An tábhacht le bheith ag siúl i dtreo an tsolais

Michelle Nic Pháidín

Léiríonn an tsiúlóid ón Dorchadas go dtí an Solas go bhfuil mian ag daoine tacú leo sin atá ag fulaingt nó ag streacháilt le deacaireachtaí an tsaoil seo. Cuireadh tús leis an tsiúlóid in 2009, i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, nuair a shiúil 400 duine chun airgead a bhailiú don chumann carthanachta Pieta House. D’fhág na daoine seo lorg a mbróg in ithir na páirce agus iad ag siúl le héirí na gréine ach, níos mó ná sin, d’fhág siad a lorg i gcroí na ndaoine a dtug siad inspioráid dóibh le dul i mbun siúil ó shin amach.

Mar gheall ar an lá cinniúnach sin, tá tús curtha le siúlóidí eile ar dhroim an domhain agus tugann seo neart agus brí don ócáid atá anois greannta i saol agus i meon an phobail sa bhaile agus i gcéin. Tugann na hócáidí seo deis do dhaoine tacaíocht a léiriú dóibh sin atá ag fulaingt – daoine atá faoi ghruaim, a dhéanann dochar dóibh féin, agus i gcuimhne ar dhaoine a chuir lámh ina mbás féin agus lena léiriú do dhaoine eile go bhfuil cuidiú ar fáil.

Go dtí seo, tá beagnach €30 milliún bailithe ag an togra. Úsáidtear an t-airgead chun dea-achmhainní a chur ar fáil do Pieta House. Tá daoine ábalta glaoch a chur ar líne chabhrach 24/7, agus labhairt le duine má theastaíonn uatha é.

Is beag duine nach raibh tionchar ag an fhéinmharú orthu ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile agus is mór an lorg agus an folús a fhágainn a leithéidí sa saol i gcoitinne. Tá an saol seo níos uaigní de bharr gur imirgh na daoine seo uainn róluath. Caithfear a bheith airdeallach gur beag duine a shiúlann tríd an saol seo nach dtagann néal na gruaime orthu ó am go ham. Is beag duine a mbíonn an saol i gcónaí bog orthu. Dar ndóigh, tá daoine mar sin ann, daoine nach mbíonn buaireamh orthu agus is maith sin, ach ní sin mar atá an saol ag an mhórchuid againn agus caithfear aitheantas a thabhairt dó seo.

I mo shaol féin, is minic a thug mé cuairt ar dhaoine san aonad meabhairshláinte. Níor thuig mé ariamh an fáth a mbaineann stiogma leis na háiteanna seo. Is cuimhin liom sna seanlaethanta go raibh na haonaid seo an-difriúil ar fad, bhí an t-atmasféar éagsúil. Aineolas ba chúis leis sin. Fiú agus mé ní b’óige thuig mé seo agus bhí trua agam do na daoine a bhí istigh sna haonaid de bharr na heaspa oideachais a bhí ar an phobal faoi na fadhbanna a bhí acu. Caithfear a bheith réalaíoch faoi seo: má tá cos bhriste ort, téann tú chuig an otharlann le leigheas a fháil, mar sin cén difear atá idir an otharlann agus an t-aonad meabhairshláinte? Níl iontu ach dhá áit ina dtig leat leigheas a fháil duit féin, sin tús agus deireadh an scéil.

Tá sé níos crua an díobháil a fheiceáil ar ár n-intinn agus uaireanta ní bhíonn muid ag iarraidh an díobháil a aithint ar chúis amháin nó ar chúis eile ach is láidreacht atá ann cuidiú a lorg nuair atá cuidiú de dhith orainn agus ní minic go leor a deirtear seo linn.

Má tá lámh briste ort tá tú amuigh san otharlann láithreach bonn agus léiríonn x-gha an briseadh. Ar an drochuair, ní hionnan sin agus an intinn. Tá sé de nós againn gan rud ar bith a rá faoin tinneas intinne - déanann muid é a fhágail, ag súil go bhfaigheann muid biseach thar oíche ach i gcásanna áirithe ní mar sin a mbíonn sé.

Tá sé níos tábhachtaí an díobháil a fheiceáil san intinn mar go dtuigeann muid uilig an toradh a thig a bheith le tinneas intinne muna bhfaightear leigheas air. Tá iarmhairtí tromchúiseacha ann muna dtéitear go croí an scéil, mar sin caithfear cuidiú a lorg agus is iad áiteanna ar nós Pieta House atá anois á chur ar fáil do dhaoine atá ag streacháilt leis an saol agus is rí-mhaith an obair atá idir lámha acu. Is cinnte go bhfuil comhairlea curtha ar fáil acu do na mílte duine agus gur iomaí sin duine ar thóg siad ualach uathu agus a dtug siad stiúir dóibh a shábháil a mbeatha.

Na daoine a d’éirigh maidin Dé Satharn agus a chuir orthu péire bróg siúil le siúl le chéile i dtreo an tsolais - is iad seo na daoine atá ag fagáil lorg dearfach sa saol, is uathsan a eascraíonn an t-airgead leis na seirbhisí riachanacha seo a chur ar fáil.

Maidin Dé Satharn agus mé ag tiomáint i dtreo Mhachaire Uí Rabhartaigh, bhí sé deacair gan bheith bródúil nuair a chonaic mé soilse ar lasadh i bhfuinneogaí tithe, bhí sé doiligh gan aoibh an gháire a dhéanamh agus soilse na gcarranna a fheiceáil ag fíodóireacht fríd gleanntain agus cnoic ag déanamh a mbealaigh chun difear a dhéanamh i saol daoine eile. An féidir luach a lua leis an mhothúchan seo? Ní féidir, a chairde, níl luach leis an dea-obair a dhéantar i mbailte, i gcathracha agus i dtíortha an domhain lá amháin sa bhliain nuair a thagann éirí na gréine, le breacadh an lae ghil, agus múchann sí an scála dubh atá ár leanstan ó dhorchadas go solas. 

Close
Close