Concubhar Ó Liatháin
Dá fheabhas é Rory McIlroy ag imirt gailf, níor shamhlaigh mé riamh an tráchtaireacht pholaitiúil leis.
Ach go luath tar éis an vóta ar son ‘Sasamach’ thug sé tuairim uaidh don Belfast Telegraph ag rá go mbeadh daoine ó thuaidh anois ag meá cén todhchaí ab fhearr leo – fánacht sa Ríocht Aontaithe ach lasmuigh den Aontas Eorpach nó bheith mar bhaill d’Éirinn Aontaithe a bheadh mar chuid den Aontas Eorpach.
Rinne an Telegraph pobalbhreith ar líne mar chuid den alt ag tabhairt an rogha dá léitheoirí – agus tá’s againn gur aontachtóirí formhór mhór léitheoirí an Telegraph – agus, iontas na n-iontas dúirt 75% den breis is 8000 a ghlac páirt sa suirbhé neamh-eolaíoch seo gur fearr leo bheith in Éirinn Aontaithe atá mar chuid den Aontas Eorpach.
Anois ní gá rith amach ar na sráideanna ag ceiliúradh an deis stairiúil seo go fóill. Ar éigean go dtarlóidh sé, má tharlaíonn sé ar chor ar bith, go luath mar go bhfuil eagla craicinn ar Rialtas Bhaile Átha Cliath – agus Rialtas nua Londain – faoi iarmhairtí den sórt seo ar Sasamach.
Ní hionann sin agus nach féidir an bhagairt seo a iompú ina deis, má tá na páirtithe ó thuaidh ar suim leo an cheist seo agus a dhéanann ionadaíocht ar son an phobail a airíonn iad féin mar chuid d’Éirinn agus den Aontas Eorpach, sásta tabhairt faoi go calma agus go céimiúil agus go cumasach.
Feictear domsa go mbíonn an iomarca béime ar bhratacha agus ar shiombailí.
B’fhearr liomsa béim a leagadh ar bhuntáistí praiticiúla a roinnt ó thuaidh is ó dheas.
Ceist mhór a bhíonn ag dó na geiribe agam ná ceist na gceart craoltóireachta.
Chuir me tús le feachtas níos túisce i mbliana go mbeadh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do chluichí na hÉireann ag Euro 2016.
Ghéill RTÉ go mbeadh an tráchtaireacht ann – ach toisc gur ar RTÉ a craoladh na cluichí seo leis an rogha de thráchtaireacht Ghaeilge, ní raibh tú ábalta taitneamh a bhaint as ó thuaidh gan go leor dua agus costas a chur ort féin.
Rinneamar sin sa Chultúrlann agus bhí deis ag daoine amharc ar chluichí na hÉireann le tráchtaireacht i nGaeilge.
Fiú mura raibh suim agat i dtráchtaireacht Ghaeilge, cén fath nach mbeadh cead ag Tuaisceartaigh, a thugann dílseacht d’fhoireann na Poblachta, amharc ar chluichí na foirne le tráchtaireacht Éireannach, atá ‘neodrach’ ar son na hÉireann ná tráchtaireacht leathbhacáilte na gcraoltóirí Briotanacha?
Ait go leor, tá rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh le hachtú go luath a ligfeadh dó seo tarlú agus mar sin tá an fhadhb áirithe sin réitithe.
Ach, fan, beimid taobh amuigh den Aontas nuair a thiocfaidh an rialachán i bhfeidhm agus arís fagfar sa bhfuacht sinn!
Lig na páirtithe polaitiúla ó thuaidh, an SDLP agus Sinn Féin, tharstu é roimhe nuair a scaoil siad do chraoltóirí críochdheighilt a dhéanamh ar an oileán seo ar mhaithe le cúrsaí tráchtála.
Ní raibh siad ar an airdeal.
Níor thuig siad an chontúirt go raibh an beart déanta go ciúin agus ar chúltéarmaí agus le hairgead mór á íoc le heagrais spóirt ar cheart a bheith níos airdeallaí ar na ceisteanna.
Ba pheaca é sin, gan amhras.
Seafóid a bheadh ann dá ligfí tharainn an cheist seo a chur i gceart.
Tá ceisteanna eile cosúil leis seo a d’fhéadfadh daoine a bhualadh go trom mar gheall ar ‘Sasamach’.
An mbeidh táillí fánaíochta ar do ghuthán póca – a bheadh faoi réir ag srianta an Aontais Eorpaigh – ag dul in airde go mór anois mar gheall ar theorainn chrua idir an dá dhlínse ar an oilean seo?
Bí cinnte de seo – fiú mura mbíonn falla mór ar nós an falla atá á bheartú ag Donald Trump idir Meicsiceo agus Texas is California, beidh teorainn tráchtála i gceist.
Sampla eile den chríochdheighilteachas ar mire seo atá ag teacht chun tosaigh ná an plean go mbeadh reifreann ann in 2017 chun vóta don uachtarántacht a thabhairt do shaoránaigh na hÉireann thar lear.
Ní léir, áfach, an gciallaíonn ‘thar lear’ sinne le pasanna Éireannacha atá inár gcónaí sna sé contae?
B’fheidir gur cheart duinn canál a dhéanamh den teorainn le go mbeimís ‘thar lear’.
Ait go leor is féidir liom vóta a bheith agam don Seanad mar gur céimí ollscoile mé fiú go bhfuilim im chónaí ó thuaidh – agus ní gá dom fiú bheith im shaoránach Éireannach – ach ní féidir liom vótáil don Uachtarántacht!
Agus mé ag scríobh seo, táim ag tabhairt chun cuimhne ranganna atá á reachtáil ag Seán Mór Ó Daimhín thíos ar an tSrath Bhán le hAmhrán na bhFiann a mhúineadh ansin.
Is cosúil go bhfuil muintir Thír Eoghain muiníneach go mbeidh siad i bPairc an Chrócaigh níos déanaí i mbliana!
Léiríonn sé an fhírinne seo, má tá ‘Saol trí Ghaeilge’ ó Ghaeil, tá saol na hÉireann uainne, Éireannaigh an Tuaiscirt.
A fhad is atáimid ag fanacht ar mhórathrú pholaitiúil is bunreachtúil, nach féidir buntáistí agus súailcí an tsaoil sin a chur ar fáil dúinn?
Dar liomsa níl aon chúis nach féidir seachas críochdheighilteachas gan chiall.