht don chomharthaíocht dhátheangach Gaeilge – Béarla ach diúltaíodh lena n-iarratas.
Vótáil 52 as 92 cónaitheoirí (57%) ar son; níor chaith 39 duine (42%) vóta agus bhí aon duine amháin (1%) ina choinne.
De réir pholasaí na Comhairle Cathraí is gá tacaíocht dhá thrian de chonaitheoirí uile na sráide ionas go gceadaítear comharthaíocht dhátheangach.
I ndiaidh an diúltaithe in 2013, thug Eileen Reid dúshlán ardchúirte i gcoinne na Comhairle. Rialaigh an Breitheamh nach raibh sé chun an polasaí comharthaíochta a athrú ach go raibh cumhachtaí ar leith faoi chomhairleoirí tofa leis an pholasaí a athrú.
Roinnt seachtainí ó shin, chuir Sinn Féin rún chun tosaigh sa Chomhairle go gceadófar sráidainm dátheangach i gCéide Bhaile Uí Mhurcú. Cailleadh an vóta 26-24.
Creideann Conchur Ó Muadaigh go bhfuil polasaí na Comhairle leatromach.
“Cé go bhfuil an comhartha thuas anois, leanfar leis an fheachtas i gcoinne an pholasaí seo,” arsa Ó Muadaigh.