Fearghal Mag Uiginn
Ard Mhacha 1-11 - Gaillimh 0-13
Nach breá an scéalaí é Sam!
Cé a chreidfeadh an script go mbeadh an liathróid i lámha óga mhac an Uachtaráin ar an fheadóg dheiridh agus Ard Mhacha i ndiaidh an dara Craobh Peile Uile-Éireann a bhaint inné i bPáirc an Chrócaigh. Jarlaí Óg Ó Broin faoi shúile bródúla a athar – seanchas peile nach bhfuil a shárú ann, b’fhéidir, mar scéal clainne CLG.
Macha an bhean a thug a mallacht ar fhir Uladh lá den tsaol ach beannacht a tugadh inné. Bhí Oisín ann go fiú (a imríonn le Tír na nÓg i bPort an Dúnáin!) mar laoch lárnach sa tseanchas glórmhar inné – bhí Ó Connachtaigh óg mar laoch in éadan na gConnachtach agus trí chúilín mhóra ón imirt aige ar an lá.
Déanta na fírinne agus mar a bhí i rith na bliana ar fad, ní raibh faic na fríde idir na foirne seo a bhfuil seanaithne acu ar a chéile. D’fhéadfá a rá nach raibh ach leithead an chuaille idir sinn is am breise dá mbeadh iarracht mhall Dhiolúin Mhic Aodha pas beag bídeach níba chruinne faoin chnoc.
Bhí a chraiceann agus a luach ag an chruinneas inné.
D’aimsigh Ard Mhacha achan chúilín ón imirt agus nuair a nocht an t-aon seans cúil sa chluiche ar fad ní dhearna an lánchúlaí Árón Mac Aodha moill ar bith leis an deis a thapú. An scór ba chinniúnaí sa chluiche ceannais seo a bhí idir dhá cheann na meá ó thús deiridh. Pas gleoite trasna ón fhear ionaid, Stiofán Mac Cathmhaoil - nó iarracht ghairid ar chúilín, ní fios. An t-ádh oráisteach a bhí de dhíth agus tuillte ar an lá.
Cothrom ag leath ama (0-6 an taobh) mar léiriú amháin eile go díreach ar a bhfuil eadarthu. D’imir Ard Mhacha peil shnásta dhíreach sa chéad cheathrú - Oisín Ó Connachtaigh faoi dhó is an fear lár páirce Ben Mac Raghallaigh ag aimsiú cúilíní. Bhí a oiread sin laincisí ar na tosaithe is mó clú inné gur lá na bhfear láir a bhí ann is Pól Ó Conraoi ag déanamh amhlaidh ag ceann eile na páirce do Ghaillimh.
Ba mhór an cailleadh Rob Ó Fiannachtaigh ag fir Chonnacht. Bhí port phríomhscórálaí na Gaillimhe i gcraobh na bliana seo seinnte taobh istigh de bhomaite déag. Ba mheasa toradh a imeachta nuair a chuir Shane Breathnach dhá chic saor amú. Cé go raibh Gaillimh cothrom, ba bheag an fómhar é 6 chúilín ar 66% den tseilbh, measaim.
Ba ríléir cíocras na Gaillimhe ag fíorthús na himeartha sa dara leath is Damien Ó Ciarragáin ag baint seilbhe faoi dhó. Bhí foireann Phádraig Seoighe ag tachtadh, ag plúchadh is ag tiontú Ard Mhacha ar an líne 45 méadar is d’imigh dhá chúilín chun tosaigh arís, 0-8 i gcoinne 0-6, a bhuíochas le Ó Conraoi agus Mac Daibhéid. Agus Breathnach san imirt níos minice anois bhí cuma na maitheasa ag teacht ar Ghaillimh agus an ceannaire Seán Ó Ceallaigh, nár thosaigh, anois istigh sa chath.
Ach ag fear ionaid de chuid Ard Mhacha a bhí an tionchar cinniúnach ar theacht isteach dó. Ruathar díreach lán luais ar an sciathán clé, agus sé bhomaite is daichead ar an chlog, a thug faill do Stiofán Mac Cathmhaoil dorn a thabhairt don liathróid trasna na cearnóige bige, áit a raibh Mac Aodha Dhroimeann Tí ag dul ar cosa in airde isteach le bolg a chur san eangach faoi Ardán Uí Dhaimhín, áit a raibh briseadh croí ag Ard Mhacha dhá bhliain ó shin in éadan na Gaillimhe ar chiceanna pionóis. Chaill Stiofán ceann acu an lá úd. Bhí a ‘phas’ inné mar chúiteamh breá! An pas cinniúnach do scór cinniúnach an lae. Nach spreagúil an turas atá déanta ag Ard Mhacha le dhá bhliain?
Bhí Gaillimh ag díol go daor as míchruinneas is drochaimsiú agus ábhar mór iontais dom nár tugadh an cúl báire cumsasach Conchúr Ó Gliasáin amach sa dara leath le triail a bhaint as cic saor nó dhó nuair ba léir go raibh muinín Shane Breathnach ag dul i dtrá.
Chuir Niall Ó Garmaile iarracht mhór uaillmhianach díreach taobh istigh den chuaille agus nuair a lúb Oisín eile, an t-ionadaí Oisín Ó Néill, ceann eile go gleoite isteach, bhí buntáiste na bua ag Ard Mhacha ag 1-11/0-11 sa chúigiú bomaite is seasca. Níor scóráil na buaiteoirí arís.
Bearna bheag ach bearna mhór sa ‘pheilchoraíocht’ a bhí ar siúl i rith an bhealaigh inné, bearna a d’fhág deis ag Ard Mhacha bunchloch na foirne a laidriú sna bomaití deiridh breise – an córas daingean cosanta nár ghéill. Bhí smacht Ard Mhacha sa chosaint sin go deireadh le hardmholadh, dhá bhloc iontacha a rinneadh, muinín go bás sa chóras.
Cinnte go raibh deiseanna ag Gaillimh an cluiche a thabhairt go ham breise ach bhí a gcuid seansanna féin scórála ag Ard Mhacha agus san iomlán tá Craobh Peile na hÉireann 2024 tuillte ag foireann Chiaráin Mhic Géibheannaigh. An giolla dílis, foighneach, fadfhulangach as an Mhullach Bán, a bhí mar chaptaen buacach sa bhliain 2002 is a fuair ardmholadh ina óráid ón dara captaen riamh as Ard Mhacha le Corn Shomhairle Mhig Uidhir a ardú in Ardán Uí Ógáin, Aodhán Mac Fearchair as an Mhachaire.
Agus an bronnadh. Seanchas úr agus aisling. Jarleth Ó Broin ina chéad bhliain mar Uachtarán CLG ag bronnadh Sam go lúcháireach mórtasach ar a chontae dúchais féin.
Agus ar eagla nach raibh do sháith seanchais agat, bhí rún ag a mhac Jarlaí Óg gan imirt i mbliana! Beidh seisean buíoch inniu agus go deo don té a mhol dó athchomhairle a dhéanamh.
Ardbhua ag Ard Mhacha.