Bua cinntithe. Ciall cheannaithe?

Fearghal Mag Uiginn

Is cóir dúinn anois aitheantas mar is ceart a thabhairt do Chill Mochuda, na Crócaigh, as Craobh na hÉireann a bhaint don tríú huair ar an 22ú Eanáir. 

Club mórtasach Gaelach ar briseadh a chroí anuraidh in am breise sa chluiche ceannais ach a léirigh mianach is teacht aniar leis an bheart a dhéanamh i mbliana. Tá an bua, agus an moladh a théann leis, tuillte ag an fhoireann a raibh an bua tuillte aici ar an lá ach nach dtiocfadh léi an bua stairiúil a cheiliúradh mar ba cheart go dtí anois. 

Go ndéantar sin, ar fud an tíre.

A bhuí leis an Ghleann, club eile mórtasach Gaelach, a cuireadh an tromluí peile seo chun suain ag deireadh na seachtaine. Is cóir dúinn anois aitheantas mar is ceart a thabhairt don Ghleann as an bhliain iontach a bhí ag an chlub agus as an cheist a thógáil - ar son na n-imreoirí, ar son na mball agus ar son a phobail féin is phobal CLG. Is féidir leis an chlub a bheith ag plé le díomá an chluiche ceannais mar is ceart anois.

Ba bhinn béal ina thost – an bealach ciúin, éasca, gan ciall ar bith a cheannach do CLG. 

Dhíol an Gleann go daor sna meáin shóisialta as an rud ceart a dhéanamh – agóid a chur isteach. Ach cad é an rogha a bhí aige, mar chlub?

Rogha an dá dhíog

Bua cinntithe, toradh cinntithe agus is maith sin faoi dheireadh. Is tábhachtaí anois ag Cumann Lúthchleas Gael an chiall cheannaithe.

Má tharlaíonn a leithéid arís, seas sa bhearna bhaoil - mar a chantar roimh na cluichí móra. Ná seas i bhfolach thaobh thiar de thuairisc réiteora. 

Sa Treoir Oifigiúil, seo thíos mar atá an riail a bhaineann le cás na gCrócach ar an lá agus 17 ar pháirc na himeartha acu roimh dheireadh an chluiche:

6.44 (b) (i) Foireann a sháraíonn líon na n-imreoirí a cheadaítear faoi Riail 2.1 Rialacha maidir le Sonraíocht, Rialacha Imeartha: 

Pionóis: Ar agóid chruthaithe - Bronnadh an Chluiche ar an bhFoireann Eile, nó Athimirt, nó Fíneáil, ag brath ar na cúinsí. 

Ar fhiosrú arna dhéanamh ag an gCoiste i bhFeighil – An Cluiche a chur ar Ceal gan an Cluiche a Bhronnadh ar an bhFoireann Eile, nó Athimirt, nó Fíneáil, ag brath ar na cúinsí. 

D’fhéadfadh le Cumann Lúthchleas Gael feidhmiú as a stuaim féin – mar a rinne i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann anuraidh idir Gaillimh agus Doire, ar an pháirc chéanna, an Conor Glass céanna agus an Shane Walsh céanna ag imirt in éadan a chéile, nuair a rinneadh cinneadh Shúil an tSeabhaic a bhréagnú, ar an toirt - ag leath ama. Ní raibh agóid le déanamh ag contae ar bith – rinneadh an cinneadh ceart ag leath ama, i ngan fhios don lucht féachana i bPáirc an Chrócaigh fiú! Is féidir le CLG feidhmiú as a stuaim féin nuair is mian leis.

Déanann muid uilig botún. Rinne Learaí Mac Cárthaigh botún nuair a bhronn sé corn ar Phádaí ‘Fitzgerald’ ar an 15ú Eanáir. Seachtain ina dhiaidh, rinne an réiteoir is na maoir botún ag deireadh an chluiche idir Cill Mochuda agus an Gleann. Rinne imreoir de chuid na gCrócach botún gan imeacht den pháirc. Rinne an fear líne is an ceathrú oifigeach botún – nó an ndearna?

Seo an áit a bhfuil ciall cheannaithe de dhíth láithreach bonn. Ná bíodh cead ag ionadaí teacht isteach ar pháirc na himeartha go dtí go mbíonn an t-imreoir atá á bhaint den pháirc thar an taobhlíne. Club ná contae. Má dhéanann an t-imreoir atá á bhaint den pháirc moill agus é ag imeacht, cuirtear am cúitimh leis an chluiche. Déan riail dhaingean dhocht de a luaithe agus is féidir. Ná fágtar CLG ina cheap magaidh, mar a fágadh le trí lá déag go dtí gur ghlan an Gleann an náire. 

Tá an snas mar is ceart arís ar Chorn Aindí Uí Mhuireagáin fá Chill Mochuda agus an bród as cuimse sa Ghleann as an bhliain rathúil stairiúil a bhí ag Watty Graham, duine a bhí ina fheirmeoir, ina Phreispitéireach agus ina bhall de na hÉireannaigh Aontaithe.

Bíodh na hÉireannaigh aontaithe ar an toradh anois agus bíodh ciall cheannaithe ag CLG. Bíodh do chuimhní féin agat ar an chluiche ceannais ach na cinn a bheas agamsa ná cúl spleodrach, glic, scilmhar Danny Tallon ag tús an chluiche agus tocht Conor Ferris ag deireadh - go gcasfar ar an chéile arís iad! 

Bímis ag dúil leis.

Close
Close