An Breatimeacht agus an Ghaeilge

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Ón lá a fógraíodh torthaí an reifrinn i mí an Mheithimh 2016, tá impleachtaí tromchúiseacha an Bhreatimeachta á gcíoradh go mionsonrach ag polaiteoirí agus saineolaithe, meithleacha machnaimh agus an lucht acadúil. In Éirinn, d’fhéadfá a rá gur tháinig ‘Earnáil Breatimeachta’ chun tosaigh sa tsochaí shibhialta agus pholaitiúil atá dírithe le trí bliana anuas ar chiall a bhaint as an chíor thuathail a d’eascair as.

Anseo, tá go leor airde dírithe ar cheist na teorann agus sin ag éirí níos crua, nó teorainn i Muir Éireann, na himpleachtaí a bhaineann leo sin agus conas is féidir sin a bhainistiú. Tá gné dhiospóiteach leis an phlé sin faoi láthair le teacht i réim Boris Johnston agus an fhéidearthacht fhíorbhaolach go mbeidh Breatimeacht gan mhargadh ann. Mar sin féin, mar a mhínigh Daniel Holder ón CAJ ar an suíomh seo, lasmuigh den cheist áirithe sin, tá go leor amhrais agus buairimh ann fosta i dtaobh impleachtaí an Bhreatimeachta do theidlíochtaí teorann i measc grúpaí éagsúla daoine atá ag cur fúthu anseo, maidir lena gcearta agus a stádas saoránachta.

Is beag aird, i gcomparáid leis an mhéid thuas, atá dírithe ar a gciallódh sé seo do phobal na Gaeilge, thuaidh agus theas. Tá go leor againn, dar ndóigh, dírithe ar chearta a bhaint amach go ‘dúchasach’ trí Acht na Gaeilge. Níl sé seo go hiomlán scartha ó na mór-cheisteanna polaitiúla a nocht an Breatimeacht.

Mar is léir don dall, tá an Ghaeilge á labhairt fud fad na tíre. Tá pobal na Gaeilge beo i ngréasáin, ar bhonn sóisialta agus gairmiúil a dhéanann neamhaird ar an teorainn. Tá cur chuige iomlán éagsúil, áfach, maidir leis an dóigh a mbíonn an dá dhlínse ag plé leis an Ghaeilge. Ó thuaidh, níl aon stádas dleathach ag an Ghaeilge agus déantar neamhaird ar na coimitmintí a eascraíonn ó na conarthaí idirnáisiúnta a dhaingnigh Rialtas na Breataine (i súile Chomhairle na hEorpa agus na Náisiún Aontaithe). Ó dheas (in ainneoin na ndeacrachtaí móra i dtaobh staid reatha na Gaeilge) tá stádas na Gaeilge daingnithe sa bhunreacht, cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm agus táimid leath bealaigh fríd an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Cén tionchar, mar sin, a bheidh ag an Bhreatimeacht air seo ar fad? An éireoidh rudaí níos measa nó níos fearr do Ghaeil ó thuaidh? Mar atá luaite thuas, tá an Ghaeilge ‘aitheanta’ faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh agus an Creat-Choinbhinsiún do Mhionlaigh Náisiúnta. As siocair gur conarthaí de chuid Chomhairle na hEorpa atá i gceist, beidh siad fós ann tar éis an Bhreatimeachta. Tá ceangal ar an Aontas Eorpach, trí Chonradh Liospóin agus Cairt na gCearta Bunúsacha, i dtaobh meas agus tacaíocht a thabhairt d’éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus chun cosc a chur ar leatrom ar bhonn teanga.

Mar oileán ar imeall na hEorpa, thóg sé beagán níos mó ama orainn a bheith páirteach lenár bpáirtnéirí san Eoraip sa tsochaí shibhialta ar cheisteanna ina bhfuil suim againn araon. Le himeacht ama, d’athraigh sin agus le déanaí, mar shampla, tá Conradh na Gaeilge ag obair fríd an líonra ELEN, le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha eile fud fad na hEorpa a bhíonn ag plé le teangacha mionlaigh, le haitheantas a bhaint amach maidir le cearta teangacha mionlaigh laistigh den Aontas Eorpach. San áireamh leis seo, tá obair leanúnach ar bun le Treoir ón AE maidir le teangacha mionlaigh na hEorpa a shábháil. Dá n-éireodh leis an Bhreatimeacht, áfach, ní bheadh aon stádas aige seo ó thuaidh.

Go tábhachtach, tá níos mó tuisceana ar mhór-roinn na hEorpa faoin ilteangachas. Tá tromlach de shaoránaigh na hEorpa dátheangach nó ilteangach agus tá an Bhreatain éagsúil, go pointe, mar mhionlach san Eoraip, sa mhéid is go bhfuil sí beagnach go huile is go hiomlán aonteangach. Tá sé seo le feiceáil, dar ndóigh, sa bhealach a dtéann siad i ngleic le haon phlé maidir le cearta teanga. Tá sé doiligh ag daoine aonteangacha, go háirithe más teanga dhomhanda uilechumhachtach í, an luach a bhaineann le teangacha eile a thuigbheáil, cuma cé acu teangacha mionlaigh iad nó teangacha móra eile na hEorpa. Caithfidh muid uilig ár spásanna agus líonraí sóisialta féin a chruthú faoi scáth ‘dheachtóireacht an aonteangaigh’, mar a chuireann an gníomhaí teanga Bascaise, Paul Bilbao, síos air.

Ar an leibhéal polaitiúil iar-Bhreatimeachta, beidh níos lú tuisceana arís ann maidir le tábhacht na dteangacha dúchais agus mionlaigh a chosaint agus a chaomhnú; teangacha a mhair in ainneoin na n-uafás ba mheasa a d’fhulaing siad leis na cianta. Fágfaidh an Breatimeacht muid faoi thoil rialtais nár léirigh aon suim nó meas do phobal na Gaeilge. Theip orthu a gcoimitmintí féin ó Chomhaontú Chill Rímhinn a chur i bhfeidhm, mar sin, is beag dóchais a bheadh ann go mbeadh siad go tobann agus go fonnmhar ag tabhairt faoi na coimitmintí idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm – go háirithe san atmaisféar polaitiúil a chruthaigh an Breatimeacht. Á bhrú chun cinn mar a bhí sé ag fealsúnacht fhrithghníomhach na héite deise, gearrann an Breatimeacht muid ón aontas polaitiúil díreach ag an am nuair a thosaigh an t-aontas céanna sin ag glacadh céimeanna agus beartais forásacha i dtreo teangacha mionlaigh a chosaint. Chothaigh an tAontas Eorpach imeascadh fosta a thug samplaí agus eiseamláirí dúinn den chleachtas is fearr maidir le cosaint agus forbairt teanga.

Is de thoradh na gcaidreamh a chothaítear le páirtnéirí eile ar fud na hEorpa gur thosaigh níos mó grúpaí Gaeilge ag tarraingt ar shruthanna maoinithe an Aontais Eorpaigh. I dtréimhse ina bhfuil tionscadail phobail faoi ionsaí leanúnach ag giorruithe, tá tábhacht faoi leith leis na sruthanna maoinithe seo – ach go díreach anois agus muid ag dul i dtaithí air, bainfear dínn é. Déanfaidh sé seo scrios ar na cláir oideachais atá á soláthar fríd an AE: mar shampla, na deiseanna atá ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge atá faoi oiliúint seal a chaitheamh ag obair i dtíortha eile san Eoraip ina bhfuil an tumoideachas in úsáid acu.

Tá neart ráite faoin tionchar a imreoidh seo ar fad ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, a thug aitheantas foirmeálta don Ghaeilge den chéad uair i stair an stáitín ó thuaidh. Ní mór a rá, áfach, gur bunaíodh Foras na Gaeilge, an t-eagras reachtúil trasteorann, mar gheall ar an Chomhaontú sin agus chinntigh sé seo, maoiniú straitéiseach, fadtéarmach don Ghaeilge ó thuaidh den chéad uair. Chruthaigh cuir chuige éagsúla ón dá rialtas agus easpa stádais dhleathaigh don Ghaeilge ó thuaidh difríochtaí idir an dóigh a bhfeidhmíonn an Fhoras sa dá dhlínse agus tá buairimh ann go méadófar sin i dtimpeallacht iar-Bhreatimeachta.

Níl na dúshláin atá os comhair na teanga agus na bpobal mionlach éagsúil nó leithleach. Le cúpla céad bliain anuas tháinig ár dteangacha slán ó bhagairtí eisiacha agus i gcásanna áirithe tá siad faoi bhláth arís. Tharla seo mar gheall ar chomhpháirtíocht agus tiomantas na bpobal sin. Agus daoine ag moladh go ndúnfar na doirsí ar an chuid eile den Eoraip agus ar chultúir eile, mar sin, spreagaimis féin ár bpobail agus méadófar ár gcomhoibriú agus ár ndlúthpháirtíocht. Déanfaimis ár dteachtaireachtaí agus ár n-éilimh a chomhthathú agus brúimis ár bhfeachtais go lár an dioscúrsa pholaitiúil.

Tá ár streachailt le haghaidh spás ar an domhan seo áitiúil i gcleachtas ach, mar sin féin, tá tábhacht dhomhanda léi fosta. Tá an troid i gcoinne an chláir dhomhanda pholaitiúil agus eacnamaíochta atá taobh thiar den léirscrios ar theangacha agus ar thimpeallacht na cruinne (tá sé tuartha go mbeidh 90% de theangacha an domhain imithe faoi dheireadh an chéid seo) róthábhachtach le go ligfí di a bheith curtha ar strae ag siabhrán na ‘Sasanach Beag’ atá ag iarraidh pilleadh ar laethanta ‘Rule Britannia’.

Mar a mhínigh an Gníomhaí Maorach, Tuhiwai Smith; ‘Ár stair, ár scéalta, áitiúil agus domhanda, an t-am i láthair, ár bpobail, ár gcultúir, ár dteangacha agus ár gcleachtais shóisialta – is féidir gur spásanna imeallaithe iad ach fosta is spásanna dóchais agus streachailte iad.’

Is féidir an anailís seo a léamh i mBéarla ar shuíomh The Detail anseo.

Close
Close