Béim mhór ag Comhairle na Gaelscolaíochta ar an oideachas dara leibhéal - agallamh le Ciarán Mac Giolla Bhéin

Labhair Ciarán Dunbar le Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin

Is í an fhorbairt ag leibhéal na meánscolaíochta an tosaíocht atá ag Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) de réir Phríomhfheidhmeannach na heagraíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Ba í an Ghaelscoil is déanaí a osclaíodh ó thuaidh ná Gaelcholáiste Dhoire in 2015, áit a bhfuil 226 pháiste ar rolla na scoile i mbliana.

Níl ann ach dhá Ghaelscoil neamhspleácha ar an dara leibhéal, cé go bhfuil trí shruth ann i scoileanna Béarla.

Tá CnaG ag obair le coistí ar an Chéide, i mBaile Aontroma agus in oirthear Bhéal Feirste a bhfuil sé mar aidhm acu bunscoil úr a bhunú.

Tá ardú 70% ar an Ghaelscolaíocht le deich mbliana anuas ó thaobh líon na bpáistí atá ag freastal orthu.

“Sin forbairt thar a bheith suntasach, go háirithe nuair a smaoiníonn tú ar na deacrachtaí córasacha a bhfuil an earnáil ag plé leo go fóill, go bhfuil 60% dár scoileanna i gcóiríocht atá míchuí nó míshásúil,” a dúirt an tUasal Mac Giolla Bhéin.

“Tá go leor deacrachtaí eile ann maidir le tacaíocht sainriachtanais, soláthar múinteoirí, soláthar aiseanna... ina ainneoin sin uilig tá an oiread sin fáis ar an earnáil - is míorúilt é. 

“Tá moladh mór tuillte ag na pobail agus ag na díograiseoirí atá á thiomáint seo uilig.”

Dar le Mac Giolla Bhéin, d’ainneoin gur sna nóchaidí a bunaíodh cuid mhór de na bunscoileanna, agus nach bhfuil scoileanna nua ag teacht chun tosaigh faoi láthair, tá na scoileanna atá ann “á mbuanú” ó thaobh thacaíocht na Roinne Oideachais agus na hinmharthanachta de.

Sin áit a bhfuil fócas CnaG seachas ar bhunú bunscoileanna úra, a dúirt sé. Dar leis nach bhfuil an brú céanna is a bhíodh ag teacht ó choistí deonacha ar an talamh.

“Sílim go bhfuil go leor fáis le déanamh againn fós. Ba chóir go mbeadh rogha an Ghaeloideachais ar fáil do gach páiste ó thuaidh, níl sin amhlaidh faoi láthair. Níl sé praiticiúil ó thaobh an achair taistil go minic,” a dúirt sé.

Ag bogadh chun tosaigh áfach, creideann Mac Giolla Bhéin gur ar an dara leibhéal a bheas béim na hearnála sna blianta amach romhainn, agus iad ag tógáil ar infreastruchtúr na mbunscoileanna atá ann cheana. 

“Ach tá soláthar nua ag teacht chun tosaigh,” a dúirt sé.

Sampla de sin ná na coistí thuasluaite i gContaetha Ard Mhacha, Aontroma agus an Dúin a bhfuil sé mar aidhm acu bunscoil a bhunú.

“Tá éacht faoi leith déanta ag earnáil an Ghaeloideachais, earnáil ina bhfuil 7,000 páistanois ó thuaidh,” a dúirt sé. 

An scéal ar fad

An phríomhthosaíocht atá ag CnaG ná cúrsaí oideachais a dúirt sé: “cad é a tharlaíonn taobh istigh den seomra ranga”.

“Ach tuigeann muid go gcaithfidh muid an obair atá á déanamh againn a fhréamhú laistigh den mhórobair maidir le hathbheochan teanga.

An táscaire is fiúntaí air sin ná cá mhéad duine atá ag tógáil clainne le Gaeilge – an bhfuil sin ag méadú?” 

Creideann Mac Giolla Bhéin gur tháinig fás suntasach ar an líon sin ó bhí sé féin ina ghasúr, tuairim is 30 bliain ó shin, agus go bhfuil i bhfad níos mó deiseanna ann chun saol trí mheán na Gaeilge a bheith ag páistí taobh amuigh de gheataí na scoile anois.

Dar leis gur gá cur leis na deiseanna seo, rud atá ag tarlú, ach go bhfuil níos mó oibre le déanamh mar chuid de mhórphlean.

“Sílim go gcaithfidh muid na nascanna seo a tharraingt le chéile, cuirtear síos ar an Ghaeloideas mar chuisle na hathbheochana ach ní fiú cuisle gan chorp,” a dúirt sé. 

Cuireann go leor iardhaltaí Gaelscoileanna a gcuid páistí tríd an chóraschéanna ach ní bhíonnsiad ag caint leo sa Ghaeilge iad féin, dar leis:

Tá muid ag dul thart i gciorcal.”

Creideann sé go bhfuil “forbairt dhochreidte” ar an mhéid Gaeilge atá á labhairt sa bhaile in iarthar Bhéal Feirste le glúin anuas áfach.

Mar sin féin, shíl sé go bhfuil cuid den díograis a bhain leis na Gaelscoileanna, díograis a bhíodh ag pobal na Gaeilge ó thuaidh agus a tháinig chun cinn de bharr na streachailte chun airgead a bhailiú agus stádas a bhaint amach, go bhfuil cuid de sin caillte le blianta beaga anuas.

“Tá muid ‘príomhshruthaithe’, tá córas ann anois,” a dúirt sé.

Ach dar leis go mothaíonn scoileanna Béarla go bhfuil spiorad ar leith ag na Gaelscoileanna go fóill mar chuid de ghluaiseacht níos leithne. 

Ach caithfidh muid a bheith airdeallach nuair atá ‘institiúidiú’ á dhéanamh, nach gcaillfí an luach a bhí againn sa chéad dul síos, go háirithe nuair nach bhfuil an stát iomlán dáiríre faoi.”

Dar leis go bhfuiltear ag plé le cur i gcéill anois seachas cos ar bolg ó thaobh na n-údarás de agus go bhfuil sé níos deacra daoine a spreagadh dá bharr. 

Scoileanna Imeasctha Gaelacha? 

Tá a mhór á dhéanamh de bhunú na chéad scoile imeasctha 40 bliain ó shin sna meáin Bhéarla ó thuaidh, ní nach ionadh. Níor luadh bunú Bhunscoil Phobal Feirste, 50 bliain ó shin, ar an BBC go fóill áfach.

Dar leis an Uasal Mac Giolla Bhéin, is féidir le scoil a bheith idir imeasctha agus Gaelach:

“Braitheann sé ar an tuiscint atá agat ar ‘imeasctha’,” a dúirt sé. Chuir sé in iúl go bhfuil sainmhíniú reachtach ann maidir le cad atá i gceist le scolaíocht imeasctha ó thuaidh. 

Dúirt sé go léiríonn Naíscoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste na féidearthachtaí atá ann. 

“Is fiú a rá, beagnach achan Ghaelscoil, is scoil neamh-shainchreidmheach í, tá a fhios agam nach ionann an dá rud ach is pointe tábhachtach é.”

Tá Gaelscoileanna de gach saghas ann, a dúirt sé, agus b’fhearr leis go measfaí gur oideachas trí mheán an Bhéarla agus oideachas trí mheán na Gaeilge an dá mhórchineál scolaíochta atá ann ó thuaidh seachas an bhéim a chur ar chúrsaí creidimh.

Close
Close