Comhairle chríonna faoi rúin na hathbhliana

Áine Mhaoir

Is traidisiún coitianta é rúin na hathbhliana a chleachtadh ag tús na bliana le feabhas a chur orainn féin, sprioc a chomhlíonadh nó drochnós a athrú. Cuireann muid uilig iallach orainn féin tús úr a bheith againn ar an gcéad lá de mhí Eanáir, achan bhliain. Tá buntáistí ag baint leis na rúin, ar ndóigh. Is deis é do dhaoine deireadh a chur le caitheamh tabac, aclaíocht a dhéanamh nó nósanna bia níos folláine a fhorbairt. É sin ráite, ní éiríonn ach le mionlach na rúin s’acu a chomhlíonadh. Cén fáth?

Thig le rúin na hathbhliana drochthionchar a imirt orainn mar dhaoine. Cuireann muid an iomarca brú orainn féin agus creideann muid sa mheon nach bhfuilimid maith go leor mar atá muid. An nós muid féin a fheabhsú go bliantúil, tá sin ag cur leis an mbrú iomarcach a chuireann daoine orthu féin go laethúil. Oibríonn muid uaireanta fada, bíonn orainn teaghlaigh a thógáil, teach a choinneáil agus saol sóisialta bríomhar a bheith againn. An bhfuil muid ag cur an iomarca strus orainn féin?

Leanann muid na gnáthrúin atá ag achan duine thart orainn. Caill meáchan, tosaigh ar an aclaíocht, ná bí ag ól an iomarca, bí níos fearr ag do phost. Déan iarracht níos mó i do shaol sóisialta. Aimsigh caitheamh aimsire úr. Déan obair dheonach. Sábháil airgead. Téann an liosta ar aghaidh agus ar aghaidh.

Tá sé tábhachtach rúin dhearfacha a roghnú nuair atá tú ag cur do chuid aidhmeanna don bhliain le chéile. Is rud iontach é tús a chur le haclaíocht a dhéanamh ach cinntigh go bhfuil an meon ceart agat agus tú á dhéanamh. Bí aclaí le bheith folláin seachas le bheith tanaí. Ith bia maith le mothú níos fearr seachas le meáchan a chailliúnt. Stop ag caitheamh toitíní agus pioc caitheamh aimsire úr le d’intinn a bhaint den chaitheamh tabac. Tá bealaí maithe le dearcadh folláin a bheith agat i leith do chuid rún don bhliain úr.

Cinntigh go bhfuil na rúin iontach soiléir. Teastaíonn a thuilleadh ná “táim ag iarraidh meáchan a chailliúint”. Ní bheidh tú ábalta an rún a chomhlíonadh muna bhfuil sprioc sonrach agat le leanúint. Bíodh a fhios agat cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh an rún faoi leith seo a roghnú. Abair leat féin “táim ag iarraidh a bheith níos folláine agus seo an dóigh a bhfuil mé chun é a dhéanamh”. Bíodh plean agus spriocanna míosúla agat ionas nach gcuirtear imeagla ort. Ná bí dall agus tú ag cur tús le do sprioc a bhaint amach.

Freisin, ná bíodh an iomarca rún agat. Is doiligh sprioc a chomhlíonadh má tá an iomarca acu ann. Caithfimid a bheith réalaíoch faoin méid atá muid ábalta a láimhseáil mar dhaoine. Ná bíodh níos mó ná 3 sprioc agat don bhliain agus dírigh ar na spriocanna sin a bhaint amach i rith na bliana. Cuimhnigh go bhfuil tú ag déanamh do dhíchill ó lá go lá. Tá do shaol gnóthach agus níl an t-am agat a bheith ag comhlíonadh liosta mór fada aidhmeanna. Tá sé tábhachtach cuimhneamh nach bhfuil duine ar bith foirfe, ach tá tú gar go leor dó!

Close
Close