Fearghal Mag Uiginn
Áth Cliath 1-17 Maigh Eo 1-16
Den chéad uair an céad seo, tá 3 chraobh peile na hÉireann as a chéile bainte ag contae - foireann oilte ildána Bhaile Átha Cliath. Cic saor ó bhróg órga Dean Mhic Concharraige (0-7) sa séú bomaite d’am breise a chuir saigheadh an bháis trí cheartlár aisling Mhaigh Eo.
Ó thús go deireadh na coimhlinte iontach seo bhí an imirt ag seoladh ó cheann ceann na páirce mar a bheadh rabharta peile ann agus níor thráigh tobar an díograis ó chúl aonair Chon Uí Cheallacháin sa dara bomaite den chluiche go cúilín na bua corradh is seachtó bomaite níos faide anonn. Tá Craobh na hÉireann tógtha anois don chúigiú huair le seacht mbliana anuas agus inné an dara huair a bhain cic saor deiridh í!
Stiofán Cluxton, cúl báire iomráiteach na foirne, a dhírigh an liathróid idir na cuaillí an t-am úd, sa bhliain 2011, agus is ceart éacht Stiofáin inné a lua fosta. Ceithre huaire anois atá Corn Shomhairle Mhig Uidhir tógtha os a chionn mar chaptaen aige - éacht ann féin. Ach ní gan dua a baineadh an cluiche inné.
I ndiaidh an chúil, ba ag Maigh Eo a bhí an lámh in uachtar, brú éifeachtach á chur ar chic amach Cluxton. Le fírinne, bhí tine ar chraiceann Mhaigh Eo – faoin 18ú bomaite den chéad leath bhí an bhearna beag tanaí, Maigh Eo 0-3 BÁC 1-1. Faoin 26ú bomaite ba ar comhscór a bhí na foirne, 1-4/0-7 agus bhí buntáiste leathama tuillte go maith ag na Connachtaigh, 1-5/0-9.
Ní raibh sa scéal sin ach leathchuid den seanchas! Ó Gadhra (0-1) istigh ón tús, Jack Mac Cafraidh bacach, bainte den pháirc agus Mac Aindriú istigh ina áit, scoth na himeartha ó Mhac Lochlainn (0-2) Mhaigh Eo, Baróid, Mac an Phearsúin, Aodhán Ó Sé, Ó Moráin (0-3) agus Ó Dochartaigh (0-2). Bhí comhrac beirte ann idir Lee Mac Aogáin agus Ciarán Mac Giolla Chainnigh, iad in adharca a chéile go rialta agus ag cealú a chéile a bheag nó a mhór.
Agus laochra an iarthair ar a ndícheall, bhí lucht leanúna Mhaigh Eo (a líon cuid mheasartha den Chnoc!) á ngríosadh agus den chéad uair i mbliana bhí cuma mhíchompordach ar na Laighnigh. Cuma na maitheasa a bhí ar fhir Mhaigh Eo agus tús tubaisteach fágtha ina ndiaidh. Ceapadh luas Bhaile Átha Cliath go cliste, greim mhaith ag Ó Hearchaí Mhaigh Eo ar an Mhainníneach agus chonacthas dom go raibh ag éirí le plean imeartha Rochford, bainisteoir na gConnachtach. Bhí tromlach na seilbhe ag a fhoireann, ba ón imirt a fuarthas na scóranna ar fad ach ……. ba chóir do Mhaigh Eo bheith ar a laghad trí cinn chun tosaigh ag an sos.
Ábhar machnaimh mar sin ag bainisteoir na Laighneach, Jim Ó Gabháin, ag leathama agus bhí freagra láithreach uaidh ag tús an dara leath – isteach san imirt le Diarmuid Ó Conghaile (0-1) agus le Caoimhín Mac Meanaman (0-1) agus níorbh fhada go raibh BÁC chun tosaigh 1-8/0-10.
Bíonn tréimhse chinniúnach in achan chluiche ceannais agus eachtraí a mbíonn tionchar ollmhór acu ar an toradh. Thit eachtra acu siúd amach sa 47ú bomaite den chluiche nuair a tugadh buille trom ón chúl do Cholm Ó Baoill a d’fhág sínte ina luí ar shlat a dhroma é. Níor thóg sé ach soicind ar Dhónall Ó Beacháin Mhaigh Eo a dhíoltas a bhaint amach agus dhíolfadh Maigh Eo, ach go háirithe, go daor as.
Bhronn an réiteoir, Seosamh Mac Uilín an Chabháin, an dara cárta buí ar John Ó Caoilte (Small) Bhaile Átha Cliath ach cárta glan dearg ar Ó Beacháin. Dá bhfanfadh sé stuama siosmaideach bheadh fear breise ag Maigh Eo go deireadh an chluiche.
Mar a thit amach, Baile Átha Cliath is mó a bhí thuas leis an eachtra mar ba mhó fairsingeacht a bhí ag luas breise na Laighneach leis an bheart a dhéanamh. Réab Mac Cárthaigh fríd an lár le BÁC a chur 1-11/0-12 chun tosaigh ach bhí casadh is tiontú eile sa seanchas!
Bhí an comhrac beirte idir Lee Mac Aogáin agus Ciarán Mac Giolla Chainnigh, nár scóráil inné, ag leanúint leis gur chuir Mac Aogáin an dubh ina gheal ar a chéile comhraic is bhain ceol as eangach Bhaile Átha Cliath faoi Chnoc 16. Bhain an liú ó lucht leanúna dílis, dóchasach Mhaith Eo creathadh as Páirc an Chrócaigh a mothaíodh faoi Chruach Phádraig, déarfainn! Rinneadh beannacht den mhallacht, shílfeá!
Ach gob ar ghob, cos le cos agus scór le scór a bhí romhainn go fóill. Bhí bean ar mo chúl in Ardán Uí Ógáin nach raibh ábalta ag an teannas níba mhó is d’imir síos na céimeanna nuair a chuir Cillian Ó Conchúir (0-7) Maigh Eo dhá chúilín chun tosaigh – 1-15/1-13. Bhí greim an fhir bháite ag an imirt ar achan duine eile!
Caithfear ardmholadh a thabhairt do mhianach agus theacht aniar na bhfear ón Ardchathair agus sna bomaití deiridh léiríodh an scil, an cumas scórála agus an cruinneas breise sin a bhíonn ag Curaidh na hÉireann. De na cúig scór deiridh, d’aimsigh Átha Cliath ceithre cinn acu, léargas cinniúnach ar a gcumas agus ar a dtaithí is báire na fola ann.
Bhí cosa Mhaigh Eo nite agus a bport seinnte – arís.
Maidir le BÁC, tá trí cinn as a chéile nite acu roimhe: 1897–1899; 1906-1908; 1921-1923 agus anois 2015-2017.
Tá barúil agam nach bhfuil a ré thart go fóill.