Eoin Ó Murchú
Mura bhfuil athaontú na hÉireann ar an gclár oibre go fóill, is léir go bfuil an scéal ar an gclár cainte.
Is é an duine is deireannaí atá i ndiaidh a fhógairt go bhfuil comhrá cuimsitheach riachtanach faoin ábhar ná iarrthóir Shinn Féin d’Uachtaránacht na hÉireann, Liadh Ní Riada.
Ach cén cineál athaontaithe atá i gceist?
Is léir nach ceart Protastúnaigh an Tuaiscirt a thabhairt isteach in Éirinn nua mar mhionlach gan cearta.
Ach, ag an am céanna, an gá siombailí an ríogachais a ghlacadh?
An bhfuil an ríogachas ina dhlúthchuid den phobal Protastúnach ó thuaidh?
Agus cén comhthéacs atá ann dóibh siúd a mholann bratach nua a bheith ann, amhrán nua náisiúnta, nó fiú ceangal nua a bhunú idir Éirinn ar fad agus an Ríocht Aontaithe trí dul isteach sa gComhlathas (An Comhlathas Briotanach, mar a tugadh air)?
Nó, go deimhin, ceist a chuir an craoltóir Máirín Hurndall ar Facebook le deireannas: “Cad is fiú Stát a bheith agat, más an Bhreatain Thiar atá ann, gan meas acu ar aon rud seachas an Bhéarla?”
Tá ceisteanna faoin mbratach is faoin amhrán náisiúnta ardaithe ag Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, ach an gá a leithéid?
Tá stair faoi leith ag Protastúnaigh Uladh gan dabht, ach ní sin le rá gur náisiún faoi seach atá ann.
Céard is brí le náisiún sa gcomhthéacs seo? Nó céard is brí le Briotanach?
Is é teoric na Breataine gur aontas de cheithre náisiún atá sa stát sin: na Sasanaigh, muintir na Breataine Bige, na hAlbanaigh agus na hÉireannaigh.
I ndáiríre, Sasana mór ata sa mBreatain seo, agus beag an meas ag lucht rialaithe na tíre ar na mion-naisiúin.
Maidir linne, tá scoilt sa náisiún Éireannach: an formhór imithe ón Ríocht Aontaithe, agus an chuid Phrotastúnach in Ulaidh ag cloí leis.
Breathnaíonn an pobal sin, don chuid is mó, ar an gceangal le Sasana le stádas a chinntiú dóibh féin agus chun iad a chosaint ó ansmacht Caitliceach, mar a fheiceann siad.
Is cuma mura bhfuil bunús leis an miotas sin go bhféadfaidís a bheith faoi chois ag an gCaitliceachas (go háirithe inniu nuair atá an t-údarás imithe ar fad ón eaglais ó dheas) - ní ghlacfaidh na Protastúnaigh Ultacha a n-ionad in Éirinn nua mura bhfuil siad cinnte gur miotas gan bhunús é.
Agus tagann muid ansin go dtí croí na ceiste: an gá an Éirinn nua a bhriotanú ar mhaithe le Protastúnaigh Uladh a chur ar a gcompord? An bhfuil an ceangal le Sasana, leis an mBriotanachas, riachtanach?
Nó an é go bhfuil todhchaí fhónta do na Protastúnaigh le fáil taobh amuigh den cheangal le Sasana nó leis an impiriúlachas, díreach mar a cheap sinsir na bProtastúnach in 1798 nuair a d’fhógair siad Poblachtánachas don chéad uair sa tír seo?
Is í an argóint a bhí ag náisiúntóirí Éireannacha riamh ná gur fearrde muid uilig ár rialú féin in ionad a bheith ag brath ar eachtrannaigh.
Agus creidim gurb é sin an jab atá roimh éinne atá ag iarraidh an tír a athontú.
Ní leagan maolaithe den Bhreatain atá uainn – nó Breatain Thiar mar a dúirt Máirín Hurndall – ach Éire Éireannach, dhaonlathach, a thugann meas do gach cuid den náisiún agus a thugann cothrom na Féinne do chách.
Meallfaidh muid na Protastúnaigh le hÉireannachas, más féidir linn an bhrí cheart a bhaineann leis a léiriú.
Thar aon rud mar sin, baineann sé le neamhspleáchas na tíre seo.
Céard is fiú athaontú ar bith mura bhfuil muid i gceannas orainn féin le chéile?
Agus fillimis ar an nGaeilge.
Baineann an Ghaeilge le chuile dhuine sa tír seo, Caitliceach, Protastúnach, aindiagach agus eile.
Is teanga í a bhaineann linne le chéile, agus caithfidh go mbeidh áit lárnach aici in aon Éirinn nua atá le bheith ann, nó b’fhéidir gurbh fhearr dúinn fanacht mar atá nó filleadh go léir ar an impireacht.
Cinnte, ní bheidh Éire aontaithe fhiúntach ann mura mbeidh cothrom na Féinne, stádas measúil is dínit ag an bpobal Protastúnach.
Ach ná cuirimis an Gaelachas ar leataobh.
Ar bhealach is cuma bratach nó amhrán, ach amháin go bhfuil an bratach atá ina híomhá den teacht le chéile idir traidisiúin ghlasa is óráiste.
Is maidir leis an amhrán náisiúnta, nach cóir dúinn a bheith bródúil as an troid a rinne ár sinsir, Protastúnaigh 1798 ina measc?
Agus maidir leis an gComhlathas, is cur i gcéill é sin don sean-dream i Sasana a cheapann gur féidir an impireacht a thabhairt chun beatha arís.
Nach cóir go mbeadh rud éicínt níos forásaí, níos fiúntaí, le tairiscint againn ná a bheith ag sodar i ndiaidh seachmaill na himpireachta, mar is éalú ón impireacht atá uainn, Caitlicigh is Protastúnaigh le chéile ag tógáil sochaí nua le chéile.
Breathnaímis ar an todhchaí, ní ar an aimsir chaite is na scoilteanna a bhí eadrainn.