Bhí idir óg agus aosta bailithe le chéile in Ionad Teaghlaigh Ghleann Darach, atá suite i gCromghlinn, Contae Aontroma, le ceiliúradh a dhéanamh ar thús an Earraigh agus ar Lá Fhéile Bríde.
Rinne siad crosóga Bhríde le luachra agus bhí daltaí ó Ghaelscoil Ghleann Darach ina measc siúd a bhí ag foghlaim faoin seanthraidisiún.
Bíonn caidreamh láidir idir an Ghaelscoil agus an tIonad Teaghlaigh agus dúirt Príomhoide na scoile, Stephen Wallace, go bhfuil sé iontach tábhachtach go mbíonn an fhoghlaim idirghlúine ina cuid lárnach de shaol na scoláirí.
Bhí seans ag Meon Eile labhairt le beirt de na daltaí ó Ghaelscoil Ghleann Darach faoi lá s’acu ag déanamh na gcrosóg agus cé go raibh sé deacair, dar leo, bhí sé an-suimiúil fosta!
Ar a bharr sin, d’inis siad dúinn faoin obair atá ar bun acu faoi láthair ag cur crann agus plándaí don séasúr úr agus bhí an t-ádh dearg orainn gur cheol siad ceann de na hamhráin atá siad ag foghlaim sa chór ar scoil chomh maith.