Biden nó Trump, ní thabharfaidh SAM aon aird ar an chuid eile den domhan

Eoin Ó Murchú

Ní raibh mórán dínn ag súil lena ón díospóireacht idir Donald Trump agus Joe Biden an tseachtain seo caite – agus bhí an ceart ar fad againn. Taispeántas spleodrach ar uairibh, sea, ach míbhéasach is aineolach tríd is tríd.

Ní féidir a shéanadh gur ar an Trumpach atá an milleán is mó. Chuir sé isteach ar Biden ón tús, ag iarraidh go ndéanfadh sé dearmad leathbhealach tríd faoi céard a bhí ar intinn aige a rá.

Is ní raibh Biden compordach mar ní raibh sé in ann cloí leis na hargóintí a d’ullmhaigh sé roimh ré mar gheall ar an gcur isteach rialta.

Níor dhúisigh Biden i ndáiríre ach uair amháin, nuair a dhein sé cosaint ó chroí ar a mhac a bhí faoi ionsaí ag an Trumpach. Ach is cosúil gur Hunter Biden a bhí in aigne aigesean ach gur chosain Biden an mac eile, Beau. Ní dóigh liom gur thug duine ar bith faoi deara é.

Mar, ag deireadh thiar, ní díospóireacht a bhí ann ach taispeántas. Agus níl sé de réir na dtuairimí cearta poiblí, ar ndóigh, ach bhain mé an-sult as. Ní fhaca mé a leithéid ó bhí mé i mo ghasúr beag i gclós na bunscoile.

Léirigh Trump go soiléir cé chómh gránna is atá sé. Ach ní cóir gur nuacht do dhuine ar bith é sin. Léirigh Biden cé chomh neamhchumasach is atá seisean. Ach arís ní cóir gur nuacht é sin do dhuine ar bith. Fiú leis an script os a chomhair amach ní bhíonn sé in ann é a léamh nó na focla a rá i gceart.

I ndáiríre níor chuala mé faoi dhuine ar bith atá ag vótáil ar son Biden: is in aghaidh Trump atá siad ag vótáil. Agus sin é croí na faidhbe maidir leis an díospóireacht seo – lucht Trump ag súil go dtitfeadh Biden as a chéile os comhair an domhain agus lucht Biden ag súil go mbeadh sé in ann abairt iomlán a rá gan dearmad.

Sin é an fáth ar ndóigh ar chuir Trump isteach air an oiread sin.

Ach tá an cinneadh déanta cheana ag formhor na vótóirí i Meiriceá, agus ní dóigh liom gur éirigh le ceachtar acu aigne duine ar bith a athrú.

Deirtear freisin nach raibh líon an lucht féachana chomh mór is a bhí sé idir Trump agus Hillary Clinton, fíric a léiríonn an easpa tábhachta a bhain leis an díospoireacht seo, agus a bhaineann i mo thuairim leo i gcoitinne – abhus agus i Meiriceá.

Cinnte bhí an chuid is mó de na tráchtairí cáinteach faoin Trumpach, ach bheadh ar aon chuma. Is í an cheist i ndáiríre ná cén tionchar a d’fheadfadh a bheith ag an rud seo ar vótóirí.

An spreagfadh diúltu an Trumpaigh an eite dheis a lochtú an pobal Gorm a theacht amach le vótáil ina choinne? Ar éirigh le Trump míshásamh an phobail aosta a mhaolú maidir le géarchéim COVID, ó nár tháinig Biden trasna mar dhuine a raibh aon réiteach aige féin ar chúrsaí?

Tá an cheist sin an-tráthúil ar ndóigh, ó fuair muid amach go bhfuil COVID ar Trump is a bhean chéile, Melania. An mbeidh comhbhá ann do Trump a thabharfadh níos mó vótaí dó, nó an gcaillfidh a fheachtas fuinneamh toisc é a bheith as láthair?

Ar ndóigh ní dhéanann sé aon difear. Más Trump nó Biden a bheas sa Teach Bán leanfaidh SAM le polasaithe frith-Rúiseacha is frith-Shíneacha, ag iarraidh an chuid eile den domhan a shrianadh taobh thiar de cheannaireacht is leas eacnamúil Mheiriceá.

Agus sin é an fáth nach bhfuil, mar shampla, an pobal Laidineach, nó an pobal Gorm fiú, ró-thógtha le Biden in ainneoin na déistine atá orthu le Trump.

Sa deireadh ba é breithiúnas na dtráchtairí ná gur léirigh sé go raibh daonlathas SAM in ísle brí. Bhuel, tá, ar ndóigh. Ach ní mar gheall ar an diospóireacht ghránna theasaí seo, ach mar gheall ar cé chomh héagórach is atá Meiriceá, go hinmheánach agus ar an ardán domhanda.

Deirtear go gceapann 50% den daonra faoi bhun 30 bliain d’aois gur rud maith é an sóisialachas, agus sin é cinnte an t-aoisghrúpa a thug tacaíocht do Bernie Sanders agus Tulsi Gabbard – beirt nach raibh ag teastáil an oiread sin ó cheannairí an Democratic Party gur roghnaigh siad duine éagumasach mar Biden.

Má éiríonn le Biden leanfaidh cúrsaí mar a bhí le Clinton is Obama: cogaí ar fud an domhain, ciníochas cáinte ach beo, lucht an airgid ag coinneáil an airgid. Má éiríonn le Trump beidh tuilleadh den ghránnacht reatha ann, ciníochas oscailte, tacaíocht gan náire d’Iosrael, b’fhéidir níos lú cogaí míleata, ach coimhlintí géara trádála in aghaidh na Síne agus in aghaidh na Rúise.

Ní thabharfar aon aird ar mhianta aos óg SAM.

Agus cinnte ní thabharfar aon aird ar an gcuid eile den domhan.

Close
Close