Deir na saineolaithe linn go bhfuil cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht ag dul chun olcais, deir roinnt daoine gur ag baint ón Ghaeltacht atá an athbheochan, ach cad a deir muintir na Gaeltachta iad féin agus cad is féidir le heagraíochtaí, grúpaí áitiúla agus daoine aonair atá lonnaithe san iar-Ghaeltacht a dhéanamh ar son na Gaeltachta? D’fhiosraigh Ciarán Dunbar an scéal.
Chonaic mé fear ag argóint go paiseanta i gcoinne Acht Gaeilge don tuaisceart lá.
Ní rud aisteach é sin ann féin. An rud a bhí aisteach faoi ná go raibh sé ag déanamh amhlaidh i nGaeilge ag cruinniú ar son Acht Gaeilge.
Anois, ba chóir dom an staid seo a mhíniú - ní hé go raibh sé i gcoinne cearta teanga ó thuaidh iontu féin – an rud a bhí i gceist aige ná nach raibh sé in ann a chreidiúint go raibh a leithéid de ghníomhaíocht ar bun “agus Pobalscoil Chloich Ceannfhaola (PCC) ag teagasc tríd an Bhéarla”.
An pointe a bhí aige, is dócha, ná go raibh cás na Gaeltachta níos práinní ná an streachailt ar son Acht Teanga ó thuaidh.
An freagra a bhí ag an lucht eagraithe ná nárbh é sin ábhar an chruinnithe.
Is dóigh liom gur aontaigh gach duine a bhíi láthair nár rud maith é go raibh PCC ag teagasc trí Bhéarla ach gur shíl siad nach raibh neart acu féin air sin agus, i ndeireadh na dála, gurbh cheist é sin do mhuintir Chloich Ceannfhaola.
Tá dhá thaobh d’argóintí faoi chearta teanga – má tá ceart ag muintir Bhéal Feirste oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil, an féidir oideachas trí mheán an Bhéarla a shéanadh ar mhuintir an Fháil Charraigh?
Ba cheart dom a lua, sílim, nár chainteoir dúchais Gaeltachta é fear na hargóinte paiseanta – ach duine a d’fhoghlaim an teanga san iar-Ghaeltacht.
Luaim an scéilín seo mar cuireann cuid mhaith de na ráitis agus na díospóireachtaí a fheicimse ar na meáin shóisialta i gcuimhne dom é.
Taobh amháin ar son ‘athbheochan na Gaeilge’, taobh eile ar son ‘an teanga a chaomhnú sa Ghaeltacht’ (ag glacadh go gcaithfear roghnú idir an dá rud, de réir mar a thuigim).
Díospóireachtaí idir muintir na hiar-Ghaeltachta a bhíonn ann den chuid is mó, idir foghlaimeoirí atá an-dílis do theanga thraidisiúnta na Gaeilge agus daoine eile atá beagáinín níos scaoilte faoin cheist sin, iad siúd a tógadh le Gaeilge nó a d'fhreastail ar Ghaelscoil cuir i gcás.
Tá glór in easnamh sna díospóireachtaí seo, sin guth na Gaeltachta, glór na gcainteoirí dúchais féin.
Tuismitheoirí na Gaeltachta
As an Rinn ó dhúchas do Shorcha Ní Chéilleachair. Tá sí ina cónaí ar an Cheathrú Rua i gConamara i láthair na huaire. Is í ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta í, eagraíocht ‘a chuireann tacaíocht, cúnamh agus comhairle ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh’.
Mar thús, dúirt sí go bhféadfadh Gaeilgeoirí teacht ar saoire chuig an Ghaeltacht agus táirgí na háite a cheannach chun tacú leis an ngeilleagar ann, “rudaí beaga praiticiúla mar sin”.
Is tábhachtach moladh a léiriú nuair a títear comhlacht ag cur spéis sa teanga freisin, dar léi.
Tá sé tábhachtach an difear idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht a aithint, a dúirt sí:
“Ní maith liom an deighilt; an Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht.
“Ach déantar iarracht an dá phobal a chur le chéile in aon rannóg 'Gaeilge' amháin – níor cheart go mbeadh deighilt ann ach ag an am céanna tá éagsúlacht ollmhór ann – caithfidh muid aitheantas a thabhairt do na riachtanais iomlán éagsúla atá ag an dá phobal agus gan aon eagla a bheith orainn é sin a dhéanamh. Ní deighilt é sin dar liom.”
Creideann Sorcha gur cainteoirí dúchais iad gach páiste atá á dtógáil le Gaeilge ach go bhfuil riachtanais éagsúla acu ag baint le pobal agus nár cheart neamhaird a thabhairt air sin, cé nár cheart an éagsúlacht sin a úsáid chun deighilt a chruthú ach oiread, deighilt a deir sí nach bhfuil ann i ndáiríre ach i dtráchtaireacht ar líne
“Ba cheart go mbeadh muid ar fad ag tacú le chéile,” a dúirt sí.
Mar sin féin, dar le Sorcha, braitheann muintir na Gaeltachta go bhfuil siad scartha ó na heagraíochtaí Gaeilge agus go ndéanfadh “dílárú” ó Bhaile Átha Cliath cuid mhór chun sin a leigheas agus go gcabhródh sé sin le geilleagar na Gaeltachta leis.
Creideann sí freisin go bhfuil an próiseas pleanála teanga ag imirt dea-thionchar ar chúrsaí go háirithe ó thaobh an dearcaidh atá ag muintir na Gaeltachta maidir le fostaíocht a bhfuil baint aige leis an Ghaeilge:
“Tá aitheantas tugtha don earnáil Gaolainne nárbh ann dó roimhe seo,” a dúirt sí.
Guth na Gaeltachta
Tá aithne mhaith ag pobail na Gaeilge ar Dhónall Ó Cnáimhsí, atá fostaithe in iarthuaisceart Thír Chonaill mar Oifigeach Pleanála Teanga le breis agus dhá bhliain anuas.
Is é an teachtaireacht atá aige ná gur cheart do mhuintir na hiar-Ghaeltachta éisteacht le muintir na Gaeltachta, foghlaim cad atá de dhíth orthu, agus tacú le héilimh s’acu dá réir.
“Is an réimse teaghlaigh agus an luathoideachas na réimsí is tábhachtaí atá leagtha síos i gcritéir na pleanála teanga,” a dúirt sé.
“Rud a aithníonn an stát féin: struchtúr láidir bunaithe le hinfheistíocht shubstaintiúil chun tacaíochtaí a chur ar fáil do theaghlaigh chun cinntiú go mbeidh ar a gcumas glúnta nua cainteoirí gníomhacha a fhorbairt agus a thabhairt chun cinn.
“Cén fáth mar sin a bhfuil ag teip orainn sin a dhéanamh? Cén tionchar atá againn ar chleachtas teanga fhormhór theaghlaigh na Gaeltachta?”
Creideann Ó Cnáimhsí go mbaineann cuid den teip sin le heaspa cumarsáide idir eagraíochtaí atá ag feidhmiú sa réimse tacaíochta teaghlaigh agus de bhrí go bhfuil Oifigigh Pleanála Teanga sa Ghaeltacht “ag feidhmiú sa spás idir na heagraíochtaí ar an talamh seachas i gcroílár na n-iarrachtaí atá á ndéanamh an Ghaeilge a threisiú mar theanga an phobail”.
Ní dhearnadh aon iarracht na heagraíochtaí seanbhunaithe nó na scoileanna a nascadh leis an phróiseas pleanála teanga agus níl aon iachall orthu páirt a ghlacadh ann, dar leis.
“Mar sin, tá gá le Roinn na Gaeltachta ceannasaíocht a thaispeáint agus treoir shoiléir a thabhairt i dtaca le dualgais na n-eagraíochtaí/scoileanna agus an próiseas pleanála teanga,” a dúirt sé.
“Ba chóir go mbeadh tascfhórsa bunaithe le hionadaithe ó na heagraíochtaí áirithe agus ó na coistí pleanála teanga agus saineolaithe eile, chun straitéis chuimsitheach a chur ar bun chun go mbeadh gach tacaíocht ag teaghlaigh a gclann a thógáil le Gaeilge.
“Má tá acmhainní gann, tá sé le ciall mar sin go mbaintear an úsáid cheart as na hacmhainní go léir atá ansin cheana féin chun go mbeadh an tionchar is mó agus is féidir acu.
“Is acmhainn iontach iad na Oifigigh Pleanála Teanga, tá thar scór againn anois ann ag feidhmiú inár bpobail fud fad na tíre, le gréasán maith cumarsáide eadrainn.
“Ach caithfear stad a chur leis an imeallú atá déanta orainn agus muid a chur i gcroílár próiseas ceart comhtháite pleanála teanga ina bhfuil rannpháirtíocht iomlán ó gach eagraíocht Ghaeltachta.
“Tá achainí déanta agamsa le Roinn na Gaeltachta go gcuirfí struchtúr mar seo ar bun, agus dúirt siad liom go bhfuil siad féin a phlé.”
Tá Dónall ag iarraidh go dtacódh pobail na Gaeilge i gcoitinne leis an achainí sin:
“Beidh le feiceáil, ní dhéanfaidh sé aon dochar an teachtaireacht a bheith ag teacht ó dhreamanna eile chomh maith.
“Caithfear éisteacht le guth an phobail, ba mhaith le muintir na Gaeltachta go mbeadh an teanga ag a bpaistí agus go mbeadh gach tacaíocht ann dófa agus iad ag tógáil a gclann le Gaeilge, ach níl an córas mar atá faoi láthair ag tacú leo."
Pleanáil tithíochta
Agus é ag caint liom ar Facebook, dúirt cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn Éanna Ó Cróinín gur cheart do Ghaeilgeoirí a bheith ag tacú le muintir na Gaeltachta agus iad ag plé ag cúrsaí tithíochta:
“Brú a chur ar Theachtaí Dála glacadh le moltaí Chonradh na Gaeilge maidir le polasaí tithíochta Gaeltachta, rud a chuirfeadh labhairt na teanga ar chomhchéim le riachtanas áitiúil, rud a cheadódh do Ghaeilgeoirí lonnú sna Gaeltachtaí, rud a chuirfeadh borradh faoin teanga sna Gaeltachtaí,” a scríobh sé agus é ag freagairt mo cheiste.
‘Labhair í’
Is ceist shimplí ach chiotach é le cur ar dhuine is dócha – cad is féidir le daoine a dhéanamh ar son na Gaeltachta?
Cha dtig liom a mhaíomh go bhfuair mé mórán freagraí air.
Bhí comhrá cuimsitheach agam le hoifigeach pleanála sa Ghaeltacht a dúirt liom, tar éis labhairt ‘thart ar an cheist’ ar feadh tamaill:
“I ndeireadh na dála, is faoi na pobail féin an Ghaeilge a shábháil.
“An fhadhb atá ann ná go bhfuil na pobail iad féin ag fáil bháis,” a dúirt sé.
An freagra is mó a fuair mé ó mhuintir na Gaeltachta maidir leis an alt seo áfach ná gur cheart do mhuintir na Galltachta an Ghaeilge a fhoghlaim agus í a labhairt, agus gur beag is féidir leo a dhéanamh thairis sin.
Má tá tuairim nó scéal agat a ba mhian leat a chur in iúl dom, scríobh chuig [email protected]