Eoin Ó Murchú
Dar le Alex Kane, iar-stiúrthóir cumarsáide Pháirtí Aontachtach Uladh, tá géarchéim eiseach in ann don Aontachtas i gcoitinne agus do na páirtithe Aontachtacha trí chéile.
Is é sin nach léir dó go bhfuil straitéis fhiúntach ar bith ag aon cheann de na páirtithe seo lena gcuid aidhmeanna – an tAontas a choinneáil – a chur chun cinn.
Aontaíonn seisean leis an argóint go lagaíonn an Prótacal an ceangal idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain, ach ní fheiceann sé go bhfuil aon mhodh oibre ann a mheallfadh rialtas na Breataine leis an bPrótacal a chaitheamh i leataobh.
Ní leor ‘No’ a rá mar ní cosúil go bhfuil éinne i Westminster ag éisteacht leo.
Ní dóigh liom ach an oiread go mbeidh aon difear ceannairí nua a bheith ag an DUP ná ag an UUP.
Tá sé ró-luath ar ndóigh go léireoidh Edwin Poots go mbeidh sé oscailte do chomhghéilleadh ar bith ach, ag tagairt dó don Phrótacal, níor dhúirt sé ach gur dúshlán mór roimhe é.
Is é an straitéis atá nochta aige mar sin ná iarracht a dhéanamh na páirtithe Aontachacha a chur ag obair le chéile, in ionad íde na muc is na madraí a thabhairt dá chéile.
Agus mar chuid de sin teastaíonn uaidh a aird a dhíriú ar athchóiriú a dhéanamh ar an bpáirtí.
Caint bhreá, ach an féidir freastal ar an dá thrá? Tá an DUP ag cailliúint vótaí go dtí an TUV de chuid Jim Allister (daoine atá ag iarraidh seasamh níos láidre ar son an Aontais) agus don Alliance Party ag an am céanna (daoine, i gcoitinne, atá ag iarraidh dearcadh níos liobrálaí a chur cun cinn is ar mhian leo teacht ar shocrú lena gcomharsana Náisiúnacha más féidir).
Tá baol mór ann má éiríonn le Poots socrú compordach a dhéanamh le hAllister go gcaillfidh sé tuilleadh vótaí aon Alliance.
Tá na páirtithe Aontachtacha ag maireachtáil i gcruinne dá gcuid féin don chuid is mó de stair Thuaisceart Éireann ach ní ann don chruinne sin a thuilleadh - comhartha dosheachanta air sin go raibh an Taoiseach Micheál Martin agus Príomh-aire na Breataine Boris Johnson i mbun cainteanna faoin bPrótacal an lá a toghadh Poots ina cheannaire.
Ní raibh rian dá laghad d’athrú meoin ag na Sasanaigh faoin bPrótacal féin, cé go mba mhaith leo bealach a aimsiú le sárú ar na deacrachtaí cáipéise is eile atá ag cur isteach ar lucht gnó ó thuaidh.
Cinnte, ní raibh tada fiúntach le rá ag Micheál Martin faoin gcruinniú, ach ní raibh an chuma air go raibh aon ábhar buartha ann dó ach oiread.
Ach nach ábhar buartha é sin féin do na hAontachtaithe?
Níl ach an t-aon seasamh ciallmhar le fáil, agus is é sin páirt a ghlacadh san idirbheartaíocht le teacht in uachtar ar na deacrachtaí.
Ach cén fhad a mhairfeadh Poots, nó ceannaire ar bith eile, dá dtabharfaí faoi sin?
Agus céard faoi Donaldson? Níor chaill sé ach le dhá vóta, ach is fear Westminster é i gcomparáid le fear Stormont, i. Poots. An léiriú é go bhfuil móramh beag sa bpáirtí ag díriú aird ar an mbaile seachas ar pharlaimint i gcéin?
Bhí Donaldson, más fíor do na scéalta, ag moladh go ndiúltódh an DUP freastal ar chruinnithe trasteorann agus é ag súil go scriosfadh Sinn Féin na hinstitiúidí mar dhíoltas.
É sin ráite, beidh tionchar mór ag Donaldson, agus ní léir gur tionchar chun feabhais é.
Níl mórán ráite ag Poots faoi na línte dearga a bheas aige sa bpolaitíocht, seasamh ciallmhar cinnte nach rabhthas ag súil leis uaidh.
Níl sé i gceist ag Poots an post mar Chéad-Aire a ghlacadh é féin, agus is cosúil go roghnóidh sé Paul Girvan, an té a chuir olc ar lucht na Gaeilge trí dheontas dóibh a chealú.
Ar ndóigh beidh ar Shinn Féin comhoibriú le cibé duine a roghnóidh an DUP, ach níl mórán comhpháirtíochta nó dúil sa gcomhpháirtíocht le tabhairt faoi ndeara timpeall Stormont na laethanta seo.
Tá muid ag filleadh ar an mbuncheist a chuir Alex Kane: Cad chuige páirtí Aontachtach, cén straitéis atá ann maidir le cosaint an Aontais, agus an gcuirfidh athruithe déimeagrafacha deireadh leis an rud ar fad?