Bean Ghaeltachta i mbun feachtas bailiúcháin airgid ar mhaithe gairdín cuimhneacháin a thógáil ina pobal féin.

Tá bean Ghaeltachta i mbun feachtas bailiúcháin airgid ar mhaithe le gairdín cuimhneacháin a thógáil ina pobal féin.

Tá sé mar sprioc ag Bríd Nic Suibhne, de bhunadh Ghaoth Dobhair, dul amach ag siúl achan lá ar feadh bliana.

Téann Bríd amach ag siúl go rialta lena cara Ella, rud a dhéanann maitheas don chorp agus don intinn.

Aithníonn Bríd go bhfuil carthanachtaí agus grúpaí pobail thíos go mór le COVID-19 agus go mbeidh sé níos deacra orthu anois ná riamh airgead a chruinniú.

Chinn Bríd tús a chur le feachtas bailiúcháin airgid ar mhaithe lena hionad pobail áitúil, Ionad Naomh Pádraig Dobhair.

Ba mhaith le hIonad Naomh Pádraig láthair mhachnaimh a fhorbairt sa phobal, i ndilchuimhne ar dhaoine óga a fuair bás agus orthu sin a cailleadh go tobann tubaisteach i mbláth na hóige fríd na blianta. 

Tearmann síochána, spioradálta agus foinse faoisimh agus sóláis do thuismitheoirí, caomhnóirí, baill teaghlaigh agus cairde an aosa óig nach maireann ach i gcuimhne agus i gcroíthe a muintire agus a bpobail.

Creideann siad go láidir go bhfuil géarghá lena leithéid de thearmann le haird a dhíriú ar chúrsaí meabhairshláinte agus folláine.

Tá €5,230 cruinnuithe go dtí seo agus meastar go gcosnóidh togra iomlán thart ar €12,000.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le Bríd Nic Suibhne ar na mallaibh agus í i mbun an dushláin siúloide.

Tuilleadh eolais anseo.

Close
Close