Ar theacht na leanaí

Louise Smith

Bhí mé gar do m’ionú ar Lá Nollag, agus rinne mé gáire faoin fhaoiseamh a chonaic mé ar aghaidheanna na clainne s’againne nuair a fuair gach duine a gcuid turcaí agus prátaí gan mórán drámaíochta.

Ní raibh an oiread céanna suime agamsa sa Nollaig agus a bhíodh de ghnách ar ndóigh.

An rud ba thábhachtaí domhsa ná gur éirigh na leanaí chomh mór sláintiúil agus ab fhéidir leo. Bhí mé á n-iompar le 37 seachtain faoin am sin agus, le 11 phunt go leith mar mheachán na leanaí ann féin, níorbh aon ionadh é go raibh mé ar mhaidí croise sna laethanta deireannacha.

Faoi dheireadh thiar, tháinig an lá chun an cúpla a bheith agam, agus bhí sceitimíní orm nuair a shiúil mé isteach go mall, trí dhoirsí an ospidéil ar a hocht a chlog ar maidin. Istigh sa mhála mór millteach a bhí m’fhear céile á iompar domh, bhí éadaí beaga bídeacha ag méideanna difriúla, go leor clúidíní chun an Life a dhambáil, agus bhí réimse earraí ban nach bhfaca mé ariamh. 

Tóin os cionn a bhí na leanaí s’againne agus dúradh liom go luath sa tréimhse thoirchis nach mbeadh breith normálta agam leo. Ní féidir liom a rá gur mhothaigh sé ariamh normálta daoine beaga a bheith ag fás ionam ar an chéad dul síos, mar sin bhí mé sásta go leor le gearradh Caesarach. Dúradh liom uair amháin go raibh breith faighne níos banúla nó níos máithriúla, ach chuir mé sin ar an mhórliosta seafóide a chuala mé le linn domh bheith ag súil. A fhad is go mbeadh na leanaí folláin, thiocfadh leo teacht fríd mo shrón, polláire an duine!

Roimh an obráid, bhí an-chraic againn leis an bhean chabhrach mar gur seanchara scoile de mo chuid a bhí inti. Rinne mé féin agus m’fhear chéile dearmad ar bhealach cén fáth a raibh muid ann go dtí gur chuala muid leanbh nua ag screadaíl ón obrádlann. An seal s’againne a bhí ann an chéad uair eile.

Cibé náire nó féin-chomhfhios a bheadh orm de ghnách agus mé i mo luí os comhair seanchara scoile agus an deichniúr eile a bhí san obrádlann linn, ní raibh trácht air an mhaidin sin. Ní raibh mé neirbhíseach ar chor ar bith mar bhí an-mhuinín agam sa lia comhairleach agus san fhoireann ar fad. Fiú amháin nuair nach raibh mé ábalta mo chuid cosa a mhothú níos mó bhí mé réidh le dul.

Faoin mheán lae, trí mhion-ghearradh úr i mo bholg tógadh tóin beag gorm amach agus athraíodh an saol s’againne go deo. Is beag anáil a tharraing mé ar feadh ceithre bhomaite go dtí gur saolaíodh an darna leanbh, agus nuair a chuir an comhairleoir ar mo shuaimhneas mé go raibh an bheirt chailín go breá, lig mé an t-aoibhneas isteach.

Brú an Bhainne

Fuair mé go leor eolais agus comhairle faoi chothú cíche agus mé ag súil. Ba láidir agus leanúnach an teachtaireacht faoi na buntáistí sláinte a bhaineann le cothú cíche don pháiste agus don mháithair. Ag ceann de na ranganna réamhbhreithe, bhí duine de na cnáimhseacha chomh dearfach go mbeimis uilig in ann ár gcuid leanaí a bheathú leis an chíoch, bíodh cúpla nó trírín againn, gur dhúirt fear a raibh a bhean ag súil, “Tá sé chomh éasca sin, an bhfuil?”

Cé go ndearna an bhean chabhrach neamhaird ar an tuin shearbhasach a bhí aige, thuig muid an pointe. Cosúil le go leor rudaí a bhaineann le tógáil páistí, is fusa é a rá ná a dhéanamh!

Tá aithne agam ar go leor ban a raibh deacrachtaí acu agus iad ag iarraidh leanbh a chothú leis an chíoch. Tarlaíonn sé go minic go mbíonn máithreacha úra gann i mbainne, bíonn maistíteas mar fhadhb ag daoine áirithe, nó bíonn an leanbh ag streachailt chun greim ceart a fháil, is féidir le cothú cíche a bhí ró-phianmhar do mháithreacha eile agus téann an liosta ar aghaidh.

Shocraigh mé go mbainfinn triail as beathú cíche ach go mbeinn go hiomlán sásta bainne foirmle a thabhairt do na leanaí a fhad is go raibh siad ag cur suas meáchain. Nuair a tháinig an lá domhsa, fuair mé tacaíocht iontach ó na cnáimhseacha agus spreag siad mé coinneáil leis an chothú cíche. 

Ar an chéad oíche san ospidéal, thuig mé dúchas máthar mar is ceart. Bhí mé i mo luí ar an leaba agus duine den chúpla ar mo bhrollach agam nuair a thosnaigh an cailín beag eile ag scairteadh. Gan smaoineamh air fiú, thóg mé m’iníon eile ón chliabhán le lámh amháin agus thug mé an chíoch eile di. Ó shin ar aghaidh, bhí mé in ann an bheirt acu a bheathú ag aon am amháin. Mothaím go fóill go bhfuil an t-ádh dearg orm a bheith ábalta an bheirt leanaí s’agam a chothú mé féin. Cé is moite den tsláinte, ní gá domh buidéil a steiriliú i lár na hoíche agus ní dhéanaim dearmad ariamh ar bhia na leanaí a thabhairt linn agus muid amuigh ar cuairt!

Cé nach bhfuil cuimhne cheart agam ar ar tharla an chéad cúpla lá i ndiaidh bhreith an chúpla, is cuimhin liom m’fhear chéile ag fiafraí díom ar mhothaigh mé athrú ionam, agus mhothaigh. Cibé iontas de chuid an nádúir a mhíníonn an t-athrú, mhothaigh mé gur bean eile ar fad a bhí ionam. Agus an t-aon chur síos atá agam air ná gur mhothaigh mé mar mháthair.

Fuair mé cúram as cuimse agus mé san ospidéal, tacaíocht mhorálta chomh maith le leighis. Níor thuig mé an méid a bhí mé ag brath ar fhoireann an bharda máithreachais go dtí go ndeachaigh muid abhaile mar chlann bheag.

Cosúil le go leor máithreacha nua eile, bhí orm neamhshuim a dhéanamh den chomhairle faoi bheith ag glacadh an saol go réidh ar feadh roinnt seachtainí i ndiaidh na hobráide. Le beirt ag bráth orm, ní raibh an t-am agam mo scíth a ligean, agus ní bheadh go ceann tamall fada.

Idir an Nollaig agus an Cháisc ní raibh ach oíche amháin a raibh cúig uair codlata agam i ndiaidh a chéile. Cé gur imigh an t-am sin go tapa, is iomaí scéal atá agam faoin saol mar “twummy”, mar a deirtear sa Bhéarla. Ach tá siad uilig le teacht in am trátha.

Close
Close