Ar theacht an tsamhraidh achan bhliain…

Ar theacht an tsamhraidh achan bhliain…

Myra Zepf

Tá an t-idirlíon lán de thuairimí, lán de chlabaireacht is de ghlagaireacht.

Tá muid cleachtaithe leis sin.

Ach corruair, léim alt agus cuireann sé fearg orm.

Thosaigh mé ag argóint os ard le mo ríomhaire nuair a léigh mé an ceann seo faoi choláistí samhraidh. Bíonn ailt cosúil leis sna meáin gach bliain.

Líonann siad poll sa nuacht i rith an tsamhraidh, b’fhéidir.

Ba chóir go mbeinn ábalta neamhaird a dhéanamh de, ach tá fáth speisialta ann nach féidir liom.

An rud atá ann, tá mé go huile is go hiomlán claonta ar an ábhar seo.

Tá na coláistí samhraidh lásta i m’intinn le solas draíochta, cumhachtach, geal.

Is fanaiceach mé, is creidmheach mé. Gráthóir.

Leanaim an cultas seo go hiomlán.

Chaith mise gach samhradh idir aois 11 agus 18 mar scolaire i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste.

Chaith mé tréimhsí Cásca i Loch an Iúir agus Dún Lúiche.

Bhí féilire agam ar bhalla mo sheomra leapa, ag cuntas na laethanta go dtí an chéad chúrsa eile.

Agus sna laethanta ársa sin gan idirlíon, scríobh mé na céadta litir chuig mo chairde nua ar fud na tire.

Ní raibh bealach ar bith eile ann chun déileáil leis an tobstaonadh idir cúrsaí.

Chaith mé mo bhlianta ollscoile ag pilleadh ó Oxford go Rann na Feirste chun obair mar cheannaire mar nach dtiocfadh liom an samhradh a fhuilsint gan cúrsa Gaeltachta.

Anois, tá m’iníon féin ag freastal ar chúrsaí.

De réir Victoria White, scríbhneoir an ailt, caitheann scolairí na gcoláistí samhraidh a gcuid ama ag ceol ‘Amhrán na bhFiann’ agus ag dul ar aifreann faoi éigeantas.

B’fhéidir nár chuala sí faoi na ranganna Gaeilge?

Na ranganna ceoil inár fhoghlaim mé beagnach gach amhrán dá bhfuil ar eolas agam?

Cad é faoi na ranganna damhsa agus na céilithe, na díospóireachtaí, na cuairteanna ón seanchaí áitiúil, na ceolchoirmeacha, dioscónna agus cluichí? B’fhéidir go bhfuil spléaclaí ar dhath na rósaí orm, ach níl ní ar bith a b’fhearr liom ná bheith ar ais i Rann na Feirste anois, i mo shuí ar charraig le dream cairde.

Tá giotar ag duine acu, ar ndóigh, agus cóip seanchaite d’Abair Amhrán i mo phóca agamsa. Neamh.

Is toradh na gcoláistí samhraidh mise.

D’fhreastal mo thuismitheoirí féin orthu.

Is ansin a thit siadsan i ngrá leis an teanga agus leis an chultúr.

Is ansin a lasadh an bladhaire a spreag iad chun a gcuid páistí féin a thógáil le Gaeilge.

Is ansin a lasadh splanc ionam féin.

Suim sna sean-amhráin, i litríocht na Gaeilge, i bhfocail, i mbéaloideas.

Is údar Gaeilge anois mé agus mé ag tógáil páistí le Gaeilge.

Ach cad faoi na cairde lena raibh mé ag scríobh litreacha?

Ní féidir le coláiste samhraidh gach scoláire a thiontú ina ghníomhaí teanga don saol.

Ach amharc thart ort ar na gníomhaithe teanga agus tchífidh tú rian na gcoláistí samhraidh go smior iontu.

Sna meáin Ghaeilge, sna scoileanna, sna heagraíochtaí Gaeilge.

Is beag duine ag obair san earnáil nár fhreastail ar choláistí samhraidh, ach amháin muintir na Gaeltachta iad féin.

Chomh maith leis sin, tá cairdeas agus ceangal acu, agus agam, go fóill le muintir na háite mar gheall ar na coláistí samhraidh.

Mar a dúirt mé ag an tús, tá mé claonta fríd agus fríd.

Dá mbeinn neodrach, thiocfadh liom a admháil go bhfuil corr-phointe déanta aici ar fiú a chíoradh.

Níor chóir go mbeadh aifreann mar chuid riachtanach den chúrsa.

Is sochaí éagsúil anois muid agus ní eisceacht ar bith é pobal na Gaeilge.

Sin ráite, roghnaigh mise gan dul ar aifreann agus mé ag freastal ar Choláiste Bhríde, ach mhothaigh m’iníon (nach Caitliceach í) nach raibh rogha aici ach dul. Deir Réamonn Ó Ciaráin ó Ghael Linn liom go dtugtar rogha do scoláirí s’acusan i gColáiste Mhachaire Rabhartaigh, Bun an Inbhir agus Baile Bhúirne.

Níl dúil ar bith agam in amhrán náisiúnta ar bith de chuid tír ar bith.

Bíonn said míleata, trodach de gnách.

Agus is maith a chuimhníonn bheith i dtroiblóid i gColáiste Bhríde mar gur éalaigh mé ón halla in áit seasamh dó.

Sílim gur thug mé óráid don Ardmháistir (sea, bhí mé cosúil leis sin mar dhéagóir) faoin obair a bhí ar siúl sna sé chontae i dtreo oscailteacht na Gaeilge, agus an luach a bhaineann le taispeáint nach mbaineann grá don teanga i gcónaí le féiniúlacht náisiúnaíoch nó creidimh.

Sea, mura mbeinn chomh claonta seo, chuimhnóinn fosta ar na milteoga – iad i bhfad go deo níos measa ná fadhb ar bith a luaigh Victoria White ina halt.

Ach is díograiseoir mé is ba mhaith liom an soiscéal a scairteadh ó bharr na gcnoc.

Cuir bhur gcuid páistí chun na Gaeltachta is líonfaidh tú a n-anam le dúchas agus draíocht!

Close
Close