Dónall Mac Giolla Chóill
Le cúpla mí anuas agus gan mórán le déanamh ag duine ar bith, chaith mé níos mó ama ag amharc ar scannáin, seanchinn go háirithe.
Tá cúpla leagan den scéal faoin Titanic feicthe agam, ceann ó 1958, A Night to Remember, agus ceann eile dar ndóighe le Kate Winslett agus Leonardo DiCaprio.
An chéad uair siar sna 1990í nuair a chonaic mé A Night to Remember, shil mé uiscí mo chinn, na deora liom ag an deireadh.
Sin an t-aon scannán a raibh an tionchar sin aige orm, ó shoin agus go dtí an lá atá inniu ann.
Ní duine goilliúnach mé de ghnáth.
Tá rud inteacht sonraitheach faoi na scannáin agus na sráitheanna teilifíse uilig a chonaic mé faoin Titanic, agus is é sin go bhfuil siad uilig beagnach mar an gcéanna, go minic radharcanna atá focal ar fhocal cosúil lena chéile.
Is dóiche mar gheall ar go bhfuil cuid mhaith de na scéaltaí bunaithe ar an taifead stairiúil, an taifead oifigiúil, agus go bhfuil an oiread sin sonraí againn uathu siúd a tháinig slán.
Tá radharc amháin coitianta i ngach léiriú dá bhfuil feicthe agam agus is é sin an milliúnaí Meiriceánach Benjamin Gugenheim, agus an bád ag dul faoi, ina sheasamh ansin lena shearbhónta, ag rá “We've dressed up in our best and are prepared to go down like gentlemen”.
Caithfidh go dtagann sin ón taifead oifigiúil, ó fhinné súl.
Chaith mé tráthnóna amháin roinnt blianta ó shoin ag siúl fríd an pháirc sin taobh amuigh de Halla na Cathrach, áit a bhfuil an leac chuimhniúcháin dóibh sin a bádh nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill.
Is cosúil, anois nuair a smaoiním air, go bhfuil saghas fiosracht mhíshláintiúil agam faoin bhád, ach i ndiaidh domh léamh fríd an liosta sin de thuairim is 1,500 duine a bádh, níor aimsigh mé oiread agus Chóilleach amháin, gan iomrá ar thaobh ar bith eile de mo theaghlach.
Creidim go mór, mas rud é go bhfuil an fhírinne ina bréag, agus má tá an bhréag níos fearr agus níos taitneamhaí na an fhírinne, gur fiú cloí leis an bhréag agus an bhréag féin a chur i gcló faoi chruth na fírinne glaine.
Mar sin, agus b’fhéidir gur seo miniú de chinéal atá agam ar an ró-shúim seo agam maidir leis an Titanic.
Tá gach teaghlach ar domhan déanta as dhá theaghlach ar leith, de ghnáth, go hiondúil, sa ghnáthshóchaí seo againne.
Tá mo theaghlach féin amhlaidh, na Chóilligh agus muintir Williams.
Síolaíonn na Chóilligh as cleamhnas leis na Dubhchónaigh agus na Williamsanaigh as cleamhnas le muintir Austin.
Mar sin de ar thaobh mó mháthara bhí sloinnte breátha Gallda ar an dá athair mór aici.
Bhí an dá thaobh de chlann mo mháthara lonnaithe in Albain, ach de bhúnú Gaelach agus Caitliceach iad, fiú leis na sloinnte sin.
Agus athair mór mo mháthara, mo shin-seanathair, sílim gur Austin a bhí ann, agus é ag obair i longchlós John Brown ar bhruach abhainn Chluaidh, cuireadh go Béal Feirste é.
Bhí ceangal éigin idir John Brown & Co., Clydebank, agus Harland and Wolff i mBéal Feirste.
Bhí socrú eatarthu, nuair a bheadh conradh mór ag ceachtar acu, go rannfadh siad oibrithe oillte idir an dá chomhlacht.
Nuair a bheadh conradh mór ag John Brown, chuirfeadh Harland and Wollf daoine trasna agus vice versa.
Sin mar a tharla sé ag tús an 20ú haois gur fágadh athair mór mo mháthara in oirthear Bhéal Feirste, an chéad duine de mo chlann le cónaí anseo go dtí gur tháinig mac a ghariníne, mé féin, le cónaí anseo, áit a bhfuil mé go dtí an lá seo.
Anois, níl mé ag maíomh go raibh an locht ar mo shin-seanathair gur cuireadh go tóin poill an Titanic, nó go raibh baint aige fiú lena tógáil, ach tá féidearthacht ann.
An rud is súimiúla faoin am a chaith sé i mBéal Feirste, ag obair sa longchlós agus ag cur faoi in oirthear na cathrach, ná go raibh air dul i bhfolach.
Mar dhuine dar sloinne Austin, ghlacfaí leis gur Protastúnach é, Albanach i ngach uile bhealach, ach Caitliceach go smior a bhí ann.
Gach maidin Domhnaigh rachadh sé ar aifreann, gan teip.
Fiú agus é i mBéal Feirste, rachadh sé ar aifreann, fiú mas rud é go raibh air dul faoi cheilt, fríd chúlsráideanna oirthear Bhéal Feirste, ar eagla go bhfeicfeadh a chomharsana, a chuid comhoibrithe é.
Bhí sé á mhaíomh aige ariamh ina dhiaidh sin, dá bhfeicfí é ag nochtú thairseach Theach an Phobail, go mbrisfí as a phost é i mBéal Feirste - dá mbeadh an t-ádh leis.
Ní raibh mórán fáilte roimh Chaitlicigh sa longchlós ag an am, má bhí ariamh.
Ach ní chaillfeadh sé aifreann choíche, sin an ghlúin lenar bhain sé, fiú aniar go glúin m’athara, ní chaillfeadh siad an tsacraimint ar an Domhnach choíche.
Níor fhreastail mise ar aifreann de mo dheoin féin ó cuireadh mo mháthair, agus fiú roimhe sin, lena sásamh a rachfainn.
Tá sé suimiúil go raibh daoine ann, le sloinnte gallda, a raibh orthu dul i bhfolach faoi sholas na gréine, lena gcreideamh a chleachtadh, lenar linn, d’fhéadfainn rá, i gcuimhne na ndaoine, nó ní céad bliain agus breis ó shoin a bhí fadhbanna seicteacha in Harland and Wollf, ach lenár linn féin.
Anois agus níos mó ná leath mo shaoil caite agam ag cur fúm agus i mo chónaí i mBéal Feirste, agus breis agus céad bliain ó leag athair mór mo mháthara cos ar an bhaile seo, baile dúchais an bháid sin, meabhraím gur féidir go raibh baint inteacht agam leis an bhád céanna.
Má tá bréag ann, bíodh.