Dónall Mac Giolla Chóill
Tá mé i mo bhall de chumann rúnda, tá an cumann céanna chomh rúnda sin nach bhfuil a fhios ag duine ar bith faoi.
Níl cead agam labhairt faoi, níl cead agam tagairt a dhéanamh dó, níl cead agam an t-ainm féin a lua.
Tá seo uilig ríthábhachtach.
Níl cead agam fiú a rá go bhfuil mé i gcumann rúnda.
Tá sé rúnda.
Ach amhail an leaid óg i Labhraí Loingseach, caithfidh mé an scéal a scaoileadh agus níl áit níos fearr na Meon Eile mar nach mbeidh ach triúr ag léamh an phíosa seo, mé féin, an t-eagarthóir agus an leas-eagarthóir.
Agus, mar gheall nach léann an ceachtar acu focal de mo chuid, tá an mionn agus an mhóid a thóg mé ar bhlaosc caora a chomhlíonadh agam.
Nuair a deirim nach dtig liom tagairt ar bith a dhéanamh don chumann seo ar a bhfuil mé ar duine de na bunaitheoirí, Cumann na nIar-Eagarthóirí, agus nach dtig liom aon tagairt a dhéanamh don bhallraíocht, nó an chaillíocht le bheith i do bhall (ní gá ach a bheith i d’eagarthóir ar nuachtán nó tréimhseacháin nó iris a chaill maoiniú - agus tá go leor againn ann.)
Ní thig an t-ionad ina mbuaileann muid le chéile a lua, tá sin ina rún fosta.
Anois tráthnóna Dé Luain seo caite, bhí mé in Goodfellows ar Bhealach Uí Chinneide,
ar Bhóthair an Ghleanna in iarthar Bhéal Feirste.
Bialann ghalánta, ghnóthach agus Ghaelach chomh maith.
Bhí mé ann le beirt cara de mo chuid agus muid ag ithe dinnéir.
Mar is gnáth ag na dinnéaracha seo bhí muid ag plé chúrsaí an tsaoil, agus ag scansáil gach rud a tharla le seachtain anuas.
Ceaptar gur Harold Wilson Príomh-Aire na Breataine sna 1960í a dúirt gur achar fada ama é seachtain i bpolaitíocht.
D’fhéadfá an rud céanna a rá faoi 48 uair an chloig chomh maith.
Agus, mar is eol do chách, tharla go leor le seachtain anuas, agus le cúpla lá anuas fosta.
Bhí cruinniú ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May ina teach saoire in Chequers, lena Státrúnaithe.
Anois chuala mé scéal, gur dúradh leis na hairí rialtais nach mbeadh cead acu a gcuid gluaisteán a úsáid dá mba rud é gur éirigh siad as an rialtas agus go mbeadh orthu siúl chuig an stáisiún traenach leis an bhaile a bhaint amach.
Agus seo ráite agam, fuair muid leagan breá bríomhair ó mo chara Gearóid de Johnston’s Motor car:
"Twas down by Brannigan's Corner, one morning I did stray
I met a fellow rebel, and to me he did say
"We've orders from the captain to assemble at Drumbar
But how are we to get there, without a motor car?"
Mheas muid sin a bheith tráthúil go leor, fiú muna bhfuil ‘t’ i sloinne mo dhuine, Boris Johnson, a d’éirigh as an tráthnóna sin i ndiaidh do David Davis éirí as ar an Domhnach, i ndiaidh dóibh a dtithe a bhaint amach ina ngluaisteáin oifigiúla.
D’éirigh cupla aire eile agus leaschathaoirligh an pháirtí Choimeádaigh as chomh maith, ach mar a tharlaíonn go minic níor chuala duine ar bith iomrá orthu roimhe seo agus tá dearmad déanta ag an tsaol mhór orthu ó shoin.
Ach an bheirt mhór Davis agus Johnson, sin an bheirt a mbeidh iomrá orthu go ceann tamaill.
Agus muna dtiocfadh leat a shamhlú go dtiocfadh le seachtain Theresa May dul a thuilleadh chun olcas, tháinig cara mór léi ar cuairt, Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump.
De réir cosúlachtaí tá prótacal úr in úsáid anois ag státairí idirnáisiúnta.
Mar a thuigim, sula dtagann tú ar cuairt, tá ort agallamh a dhéanamh le nuachtán mór léite ag daoine a chreid go dtí le déanaí go raibh "sé ag teacht chun na bhaile" ón Rúis, nuachtán nach bhfuil mórán díol air i Learpholl, The Sun.
San agalamh sin, caithfidh tú beag is fiú a dhéanamh den duine atá chun dinnéar a thabhairt duit, caithfidh tú ábhar magaidh a dhéanamh dá cuid iarrachtaí ar Bhreatimeacht, agus caithfidh tú an súiche a chur sa phota sula mbuaileann tú léi fiú.
Ansin, de réir mar a thuigim, sa phrótacal úr seo, caithfidh tú greim láimhe a fháil uirthi, agus gan fhios domsa cé acu díofa a bhfuil an tacaíocht is mó de dhíth orthu agus iad ag teacht anuas céimeanna, agus os comhair na gceamraí caithfidh tú tú féin a bhréagnú agus gach rud a dúirt tú leis an pháiste gréine de nuachtán sin a shéanadh.
Sin an prótacal nua, sin mar a dhéantar rudaí na laethanta seo.
Dhá bhliain ó shoin, ar Oíche na Féile Eoin, vótáil an Bhreatain i reifreann, leis an Aontas Eorapach a fhágáil.
Bhuel vótáil Sasana agus an Bhreatain Bheag le himeacht, vótáil Albain agus Oirthuaisceart chúige Uladh, agus mé féin, chun fanacht.
Bhí go dti seo dhá bhliain ag an Ríocht Aontaithe-ar-bhealach theacht ar réiteach maidir le Breatimeacht, ach thóg sé dhá bhliain orthu le theacht ar réiteach a fhágann nach bhfuil réiteach ann, nach bhfuil an rialtas féin fiú aontaithe air agus gach seans nach nglacfaidh an chuid eile d’Aontas Eorpach leis.
Tá 27 deis ar leith dul a bheith ann an bhuatais a chuir sa Bhreatain, sonc a thabhairt mar éiric ar gach masla, gach ionradh a rinneadh ó bhí 1066 ann, agus bí cinnte go mbeidh go leor tíortha ag fanacht agus iad ar bís an chumhacht s’acu a úsáid agus trioblóid a chothú don Bhreatain Mór.
Tá sé ina phraiseach, agus an rud is mó a chuireann isteach ormsa faoin iomlán ná go gcuireann seo isteach ar mo dhinnéar leis an Chumann… le mo chairde, mar in áit a bheith ag plé mórcheisteanna agus ábhar práinne ar nós ‘Caighdeán uisce reatha ar Oileán Ghabhla’ nó ‘An ghéarchéim in Amhránaíocht ar an Sean-Nós maidir leis an bharraíocht úsáide den Ornáidíocht’, nó fiú ‘Corn an Domhain agus an fáth nár chailligh Co. Aontroma dó arís eile!’, in áit na mórcheisteanna sin, tá muid ag plé an Bhreatimeachta, ag canadh amhrán faoi ghluaisteán Johnson, agus ag rá gur tuisce a thabhairfeadh muid vóta don phlimp féin na mar a thabhairfeadh muid don fhíor-rud.
Tá ceisteanna práinneacha le réiteach, agus thig leatsa cuidiú le iad a réiteach, ach nuachtán, treimhseachán, suíomh idirlín, foilseachán ar bith a aimsiú, maoiniú a chailleadh, buidéal fíona (dearg) a cheannach agus teacht chuig an chéad chruinniú eile (tá eagarthóir agus fo-eagarthóir an tsuímh seo ar an ghearrliosta, beidh ort seasamh taobh thiar díobh sa scuaine).