Eoin Ó Murchú
Bhuel, sin sin. Is cinnte go mbeidh an Breatimeacht ann anois, faoi na téarmaí a aontaíodh idir Boris Johnson agus an tAontas Eorpach: is é sin stádas faoi leith ag an Tuaisceart a cheanglaíonn le heacnamaíocht an deiscirt é.
Tá an DUP ar buile faoi, ach tá a dtionchar ar pholaitíocht na Breataine caillte acu - is cuma faoin mbrionglóid atá fós ag Sammy Wilson gur páirtí aontachtach é an Páirtí Caomhach thall.
Tá sé léirithe ag pobalbhreitheanna gur cuma le lucht tacaíochta na gCaomhach na Sé Chontae a bheith ann nó as, agus tá rogha shimplí os comhair na nAontachtóirí anois: a gceann a choinneáil sáite sa ngaineamh nó aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne agus labhairt go rialta le rialtas Bhaile Átha Cliath ar mhaithe leis an socrú trádála is fearr a chinntiú don Tuaisceart – i dtaobh trádáil leis an deisceart agus trádail le Sasana is Albain araon.
Tá idirbheartaíocht le déanamh a ndóigh faoi chruth an chaidrimh trádála sa todhchaí idir an Bhreataiin agus an Eoraip, ach tá sé chun leas an dá thaobh go dtiocfaí ar réiteach ciallmhar.
Tá sé seo thar a bheith tábhachtach don deisceart ar ndóigh, mar gheall ar an oiread sin trádála a dhéantar leis an mBreatain, go háirithe earraí bia. Ach tá sé lárnach freisin don Ghearmáin agus don chuid is mó de na Ballstáit seachas, b’fhéidir, an Fhrainc.
Tá baol ann cinnte nach mbeidh an dá thaobh in ann teacht ar shocrú ach, toisc go bhfuil leas coiteann ann, ní gá nach mbeidh siad in ann.
Ag an am céanna níor theastaigh riamh ón gCoimisiún Eorpach go mbeadh sé éasca ag an mBreatain imeacht as an Aontas. Theastaigh uaidh teachtaireacht a thabhairt d’aon Bhallstát a d’fhéadfadh an sampla sin a leanacht go raibh praghas ard le n-íoc.
Baineadh leas as fadhb na teorann ar an oileán seo ar mhaithe le cúrsaí a dhéanamh níos deacra don Bhreatain, ach sa deireadh dhíol Boris Jonson an Tuaisceart ar mhaithe le margadh a fháil don Bhreatain Mhór.
Má tá an leas ceart le baint as an gcomhtheacs seo is cóir go mbeadh rialtas Bhaile Átha Cliath ag síneadh lámh cairdis is comhoibrithe don Tuaisceart agus do na hAontachtóirí.
Ach caithfidh siad a thuiscint nach ionann an dá rud. Níl móramh de na feisirí Westminster ina nAontachtóirí a thuilleadh, agus ní féidir neamhaird a dheanamh de leas is mianta na Náisiúntóirí.
Beidh sé riachtanach brú a chur orthu. Is beag an mhaith ámh brú óráide. Tá gá iarracht a dheanamh go labhródh an Tuaisceart leis an aon ghuth amháin maidir le cúrsaí eacnamaíochta is trádála.
Ní bheidh sé éasca an DUP a thabhairt ar an mbealach sin, ach is láidre a bheas guth an Tuaiscirt más guth an dá phobal é.
Sin é an comhtheacs ba chóir a bheith ann do na cainteanna le Feidhmeannas a chur ar ais i Stormont.
Buaileadh an DUP go trom, sea, agus tá riachtanas mór orthu an Feidhmeannas a bheith ann arís, ach ní bheidh sé éasca acu glacadh le cothromas don dá phobal, go háirithe maidir le hAcht na Gaeilge, más Acht níos fiúntaí é ná an ceann ar dhiúltaigh siad dó roimhe.
Ach lagaíodh Sinn Féin freisin, in ainneoin a mbua shuntasaigh i dTuaisceart Bhéal Feirste. Thit a gcéatadán vótaí, agus rinne siad go hainnis i gcathair Dhoire. Ciallaíonn na firící seo nach mbeidh spás acu mórán a ghéilleadh don DUP sna cainteanna ar fhaitíos go gcaillfidís tuilleadh vótaí sa todhchaí.
Bhí dóchas ag Sinn Féin go scoiltfeadh scéal an Bhreatimeachta na hAontachtóirí ach, sa mhéid gur scoilt, chuaigh Aontachtóirí a bhí ar son na hEorpa i dtreo an Alliance in ionad dul i dtreo aontu na hÉireann.
Fágann sé sin an bhuncheist i gcónaí. An féidir an fhorbairt eacnamúil atá ag teastáil ar an dá thaobh den teorainn a dhéanamh faoi na rialacha a leagadh síos i gConradh Maastricht?
Ní fheicim gur féidir, agus anois go bhfuil an Breatimeacht ar na bacáin caithfidh muid go léir, Tuaisceartaigh agus Deisceartaigh, lucht cathrach is lucht tuaithe, tabhairt faoin idirbheartaiocht trádála le haigne oscailte agus fíor-leas na hÉireann a lorg.
Mar ag deireadh thiar, tá contrárthacht mhór idir aidhmeanna Shinn Féin don oileán ar fad agus a ndílseacht nuacheaptha don Aontas Eorpach.
Is mura dtugann a bhfrith-Bhreatimeachtachas Éire Aontaithe dúinn, b’fhéidir nach mbeadh aon dul as acu ach machnamh úr a dhéanamh agus tabhairt go cothrom faoin mBreatain agus faoin Aontas Eorpach.
Sea, tá Breatimeacht cinnte anois, ach cén cineál Breatimeachta a bheas ann – ceann a d’oirfeadh don tír seo nó ceann a fhágfaidh faoi chosa na nEorpach muid?