An tábhacht le sosanna

Katie McGreal

Cloisim roinnt mhaith cainte faoi thimthriall na mban agus nach mbíonn an fuinneamh againn le bheith ag obair go han-dian le linn an mhíostraithe.

Moltar dúinn sos a thógáil agus muid ar an míostrú mar de ghnáth is é sin an t-am nach mbíonn muid ag mothú go hiontach ach ba cheart an chomhairle sin a thabhairt do gach duine!

Is cuma má bhíonn nó mura mbíonn míostrú agatsa, ní meaisín thú ach mothaíonn sé uaireanta gur sin atá á lorg ag an tsochaí.

Agus muid cleachta le bheith ag obair ón mbaile tá sé níos deacra idirdhealú a dhéanamh idir saol na hoibre agus saol an bhaile. Tá sé ró-éasca na laethanta seo an ríomhphost sin a sheoladh i ndiaidh amanna oibre nó an fón a fhreagairt nuair nach bhfuil tú ag obair. Tá go leor post agus comhlachtaí ag siúl leis an gcineál sin oibrí anois freisin.

Ach rud atá mé i ndiaidh a fhoghlaim ná má thógaim sos nuair atá tuirse orm, fiú má tá rud ‘an-phráinneach’ le déanamh agam, déanfaidh mé jab níos fearr dó nuair a thagaim ar ais chuige i ndiaidh an tsosa.

Tuigim nach bhfuil sé éasca i gcónaí sin a dhéanamh, go háirithe má tá bainisteoir agat atá ag siúl leis an rud a bheith déanta. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag obair le comhlacht dúirt mé le cara go raibh mé ag feidhmiú ag thart ar 40% agus gur mhothaigh mé go holc mar dúirt beirt éagsúil liom san obair go raibh rud éigin mícheart déanta agam - rudaí bunúsacha nach raibh déanta agam riamh roimhe. Dúirt mo chara go mbíonn muid ar fad thuas seal, thíos seal agus ba cheart go dtuigeann bainisteoirí sin. Seans go mbeadh mo bhainisteoir féin i ndiaidh sin a thuiscint ach ní raibh an mhuinín agam aon rud a rá leo.

Níl sé éasca na rudaí seo a chur i bhfeidhm ag an tús ach beidh na daoine thart ort, do bhainisteoirí agus tú féin níos fearr as más féidir leat cúpla uair an chloig fiú a thógáil nuair atá tú spíonta. Buaireamh a bhíonn agam féin ag na hamanna lagfhuinnimh ná nach dtiocfaidh an fuinneamh ar ais choíche. Má tá seachtain nó cúpla lá agam ina mbím go hiomlán scriosta bím buartha nach mbeidh an fuinneamh agam an lá dár gcionn ach tagann sé ar ais sa deireadh i gcónaí. 

Cleas maith le níos mó tairbhe a bhaint as an lá oibre ná má chuireann tú aithne níos fearr ort féin agus más féidir leat a aithint céard iad na hamanna is fearr duitse le bheith ag obair. Arbh fhearr leat a bheith ag obair ar maidin nó sa tráthnóna? Más féidir leat sin a aithint ionat féin tuigfidh tú céard iad na hamanna is fearr le cruinnithe a eagrú nó na hamanna is fearr le hobair oifige a eagrú duit féin. Má chuireann tú d’fhuinneamh ar fad isteach san obair ag an am is fearr duitse déanfaidh tú níos mó oibre taobh istigh d’achar gairid.

Mar sin, is cuma más bean, fear nó duine neamh-dhénártha thú, tóg sos nuair atá tuirse ort. Ná fán go dtí go mbeidh an tasc sin críochnaithe, nó go dtí an deireadh seachtaine, tóg anois é! Fiú cúpla uair an chloig, lá amháin, seachtain, is cuma ach déan cinnte go mbaineann tú sult as.

Close
Close