Canna péisteanna Phálás Buckingham?

Concubhar Ó Liatháin

Bhí an bhaisteach ag titim go trom agus torann ar nós toirní ar an díon since meirgeach.

Bhí sean-lánúin ina luí le chéile sa leaba, greim daingean acu ar a chéile ar mhaithe le teas a gcorp a roinnt ar a chéile.

Faoin am seo san oíche bhí an teas éalaithe ón mbuidéal uisce te.

“Pilib, a chroí is a stór, má thiteann braon eile baistí orm, bainfidh mé an ceann de dhuine éigin,” arsa an bhean de ghlór fheargach.

“An chéad rud ar maidin, cuir glaoch ar an dtogálaí agus abair leis go bhfuil sé in am dó tosnú ar an obair chothabhála atá orduithe.”

D’oscail Pilib a shúile go mall agus faoina anáil dúirt sé 1, 2, 3. Ansin d’oscail sé a bhéal.

“Gan amhras Eilís a Shoilse! An chéad rud ar maidin.”


Ní dócha gur mar sin a tharla sé ach cá bhfios.

Is cosúil go bhfuil an braon anuas i bPálás Buckingham i Londain agus tá plean nua athchóirithe beartaithe don bhfoirgneamh.

An bille deiridh ná £369n agus glacfaidh sé 10 mbliana, deirtear linn, ach tá aithne againn go léir ar thógálaithe: beidh sé dhá uair chomh costasach agus b’fhéidir nach mbeidh siad ann go dtí go mbeidh 10 mbliana caite.

Dá mba aon teaghlach eile ann bheadh trua agat dóibh.

An cur isteach ar a saol, tá’s agat.

Ach ní gá bheith róbhuartha ina dtaobh seo nó tá fuílleach pálás eile acu le lóistín a fháil iontu – Balmoral, Sandringham, Teach Clarendon, Hillsborough lámh le Béal Feirste agus go leor eile nach eol dom.

Ní le droch-rún a deirim an méid sin.

Teaghlach saibhir iad muintir Windsor agus má chuirim as an áireamh conas a ghnóthaigh siad an saibhreas sin, bhuel, sin é an saol.

Tá saibhir agus daibhir ann agus tá’s agam an t-ualach atá le hiompar agam an oiread le héinne eile.

Tá sé chomh maith agam bheith ag gearán faoi Donald Trump.

Tá’s agaibh go bhfuil an billiúnaí úd ag maíomh nach mbeidh sé ina chónaí sa Teach Bán ar bhonn leanúnach – is cosúil go bhfuil sé róbheag dó.

Tá sé éasca dom bheith ag magadh faoi rí-theaghlach Shasana nó is Éireannach mise agus ní bhaineann siad liom – cé gur dóichí ná a mhalairt go mbeidh mé ag íoc as an obair seo ar shlí éigin ach ná gabhaimis ansan!

Is cuid d’oidhreacht Shasana iad, nó d’oidhreacht na Gearmáíne is na Gréige atá ag cur fúthu i Sasana.

Má tá meas ag pobal Shasana orthu – agus tá ag cuid mhór acu ann, nó a bhfuil suim acu iontu ar a laghad – bhuel, is dócha gur cheart dóibh aire a thabhairt dá bpáláis.

Deirtear go ngineann turasóireacht go suíomhanna ríoga Shasana isteach is amach le £300m in aghaidh na bliana d’eastáit na Corónach.

Téann cuid mhór de sin chuig an státchiste agus coinníonn an Bhanríon 15%, nó £45m, chun íoc as a cuid costaisí – siopadóireacht agus rásaí na gcapall, na caithimh aimsire a mbeifeá ag súil bheith á gcleachtadh ag bean 90 bliain d’aois dá stádas.

De réir dealraimh tá a mbeannacht tugtha ag an bPríomh-aire agus an Seansailéir don chaiteachas seo cheana féin, cinneadh a deireann go leor faoin gcóras daonlathach sa Bhreatain.

Níl siad róbhuartha is dócha nó is ionann an £369m úd agus díbhinn seachtaine a mbeidh siad ag súil leis ar ais ón Aontas Eorpach nuair a bheidh Brexit i bhfearas.

Ní miste má tá an tSeirbhís Sláinte Náisiúnta i ngátar ar an airgead sin – d’fhan siad fada go leor go dtí seo, is féidir leo fánacht seachtain eile!

Is mór an méid airgid é £369m – d’osclódh sé scoileanna agus dhéanfadh sé athbheochan ar theangacha gan trácht ar thacaíocht cheart a thabhairt dos na healaíona.

Rudaí iad seo a ndiúltaíonn Rialtas na Breataine dóibh.

Is é seo an Rialtas céanna atá ag iarraidh daoine tinn a bhrú ar ais chun na hoibre ionas nach mbeadh orthu bheith ag díol íocaíochtaí sochar breoiteachta leo, an cineál ruda a léirigh an scannánaí Ken Loach go héifeachtach ina shaothar “I Daniel Blake” le déanaí, saothar a spreag go leor conspóide mar gur chuaigh sé go smior chun fimíneacht aos ceannais Shasana a léiriú.

Tá siad sásta a rá leis an gcosmhuintir bheith beo ar éigean fhad is atá siad féin á mbeathú féin le seaimpéin agus caibheár don mbricfeasta, lón is dinnéar.

Tamall de bhlianta ó shin bhíos ar cuairt go St Petersburg sa Rúis agus an fhad is a raibh mé ann chuaigh go dtí an Hermitage, Pálás Geimhridh Romanov, an rí-theaghlach deireanach sa tír sin.

Bhí seomra ann agus duillí órga ar an urlár agus ní raibh cead againn siúl ann ar eagla go dtabharfaimis cuid den bhrat urláir luachmhar linn ar shálaí ár mbróg.

Bhí an chuid sin den urlár leis an duille órga ar chúl téada agus shiúlamar ar an dtaobh eile den téad amach an doras ar an dtaobh eile den seomra.

Agus sinn go sábháilte amuigh sa dorchla, stad an treoraí le labhairt leis an ngrúpa.

“Chaith Sáracha na Rúise ár gcuid airgid gan fiú é a chomhaireamh,” ar seisean.

Ní fheadar ar thosaigh réabhlóid na Rúise leis an gcinneadh ag an Sár deireanach, Nioclás 11, brat urláir nua a chur isteach ina Phálás Geimhridh…

Close
Close