Breatimeacht arís agus arís agus arís eile...

Treoraíonn Dónall Mac Giolla Chóill ar chuaifeach de thuras muid, ó chastachtaí an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar go bagairtí ar shurfálaithe ó thuaidh agus easpa cáise ón mhór-roinn i siopaí na teorann...

Arsa an DUP cúpla seachtain ó shin: “Caithfidh rialtas na Breataine Airteagal 16 de Phrótacal na hÉireann den Chomhaontú um Tharraingt Siar as an Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm.”

D’fheagair Rialtas na Breataine: “Ná, beidh muid i gceart, níl ann ach cúpla fadhb agus muid ag tabhairt Brexit chun saoil.”

Agus ní raibh na hAontachtóirí róshona nó róshásta faoi seo.

Sílim, de réir taighde a rinne mé, gurb í an uair dheireanach a raibh na hAontachtóirí sásta, gur thárla sin siar in 1921, agus go raibh sé ar intinn acu sin a cheiliúradh agus a chomóradh i mbliana.

Ach ab é gur chuir an phaindéim isteach ar an phlean seo, seans nach mbeidh siad ag siúl síos do shráid i mbliana mar gheall nach bhfuil daoine sásta mascanna a chaitheamh.

Ach níl aon fhianaise ann go stopann mascanna scaipeadh an víris, nach bhfuil sin ceart Sammy Wilson?

Agus muid ag trácht ar an choróinvíreas, nuair a d’fhógair an comhlacht Oxford–AstraZeneca nach mbeadh siad in ann an dáiliúchán a bhí geallta acu ón stoc a cruthaíodh sa Bhreatain a thabhairt don Aontas Eorpach, d’athraigh rudaí.

Arsa an tAontas Eorpach: “Caithfidh muid Airteagal 16 de Phrótacal na hÉireann den Chomhaontú um Tharraingt Siar Socrú as an Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm.”

Agus chuaigh na hAontachtóirí ar dearg daoraí, agus rialtas na Breataine, agus rialtas na hÉireann, chuaigh siad uilig ar daoraí.

Tuairiscítear fosta go raibh trí dhuine ar a laghad i mBun an Leaca a léirigh méid áirithe feirge mar gheall ar an chinneadh seo, ar eagla nach mbeadh cead acu amach anseo dhul chun an tStrátha Báin lá níos faide anonn lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh in ASDA nuair a bheas an euro láidir agus an steirling lag.

Ansin rinne cibé oifigeach de chuid an Aontais Eorpaigh, duine gan ainm, a thoitín draíochta a chur síos, rinne athsmaoineamh agus d’aistarraing sé an bhagairt.

Ach tá na hAontachtóirí i dTuaisceart na hÉireann agus Bun na Leaca corraithe go fóill.

Ba mhór an t-éirí in airde sna hEorpaigh dhamanta sin a leithéid de bhagairt a dhéanamh.

Nó, mar a dúirt duine de mhuintir Bhun an Leaca níos luaithe an tseachtain seo caite, “Tá cheek mhór ar na buggers sin thall sa Bhruiséil, feck iad ar scor ar bith!”

Shílfeá go raibh rudaí socruithe i ndiaidh an bhagairt a bheith curtha ar ceal, ach mar a tharlaíonn go minic fá Oirthuaisceart Chuige Uladh, áit a dtugtar na Sé Chontae de chuid Thuaisceart na hÉireann orthu, chuaigh rudaí in olcas.

Muna raibh rudaí olc go leor leis an phaindéim seo ag cur na céadta míle duine i dtreo na síoraíochta, bhí ar dhaoine macánta múscailt ar maidin agus éisteacht le Jamie Bryson, Gregory Campbell agus cathaoirleach an Loyalist Community Council, David Campbell, ag mairgní agus ag tabhairt amach ar chlár raidió Stephen Nolan.

Bheadh duine ag smaoineamh siar agus ag machnamh go fonnmhar ar an phlá bhúbónach agus ar an Fhliú Spáinneach – ar a laghad ní raibh Stephen Nolan thart na laethanta sin.

Ná labhair liom faoi Edwin Poots, Aire Caorach na Sé Chontae, a ghlac sos de dheasca cúrsaí sláinte, a dhiúltaigh aonaid seiceála a thógáil ag na calafoirt (agus a thóg iad ina dhiaidh sin), a shéan go raibh aon ghéarchéim aeráide ann (roimh ghlacadh leis go raibh), agus a chuir deireadh leis na seiceálacha ag na calafoirt sular éirigh as go sealadach.

Cuireadh na hoibrithe chun a’ bhaile i ndiaidh bagairtí a bheith péinteáilte ar bhallaí i gceantar aontachtach, an ceann is úire ag déanamh bagairt ar lucht na tonnmharcaíochta de réir dealraimh ó tharla gur scríobhadh ‘No Irish Sea Boarders’ [sic].

Anois tá an DUP iontach gnóthach i ngach meán dá bhfuil ann, ag séanadh go raibh siad ariamh ina bpáirtí a bhí i bhfách leis an Bhreatimeacht, nó gurbh iadsan trína gcuid vótaí thall in Westminster a d’fhág muid mar atá.

Beidh drochdheireadh leis an scéal seo is cosúil nó, dar le suirbhé a rinneadh le gairid, tá níos mó de lucht tacaíochta an DUP anois ag smaoineamh ar dhul i dtreo an TUV, ach níos measa arís, tá baol ann go mbeidh fíon na Spáinne agus cáis na Fraince ag éirí gann fá ASDA ar an tSráth Bán.

Is leor sin le duine ar bith de bhunadh Bhun an Leaca a choinneáil ó chodladh na hoíche.

Close
Close