Le Katie McGreal
Mar shaoroibrí, caithfidh mé mo phraghas féin a leagan síos agus bíonn orm é a dhéanamh do gach uile phost a bhíonn agam. Ciallaíonn seo go bhfuil níos mó smachta agam ar mo phá ná daoine a bhfuil post lán- nó páirtaimseartha acu, ach chomh maith leis sin, tá orm mo phá a phlé níos minice ná na daoine seo agus mar sin, is rud é a mbím ag smaoineamh air go rialta.
Tá a fhios agam le blianta fada go bhfuil bearna idir pá na mban agus pá na bhfear. Go minic, mar chosaint ar an mbearna sin, deirtear nach mbíonn mná ag lorg pá níos airde nó ní chuireann muid an cheist, ach cuireann fir an cheist. Níl ann ach leithscéal d’fhadhb níos mó a bhaineann leis an tsochaí ag cur brú ar mhná a bheith ciúin agus gan tuairimí a nochtadh agus gan a bheith ciotach. Ach is scéal agus alt eile é sin.
Le míonna beaga anuas, tharla sé domsa, le dhá áit éagsúla, gur tháinig siad ar ais chugam ag rá go raibh mo ráta ró-ard. D’iarr siad an post agus an jab céanna ach ar airgead níos ísle. Nuair a dúirt siad sin, smaoinigh mé ar fhear a bhfuil aithne agam air a bhí ag déanamh giotaí oibre cosúil liomsa os cionn ocht mbliana ó shin agus fiú ag an am sin bhí sé ag lorg níos mó don jab sin ná atá á lorg agamsa faoi láthair. Fós féin deir na háiteanna seo go bhfuil mo phraghas ró-ard.
Is duine mór le rá í Síle Seoige ach is saoroibrí í freisin. Ar a podchraoladh, ‘Ready to be Real’, labhair sí faoi phost a iarradh uirthi déanamh. Chuir sí a sonrasc isteach agus fuair sí glaoch ó bhean a bhí ag obair ar an togra seo agus dúirt an bhean; "Díreach mar eolas duit, d'iarr muid ar fhear an post seo a dhéanamh anuraidh agus bhí a shonrasc dhá oiread níos airde ná do cheann".
Chuir an scéal sin idir bhrón agus áthas orm.
Tá brón orm go bhfuil ar gach uile bhean dul i ngleic leis an bhfadhb agus an tseafóid seo is cuma cé chomh cáiliúil nó rathúil ina post is atá sí. Tá áthas orm a chloisteáil nach liom féin atá mé agus go dtarlaíonn na rudaí seo do mhná eile freisin!
Tá an seanscéal ann go bhfuil sé drochbhéasach labhairt faoi chúrsaí airgid agus nár cheart dúinn an méid a shaothraíonn muid a phlé le daoine eile. Ach, an t-aon duine a fhaigheann buntáiste as a leithéid de rúndacht ná na daoine nach bhfuil ag iarraidh an pá céanna a thabhairt do dhaoine agus iad ag déanamh an phoist chéanna le duine eile.
Cloiseann tú faoi ionaid oibre nach raibh cead acu a bpá a phlé agus ansin pléann siad é agus an rud a fhaigheann siad amach ná go bhfuil na fir ar phá níos airde ná daoine eile agus go bhfuil na stiúrthóirí agus bainisteoirí ag fáil i bhfad níos mó pá ná mar a cheap muid.
An gá dom an tseafóid ar fad faoi Ryan Tubridy a lua…?
Mar sin, labhair le do chomhghleacaí agus le daoine eile atá ag obair san earnáil chéanna leat agus faigh amach cé mhéad a shaothraíonn siad do phostanna áirithe. Tá sé in am dúinn an meon ar phá a phlé a athrú. Déanann sé maitheas don oibrí má tá muid oscailte faoi phá agus íocaíochtaí.
Agus domsa, nuair a chuireann éinne ceist orm faoin ráta atá agam, samhlaím gur fear mé agus fiafraím díom féin, cén praghas atá ar mo chuid oibre anois? Agus tá sé i gcónaí níos airde ná Katie an bhean agus muna bhfuil siad sásta sin a íoc is féidir leo duine eile a aimsiú!