Ciarán Ó Pronntaigh
Is saoithiúil amach an córas roghnaithe ceannaire atá ar siúl ag na Tóraithe faoi láthair. Cinnte, cuireann sé an chuma ar an scéal go bhfuil bunús daonlathach leis an phróiseas ach tá a fhios againn uilig gur toghlach measartha cúng atá ann atá ag dul a roghnú phríomh-aire nua na Ríochta Aontaithe.
Cuireann an feachtas seo an dá iarrthóir in adharca a chéile le dul i gcion ar bhaill an Pháirtí Choimeádaigh, dream a chuireann béim ar an ‘mhargadh shaor’. I gcás Liz Truss, tá sise ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine gur comharba í ar oidhreacht Margaret Thatcher. Níos lú cánacha agus níos lú le caitheamh ar sheirbhísí poiblí. Gheall sí, mar shampla, go gcealódh sí na harduithe sna rátaí Árachais Náisiúnta a thug Rishi Sunak, an t-iar-Sheansailéir, isteach ach ní bhacann sí a lua go raibh an t-airgead sin le díriú ar sheirbhísí sláinte agus cúram sóisialta, rudaí atá ar an dé deiridh faoi láthair. Bhéarfadh sí an bhearna isteach trí airgead a fháil ar iasacht, rud a dhéanann rialtais i gcónaí, ach is rud é a shílfí a bheadh ag teacht salach ar bhunphrionsabail Thatcher.
Fágann an ball lag seo in argóint Truss oscailt éigin ag Rishi Sunak, atá, de réir na dtuairiscí is déanaí, i bhfad ar gcúl sa rás. Ag an tús, chuir Sunak béim ar an ‘chóir fhioscach’, macalla eile ó ré Thatcher – tá an tír mar a bheadh teaghlach ann agus mura mbíonn an t-airgead sa bhanc agat, ní thig leat é a chaitheamh. Agus sin an mana a bhí ag Sunak. Ní thig linn na cánacha uilig a ísliú ag am a bhfuil an stát faoi bhrú ag an bhoilsciú – agus níor chóir an t-aisíoc a fhágáil ag ár gcuid páistí agus a gcuid páistí féin. Aithníonn sé anois nach meallfaidh sin mórán vótaí ó phinsinéirí ná ó na gnáthvótálaithe atá faoi bhrú agus imní mhór orthu faoina bhfuil i ndán dóibh an geimhreadh seo.
Maidir linn féin ar an taobh seo de Mhuir Éireann agus na himpleachtaí a bhaineann le príomh-aire nua, is amhlaidh nach mbeidh mórán d’athrú ann. Is ionann is cinnte go leanfaidh Truss leis an pholasaí a mhol sí ón chéad lá agus an Prótacal a chur ó mhaith ach deir Sunak go labhródh sé leis an Eoraip faoin Phrótacal le hiarracht a dhéanamh ar theacht ar chomhréiteach. Ach an bhfuil rudaí imithe rófhada le dul siar cheana féin?
An dá mhór-fhadhb atá roimh phobal na Breataine, agus scéal na hÚcráine ligthe i ndearmad faoin am seo, ná an costas maireachtála agus an díobháil atá an t-athrú aeráide a dhéanamh. Agus, ar bhealach, tá ceangal idir an dá rud seo agus an rás le bheith mar cheannaire ar na Tóraithe. Is é sin an ról lárnach atá á imirt ag deontóirí an pháirtí agus an oiread a bhíonn an páirtí ag brath orthu.
Ní bhíonn mórán plé ar an fhíric seo ar na meáin, cé gur sceith Liz Truss an rún í féin ag tús an fheachtais go gcaillfeadh an páirtí na milliúin punt dá n-imeodh siad rófhada ar shiúl ó mhianta na ndeontóirí. Agus sin croí na faidhbe sa pháirtí – tuigimid uilig nach bhfaighidh tú faic in aisce. Cuid mhaith de dheontóirí an pháirtí is eagrais nó daoine iad a bhfuil páirt mhór acu i dtionscal na mbreoslaí iontaise. Dhiúltaigh an dá iarrthóir aon gheallúint a thabhairt faoi ‘cháin amhantair’ a thabhairt isteach ar na comhlachtaí breosla a bhfuil brabús mór déanta acu as an phraghas ard atá ar ola agus gás. Is tearc an méid a shonraigh ceachtar díobh ó thaobh faoisimh de, cé gur luaigh Truss go laghdófar na cánacha a bhaineann leis an cháin ‘ghlas’, rud a thaitneodh leis na comhlachtaí breosla, ar ndóigh.
Léiríonn na polasaithe atá á gcur chun cinn sa rás seo an chruacheist nár cuireadh ar na Tóraithe go fóill. De réir mar a bhogann an páirtí níos faide ar an eite dheis, beag beann ar riachtanais na tíre, is amhlaidh is mó go bhfeiceann vótálaithe nach labhraíonn siad ar a son. Bhí Johnson ábalta an fhíric sin a cheilt le linn Olltoghchán an Bhreatimeachta dhá bhliain go leith ó shin; beidh sé doiligh ar an chéad phríomh-aire eile an cleas sin a imirt ar an phobal an chéad iarraidh eile.